Siopaí á n-oscailt arís ar fud na tíre agus cead ag daoine cuairt a thabhairt ar thithe a chéile

100 lá ó deimhníodh an chéad chás de Covid-19 in Éirinn, tá an galar curtha faoi chois agus tús á chur leis an dara céim de scaoileadh na srianta dianghlasála

Siopaí á n-oscailt arís ar fud na tíre agus cead ag daoine cuairt a thabhairt ar thithe a chéile

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Nach mór trí mhí ó cuireadh an Stát faoi chuibhriú, bogfar ar aghaidh inniu go dtí Céim 2 den phlean, nó Céim 2 Plus, mar a thug an Taoiseach uirthi i ndiaidh dó á fhógairt go mbeadh níos mó srianta á scaoileadh ná mar a bhí beartaithe.

Tá cead oscailte arís ag siopaí na tíre inniu agus tá cead chomh maith ag daoine cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ina dtithe agus taisteal níos faide ó bhaile.

100 lá ó deimhníodh an chéad chás de Covid-19 in Éirinn, tá an galar curtha faoi chois ach an baol ann i gcónaí go dtiocfaidh ráig eile de.

Bhí siopaí ó cheann ceann na tíre ag ullmhú le linn an deireadh seachtaine chun oscailt inniu den chéad uair  ó mhí an Mhárta agus socruithe á ndéanamh acu chun cloí leis an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí agus treoracha an Rialtais maidir leis an scoitheadh sóisialta.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar nach rialacha rialtais a bheidh i gceist leis an bhfeachtas i gcoinne an choróinvíris feasta “ach athrú fadtéarmach ar an gcaoi a gcaithimid an saol”.

Lá dóchais a bhí ann, a dúirt sé agus scaoileadh na srianta á fhógairt aige.

2,216 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,679 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna inné go raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus go raibh 25 cás nua den ghalar deimhnithe.

Níor fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt aon bhás eile inné agus níor deimhníodh ó thuaidh ach sé chás nua. Meastar go bhfuil líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 537.

29,997 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,201 cás ó dheas den teorainn agus 4,796 cás ó thuaidh.

Tá dlús á chur inniu leis na pleananna d’athoscailt na tíre agus plean ceithre thréimhse déanta den phlean díchuibhrithe cúig thréimhse a fógraíodh an mhí seo caite.

Tá an glas á scaoileadh tráth a bhfuil na cainteanna idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas maidir le bunú rialtais nua fós ag dul ar aghaidh. Bhí cruinniú ag ceannairí na bpáirtithe sin inné agus dúradh i gcomhráiteas  a cuireadh amach ina dhiaidh gur cruinniú tairbheach a bhí ann. Tá ceithre mhí ann inniu ó reáchtáladh an t-olltoghchán.

In áit ‘Fan sa mBaile’ is í an chomhairle feasta ‘Fan sa Cheantar’ mar tá deireadh inniu leis an teorainn 5 chiliméadar agus idir seo agu Lá’l Peadar is Pól, an 29 Meitheamh, féadfaidh tú dul aon áit i do chontae féin nó go dtí contae eile má tá sé i ngiorracht 20 ciliméadar de do bhaile.

Féadfaidh suas le seisear cuairt ghearr thabhairt ar theaghlach eile ach fanacht dhá mhéadar amach uathu.

Daoine atá i gcontúirt mhór ón víreas de bharr aoise, cóir leighis nó éalang eile, féadfaidh líon beag daoine cuairt a thabhairt orthu ina dteach féin.

Caithfidh na cuairteoirí sin miotóga agus mascanna a chaitheamh agus fanacht dhá mhéadar amach ón té a bhí cuibhrithe.

Iarrfar ar na siopaí am ar leith a chur i leataobh go speisialta do na seandaoine agus aon duine eile atá goilliúnach agus miotóga a chur ar fáil. Ba cheart do chustaiméirí masc nó clúdach éadain a chaitheamh sa siopa.

Féadfaidh siopaí a bhfuil doras amach ar an tsráid acu oscailt inniu ach caithfear srian a choinneáil ar an líon daoine a bheidh istigh ag aon am agus aird a thabhairt ar an scoitheadh sóisialta.

Beidh cead oscailte ag marglanna freisin ach iad a bheith ábalta an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Ón lá inniu, beidh cead ag 25 duine freastal ar shochraid in áit an deichniúr a bhí ceadaithe ó tugadh isteach na srianta.

Osclófar páirceanna spraoi chomh maith inniu ach caithfear maoirseacht agus glanadh a dhéanamh orthu.

Fógraíodh freisin go mbeadh cead ag campaí samhraidh a eagrú ach gan níos mó na 15 duine a bheith in aon ghrúpa amháin.

Tá cead tugtha ag na hAirí i bhFeidhmeannas Stormont cuid de na srianta atá i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn a scaoileadh inniu chomh maith.

Beidh cead ag thart ar 80,000 duine atá sna grúpaí is mó atá i gcontúirt ón Covid-19 dul amach faoin aer le baill teaghlaigh dá gcuid agus bualadh le duine amháin as teach eile.

Beidh cead ag roinnt siopaí nach siopaí bia iad athoscailt – seomraí taispeántais carranna, siopaí earraí leictreachais, siopaí fón agus a leithéid.

Féadfaidh cúirteanna spóirt faoin aer, traenálaithe capall agus lucht grúmaeireachta gadhar oscailt ón Luan.

Beidh cead searmanais phósta agus páirtnéireachtaí sibhialta a reáchtáil amuigh faoin aer ach gan níos mó ná deichniúr a bheith i láthair acu.

Beidh cead ag óstáin glacadh le réamháirithintí go dtí go mbeidh cead oscailte acu i mí Iúil.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine thuaidh agus theas cloí i gcónaí leis na beartais a chuidigh le scaipeadh an ghalair a choimeád faoi chois go n-uige seo, an scoitheadh sóisialta, an níochán lámh agus an féinleithlisiú.

“Is é iompar pearsanta an duine a choinneoidh an galar seo faoi chois amach anseo,” arsa Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan.

Fág freagra ar 'Siopaí á n-oscailt arís ar fud na tíre agus cead ag daoine cuairt a thabhairt ar thithe a chéile'