Síocháin sna Tóraithe? B’fhéidir, ní móide agus níl ann ach drochsheans!

Is cuma ann nó as do Theresa May, tá an scoilt sna Tóraithe chomh mór is a bhí riamh

Síocháin sna Tóraithe? B’fhéidir, ní móide agus níl ann ach drochsheans!

Inseoidh Theresa May dúinn an mhí seo chugainn cén clár ama atá aontaithe don chomórtas le ceannaire nua a thoghadh ar an bPáirtí Caomhach. Cén fhad a mhairfidh an próiseas ar fad agus cé a roghnófar? Tá liosta le háireamh iarrthóirí ag teacht chun cinn ach is cuma ann nó as May níl aon réiteach aimsithe ar an mbunfhadhb atá ag an bpáirtí.

Tá siad scoilte mar gheall ar cheist an Aontais Eorpaigh agus tá siad amhlaidh ó ghlac an Bhreatain ballraíocht sa gcomhphobal Eorpach sna seachtóidí. Mheas David Cameron gurb é an bealach le deireadh a chur leis an aighneas ná rogha a thabhairt do phobal na Breataine i leith na hEorpa. An teoiric a bhí ann go nglacfadh an pobal leis an rogha fanacht san Aontas agus go gcuirfeadh sin deireadh leis an gcaint agus go gcuirfeadh sé faoi ndeara dóibh siúd a bhí amhrasach faoin Eoraip athmhachnamh a dhéanamh.

Ní mar a shíltear a bhítear agus vótáil pobal na Breataine ar son imeacht as an
Aontas Eorpach. Sin beagnach trí bliana ó shin ach níl aon dul chun cinn déanta ag an mBreatain maidir leis an bpróiseas imeachta. Más tada é is amhlaidh atá níos mó deighilte agus amhrais ná riamh faoi cén bealach a n-imeoidh siad as an Aontas agus cén múnla a bheidh ar an gcaidreamh idir an dá dhream amach anseo. Tá dréachtsocrú déanta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach ó mhí na Samhna seo caite. Tá diúltaithe ag an bParlaimint in Westminster don dréachtshocrú sin trí bhabhta anois.

Tá na cainteanna comhréitigh idir an Lucht Oibre agus an rialtas tagtha chun críche. Iontas na n-iontas níor éirigh leo. Níor mheas mórán ó thús deireadh go n-éireodh. Tuigeann Jeremy Corbyn go maith go bhféadfadh aon cheannaire nua ar na Caomhaigh droim láimhe a thabhairt le haon socrú a dhéanfaí. Cá bhfágann sin an scéal mar sin?

Tá an dréachtsocrú le cur faoi bhráid na Parlaiminte arís sa gcéad sheachtain de mhí an Mheithimh. Diúltófar dó.

Níl caint Theresa May go n-éireoidh léi an beart a dhéanamh roimh an samhradh i gclár ná i bhfoirm. Ag an tráth sin tiocfaidh Theresa May agus Graham Brady le chéile le clár ama a leagan amach le ceannaire nua a roghnú. Cén fhad a thógfaidh an próiseas sin? Má leanann cúrsaí mar atá agus líon mór iarrthóirí tar éis a gcuid ainmneacha a chur chun cinn, beidh an próiseas fada. Tá caint i measc tráchtairí go mbeidh an próiseas thart faoi dheireadh mhí Iúil. Tráchtairí eile ag caint ar mhí Mheán Fómhair.

Ritheann sé liom gur beag caint atá ar mhí Dheireadh Fómhair. Sin an sprioc atá socraithe leis an Aontas Eorpach. Ag brath ar an gceannaire a roghnófar agus cén leagan amach a bheidh ar cheist na hEorpa, d’fhéadfadh deacrachtaí nua sa bpróiseas sin teacht chun cinn. Cén fáth? Mar go bhfuil an oiread eití agus tuairimí sa bpáirtí Caomhach faoin Aontas Eorpach agus a bhí an chéad lá. Má éiríonn le ceannaire nua síocháin a chothú sa bpáirtí, b’fhéidir go bhféadfaí fuascailt éigin a fháil ar an scéal ar fad.

Ach mar a deir an seanrá, b’fhéidir, ní móide agus níl ann ach drochsheans!

Fág freagra ar 'Síocháin sna Tóraithe? B’fhéidir, ní móide agus níl ann ach drochsheans!'