Slán fágtha ag Aidan O’Mahony le geansaí Chiarraí

Tá sé fógartha ag Aidan O’Mahony go bhfuil sé ag éirí as an imirt idirchontae i ndiaidh 14 bliain le Ciarraí

Slán fágtha ag Aidan O’Mahony le geansaí Chiarraí

Iarimreoir Chiarraí, Aidan O'Mahony. INPHO/Ryan Byrne

Fógraíodh ar maidin go bhfuil cinneadh déanta ag cosantóir Chiarraí Aidan O’Mahony éirí as a bheith ag imirt dá chontae.

Chaith O’Mahony geansaí an chontae den chéad uair in 2004 agus tá cúig bhonn uile-Éireann buaite aige (2004, 2006, 2007, 2009, 2014). D’imir sé 70 cluiche craoibhe don chontae, gaisce a chuireann fear na Rátha Móire sa séú háit ar liosta na n-imreoirí is mó a d’imir cluichí craoibhe do Chiarraí.

Ba é an cluiche leathcheannais na hÉireann a chaill Ciarraí i gcoinne Bhaile Átha Cliath anuraidh an cluiche deireanach a d’imir sé don chontae.

I ráiteas a thug sé do bhord an chontae, deir O’Mahony, a bheidh 37 bliain d’aois an samhradh seo, gurb é seo “an t-am ceart” éirí as an bhfoireann.

“Is mór an onóir a bhí ann geansaí Chiarraí a chaitheamh le 14 bliain anuas ag leibhéal na sinsear agus táim ag fágáil agus ómós ar leith agam do na himreoirí cumasacha uile a d’imir liom i rith an  ama sin. Táim fíorbhuíoch den tacaíocht uile a thug mo chuid comhimreoirí dom in imeacht na mblianta agus tá cairde déanta agam a bheidh agam don chuid eile de mo shaol.”

Ghabh sé buíochas le lucht tacaíochta Chiarraí agus leis na bainisteoirí uile a bhí aige le foirne faoi aois agus sinsir Chiarraí.

Thug bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice, ardmholadh do O’Mahony.

“Ba iontach an tseirbhís a thug Aidan do Chiarraí agus thug sé a raibh aige ar son na cúise ó thosaigh sé in 2003 nuair a thug Páidí [Ó Sé] isteach é. Bhí sé fíorbhródúil as a bheith ag imirt do Chiarraí agus bhí sé sin soiléir aon uair a chaith sé geansaí an chontae.”

Deir Fitzmaurice gur imir O’Mahony i ngach áit i measc na gcosantóirí don chontae agus gur éirigh thar barr leis, ba chuma cén ról a thugtaí dó. Mhol an bainisteoir chomh maith tionchar an chosantóra ar na himreoirí nua atá tagtha isteach ar an bpainéal le cúpla bliain anuas.

“Bhí a chuid ceannaireachta fíorthábhachtach le cúpla bliain anuas agus go leor imreoirí óga ag teacht isteach ar an bpainéal. Thug sé an fhreagracht do na himreoirí seo agus léirigh sé dóibh cad atá ag teastáil chun imirt do Chiarraí. Bhí gach rud a rinne sé bunaithe ar ionracas agus léiriú air sin ab ea sa tslí go mbíodh sé sásta moladh agus spreagadh a thabhairt do gach duine, fiú má bhí sé i gcomórtas díreach leis na himreoirí sin, rud nár tharla rómhinic.”

Is é O’Mahony an dara duine de sheanfhondúirí na Ríochta a d’éirigh ó tháinig deireadh le craobh na bliana seo caite. D’éirigh Marc Ó Sé as ag deireadh na bliana seo caite agus 88 cluiche craoibhe imeartha aige do Chiarraí.

Táthar fós ag fanacht ar scéala ó Kieran Donaghy agus Colm Cooper maidir lena bpleananna do 2017, ach meastar go bhfanfaidh siad beirt ag imirt do Chiarraí.

Fág freagra ar 'Slán fágtha ag Aidan O’Mahony le geansaí Chiarraí'