Sa Táin go deo a bheidh Nell – an t-iriseoir agus feimineach ceannródaíoch Nell McCafferty básaithe

Ní dheachaigh Nell McCafferty ar chúl scéithe riamh agus í ag cosaint chearta na mban, na mbocht agus na ndaoine sin a ndearnadh éagóir orthu

Sa Táin go deo a bheidh Nell – an t-iriseoir agus feimineach ceannródaíoch Nell McCafferty básaithe

Tá an t-iriseoir, an t-údar agus an feimineach ceannródaíoch Nell McCafferty imithe uainn ar shlí na fírinne.

Bhí sí ceithre scór bliain d’aois.

Moch maidin inniu a shéalaigh Nell san ionad altranais i gcontae Dhún na nGall ina raibh cónaí uirthi le tamall.

I nDoire Cholmcille a rugadh Nell McCafferty i 1944, duine den seisear clainne a bhí ag Hugh agus Lily McCafferty ina dteach i dTaobh an Bhogaigh. Bhí sí ar na chéad mhic léinn Chaitliceacha ar tugadh cead dóibh freastal ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Rinne sí staidéar ar na Dána ansin agus bhí sí gníomhach i bpolaitíocht na gceart sibhialta.

Sna fichidí di, chuir sí tús lena gairm iriseoireachta agus is iomaí leabhar a tháinig óna peann – Peggy Deery A Derry Family at War, Nell, In the Eyes of the Law agus The Best of Nell ar chuid díobh.

Bean mhisniúil ab ea Nell agus nuair a bhí an córas dlí sa tír ag tromaíocht ar Joanne Hayes sa gcás dlí ar tugadh leanaí Chiarraí air, sheas Nell an fód go daingean in aghaidh na héagóra a chonaic sí agus í ag obair sa gcúirt agus léirigh sí an  tromaíocht sin ina leabhar A Woman to Blame.

Scríobh sí faoi na mná Poblachtánach a bhí i ngéibheann in Ard Mhacha agus neamhaird déanta ar a bhfulaingt ina leabhar The Armagh Women.

Bhí Nell McCafferty ar dhuine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Saoirse Mhná na hÉireann i 1970.

Sa Táin go deo a bheidh Nell agus na baill eile den Ghluaiseacht a chuaigh ar an traein go Béal Feirste  i 1971 mar agóid in aghaidh an chosc a bhí an taobh seo den teorainn ar fhrithghiniúnaigh a iompórtáil ná a dhíol. Tharraing an beart poiblíochta sin caint is díospóireacht ar fud na tíre agus thar sáile agus baisteadh Traein na bhFrithghiniúnach uirthi.

Ceann de na colúin is mó a tharraing cáil agus meas ar an iriseoir na colúin a bhíodh aici san Irish Times ó 1969 go 1977, In the Eyes of the Law . Scríobh sí sa gcolún sin faoi na cúirteanna sa Bridewell, seanfhoirgneamh ó ré Victoria a raibh an-drochbhail air agus ina bpléití cásanna a bhain le dlí teaghlaigh, cásanna a bhí truamhéalach níos minice ná a mhalairt. Níor chuir Nell fiacail ann faoin ainnise is an cruatan a d’fhulaing mná is leanaí i bpríomhchathair na poblachta ach chosain sí i gcónaí dínit agus príobháideachas na ndaoine sin.

Ní dheachaigh Nell ar chúl scéithe riamh agus í ag cosaint chearta na mban, na mbocht agus na ndaoine sin a ndearnadh éagóir orthu.

Rinne sí obair iriseoireachta leis an Irish Times, an Sunday Tribune, Hot Press agus an Village Voice. Bhí an-tóir uirthi ar phainéil chainte ar raidió agus ar teilifís agus ba mhinic í ar an Late Late Show le Gay Byrne.

