Tá bean seoigh phléisiúrtha ghéarchúiseach choinsiasach imithe uainn go domhan na síoraíochta.
Éinne a chuala í ná a bhuail le Nell McCafferty siar amach ní dheineadar dearúd uirthi go fuirist.
Bhí gearradh agus greann i ngach siolla dá dtáinig as a beola. Scairteadh breá gáire aici anuas air sin.
Bean a tháinig chugainn ó Dhoire, bean go raibh taithí na mblian aici ar throid ar son cearta daonna ina paróiste féin.
Phrioc sí agus dhúisigh sí coinsias an phobail ó dheas, iad siúd a bhí sásta éisteacht, maidir le staid daoine gan cumhacht ná údarás a bhí mórthimpeall orainn.
Thug sí léargas ar thaithí dhaoine bochta a tháinig os comhair na cúirte agus mar a caitheadh leo ansin.
Ní róshásta a bhí na ‘húdaráis’ lena raibh sa scáthán a thaispeáin sí.
Sa Táin go deo a bheidh Nell – an t-iriseoir agus feimineach ceannródaíoch Nell McCafferty básaithe
Cuireadh deireadh leis an tsraith agus is beag cuntas chomh láidir atá le léamh againn go dtí an lá inniu féin.
Léirigh sí an ghéarchúis chéanna agus í ag trácht ar scannal a bhain leis an mbean óg agus a teaghlach ó Mhainistir Ó dTorna i gCiarraí Thuaidh. Bean a fuair sciúrsáil phoiblí ós na meáin, na Gardaí agus Breithiúna cúirte.
Ach an aithne is fearr a chuir an bpobal ar Nell ná aithne na teilifíse ar The Women’s Programme nuair a bhíodh sí le clos go rialta ag cur ‘comhairle’ ar a ‘deirféaracha’ in aon ghné dá saol, go háirithe neamhspleáchas intinne is iompair.
Chuaigh sí i bhfeidhm ar mhórán.
Ón aithne bheag a bhí agam fhéin uirthi bhí cineáltas agus spleodar inti. Bhí sí sásta agallamh a dhéanamh liom do shraith cláracha a bhí agam ar Raidió na Gaeltachta sna hochtóidí ainneoin í a bheith ar bheagán Gaeilge.
Dhein sí cur síos spleodrach gealgháireach ar shaoire a bhí aici ag foghlaim Gaeilge i Rann na Feirste.
Ó chartlann Raidió na Gaeltachta — Nell McCafferty faoi agallamh ag Seosaimhín Ní Bheaglaoich sa tsraith ‘Insint na mBan’
Agus í féin agus Nuala O’Faoláin ag déanamh clár teilifíse ar bhunú an ghrúpa ban Macalla, thángadar beirt go dtí cleachtadh ceoil a bhí againn anairde staighre i dtigh tábhairne an Four Seasons, Sráid Chapel, i lár chathair Bhleá Cliath i 1985.
‘Nothing downtrodden about this lot!’ ar sise go deisbhéalach.
Cé go raibh sí éifeachtach gealgháireach ní raibh sí gan trioblóidí an tsaoil a bheith ag goilliúint uirthi.
Briseadh a croí de réir dealraimh nuair a thit sí amach le leannán mná a raibh sí mór léi ar feadh cúig mbliana déag.
I bhfocail eile bhí sí daonna ar nós sinn go léir.
Suaimhneas síoraí i measc a ‘deirféaracha feimineacha’ go raibh aici anocht.
Slán abhaile, a Nell. Is boichte sinn i d’éagmais.
Pat Butler
Tá ráite go fíor is go flaithiúil ansin agat, a chara! Bean a chuir sceimhle ar phatrarcacht na Bunaíochta Sé Chontae Fichead nuair a pléasc sí aduaidh chun oibre inár measc le croí maith mór, saighead a hintleachta, a peann míthrócaireach agus séidtóirse na briathra meala a dhó go talamh gaigíní na bréagchráifeachta agus a gcomhbhádóirí faireachán, tláth.
Poblachtánach dílis gan aithreachas go bás ab ea áe Nell. Tá suan síoraí i measc na sinsir tuilte ag a hanam beo uasal.