Síorimní agus siopaí dúnta –  drochbhliain do scríbhneoirí agus foilsitheoirí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: A bhuíochas leis an gcoróinvíreas, bhí bliain aisteach ag chuile dhuine in earnáil na litríochta

Síorimní agus siopaí dúnta –  drochbhliain do scríbhneoirí agus foilsitheoirí

Siopaí leabhar dúnta. Seoltaí curtha ar ceal. Imeachtaí fíorúla. An coróinvíreas ag teacht eadrainn féin, codladh na hoíche agus na tograí scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta a bhí idir lámha againn.

Bhí bliain aisteach ag chuile dhuine in earnáil na litríochta.

Bhí saghas dóchas ann nuair nach raibh ráig an Covid-19 ach ina tús: agus muid sáinnithe sa teach, bheadh am againn faoi dheireadh tabhairt faoin úrscéal sin a bhí beartaithe againn a scríobh! Ach bhuail an t-údar as Meiriceá Curtis Sittenfeld an tairne ar an gcloigeann nuair a dúirt sí, thiar sa Mhárta, i dtvuít a scaip go mear, nach ionann ar chor ar bith ‘a bheith ag obair sa bhaile’ agus ‘a bheith ag obair sa bhaile agus paindéim ar siúl’.

Easpa codlata. Síorimní. Páistí agus céilí ag cur isteach ar ár gcuid oibre. Míle deacracht le sárú ar bhonn laethúil a bhuíochas leis na srianta dianghlasála. Agus má bhí an mí-ádh ort Covid-19 a tholgadh, mar a bhí orm féin: an tuirse, an easpa fócais agus an easpa fuinnimh a leanann an galar sin.

Cuireadh ceist orm i gceardlann scríbhneoireachta a thug mé ar Zoom an mhí seo caite ar cheap mé go raibh sé níos deacra tabhairt faoi obair chruthaitheach ó thosaigh an phaindéim.

Ceapaim go bhfuil.

Tá a fhios agam go bhfuil scríbhneoirí ann a d’fhoilsigh dánta nó gearrscéalta a scríobhadh le linn na paindéime agus a dhéanann tagairt di, fiú amháin. Ach níor chuir mé féin tús le hoiread agus togra nua ó bhí an Márta ann, agus tá mórchuid scríbhneoirí a bhfuil aithne agam orthu ar an gcaoi chéanna.

Ar ámharaí an tsaoil bhí barr feabhais le cur agam fós ar úrscéal a shíl mé a bhí críochnaithe agam díreach sular thosaigh an phaindéim, ach nach raibh.

Ní hamháin go bhfuil sé éirithe níos deacra leabhair a scríobh, dealraíonn sé go bhféadfadh sé éirí i bhfad níos deacra amach anseo iad a fhoilsiú agus a dhíol. In ainneoin an éilimh a bhí ar ríomhleabhair i dtús na paindéime, bhí fíor-dhrochbhliain ag foilsitheoirí agus ag siopaí leabhar araon.   

Ní mholfainn d’éinne tabhairt faoin scríbhneoireacht ar mhaithe leis an airgead, ach gan dóchas ar bith ar chúiteamh éigin ní fiú tabhairt fúithi ar chor ar bith. Níos mó ná riamh, tá scríbhneoirí, agus chuile dhuine in earnáil na litríochta, ag brath ar na léitheoirí.

Leis sin, guífidh mé Nollaig Shona agus athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise oraibh ar fad.

Fág freagra ar 'Síorimní agus siopaí dúnta –  drochbhliain do scríbhneoirí agus foilsitheoirí'