Ina cuimhní cinn Nell, a foilsíodh in 2004, cuireann sí síos ar an saol a chaith sí ag feachtasaíocht ar son chearta do mhná agus an bhaint a bhí aici leis an ngluaiseacht cearta sibhialta ó thuaidh den teorainn.

Mhol an t-iriseoir Susan McKay, Ombudsman an Phreasa in Éirinn, Nell McCafferty inniu.

“Iriseoir iontach a bhí inti, iriseoir a bhí fíorcheannródaíoch,” a dúirt McKay ar BBC Radio Ulster.

“D’athraigh sí an chaoi ar scríobh agus a ndearna muidne a tháinig ina diaidh an iriseoireacht, mar chuaigh sise caol díreach go dtí na daoine.”

“Tá a fhios agat, má bhreathnaíonn tú siar ar iriseoireacht a rinneadh roimh Nell agus go deimhin roimh roinnt ban chumasach eile lena linn, níor fiafraíodh riamh de ghnáthdhaoine céard a cheap siadsan. Fir a scríobh agus a cheap gurbh acu féin ab fhearr a bhí a fhios cén chaoi le hanailís a dhéanamh ar an saol.”

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gur “ceannródaí a bhí inti a chuir na ceisteanna crua, ceisteanna ba chóir a chur ach a bhí brúite faoi chois, folaithe nó neamhaird déanta orthu. B’in an ghné ab iontaí faoina cuid oibre ó thosaigh sí ag obair”.

“Bhí sé de phribhléid agam féin agus ag Saidhbhín Nell a bheith mar chara againn agus chonaiceamar a neart, a láchas, a misneach agus a hacmhainn grinn. Aireoimid uainn go mór í.”

Dúirt an Taoiseach Simon Harris, gurbh “iriseoir fíochmhar, teasaí, gan eagla” ab ea McCafferty “ar gheall le léasar í ag díriú ar an éagothromaíocht agus ar an éagóir agus á bhfógairt don saol mór”.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gurbh “iriseoir agus feachtasóir eisceachtúil” a bhí i Nell  McCafferty, gurbh í “guth a linne a chuidigh le feabhas mór a chur ar chearta sibhialta agus ar chearta na mban”.

Mhol Michelle O’Neill, Céad-Aire Stormont agus Leas-Uachtarán Shinn Féin, Nell McCafferty freisin.

“Duine éachtach a bhí i Nell McCafferty i saol na hiriseoireachta in Éirinn, bean a bhí an-chróga agus an-ionraic. Bhí sí tábhachtach freisin le linn phróiseas na síochána agus Chomhaontú Aoine an Chéasta.

“Bean í a bhí bródúil as a háit dúchais Doire, agus cronóidh gach a raibh aithne acu uirthi gaois, acmhainn grinn agus umhlaíocht Nell go géar. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá muintir agus dá cairde ag an tráth uaigneach seo.

Fág freagra ar 'Sa Táin go deo a bheidh Nell – an t-iriseoir agus feimineach ceannródaíoch Nell McCafferty básaithe'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An oíche a tháinig TnaG ar an saol, Oíche Samhna 1996, cuireadh Nell Mc Cafferty siar go Conamara le tuairisc a scríobh – don Sunday Tribune, más buan mo chuimhne – faoin oíche stairiúil. Bhí dhá cheiliúradh ar bun agus an stáisiún nua teilifíse ag teacht ar an saol : ceann mór oifigiúil i mBaile na hAbhann leis na móruaisle ó RTÉ agus ón saol polaitíochta i láthair agus ceann eile i Ros Muc agus ar Chnoc Mordáin, áit ar lasadh tine cnáimh ag an spota as a chraoladh Teilifís na Gaeltachta i 1987. Siar go Ros Muc a chuaigh Nell Mc Cafferty i dtosach le bheith in éindí le Meitheal Theilifís na Gaeltachta, agus iad ag ceiliúradh fíorú na físe a bhí acu nuair a cuireadh TnaG ar an aer, mar stáisiún teilifíse bradach.