‘Raic’ le tógáil sa Dáil faoina laghad ama atá á thabhairt do dhíospóireacht Dála faoi Bhille Teanga

Tá trí uair an chloig curtha ar leataobh Dé Céadaoin don phlé ag Céim na Tuarascála d'aistear an Bhille Teanga trí Thithe an Oireachtais, ach ní leor é a deir Sinn Féin

‘Raic’ le tógáil sa Dáil faoina laghad ama atá á thabhairt do dhíospóireacht Dála faoi Bhille Teanga

Níl sé curtha as an áireamh ag príomhpháirtí an fhreasúra, Sinn Féin, go siúlfar amach as an Dáil Dé Céadaoin mar agóid in aghaidh chur chuige an Rialtais i leith achtú an bhille teanga.

Roimhe sin, cuirfidh an freasúra a míshástacht in iúl sa Dáil inniu faoina laghad ama atá leagtha síos i gclár na Dála don phlé ar na leasuithe ar an bhille teanga.

Trí uair an chloig atá curtha ar leataobh do Chéim na Tuarascála den bhille sa Dáil Dé Céadaoin, an chéim leathdheireanach d’aistear an Bhille trí Thithe an Oireachtais.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Aengus Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go mbeidh “raic” á tógáil ag an fhreasúra faoin “srian” atá curtha ar an phlé ar leasuithe an bhille teanga.

“Níor chóir go ndéanfaí “gilitín” ar an bplé faoi na leasuithe atá molta don bhille teanga agus tógfaidh muid raic faoi. Tá muid an-mhíshásta faoina laghad ama atá tugtha don phlé faoi na leasuithe ar an bhille.

“Tá sé chomh tábhachtach sin go rithfí an bille seo agus níl muid ag iarraidh go mbeidh a thuilleadh moille i gceist ach ní chóir go mbeadh aon srian ar an bplé,” a dúirt sé.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go ndearnadh “mionphlé” ar leasuithe agus argóintí an fhreasúra ag céim an Choiste den bhille agus gur tugadh “géar-éisteacht” d’Aengus Ó Snodaigh agus Teachtaí Dála agus Seanadóirí eile le linn an phlé sin a mhair 25 uair an chloig ar fad.

Breis is 300 leasú a pléadh le linn na díospóireachta sin agus tá leagan leasaithe de 235 díobh curtha ar aghaidh ag Sinn Féin don chéad chéim eile den bhille, Céim na Tuarascála sa Dáil.

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh duine ar bith ag súil go gcaithfí “25 uair an chloig eile” ar an bhille ag céim na Tuarascála, ach go rabhadar ag iarraidh go mbeadh plé “ceart” ann faoi na leasuithe.

32 leasú atá á moladh ag an Rialtas don chéad chéim eile den bhille teanga nua sa Dáil, lena n-áirítear leasú a leagfadh sprioc dhaingean síos gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Ghéill Aengus Ó Snodaigh go raibh an rialtas “i ndiaidh bogadh” maidir lena lán de na leasuithe a bhí molta i leith an bhille ach dúirt sé go raibh seans ann go mbeadh “gníomh láidir” de dhíth lena chinntiú go mbeadh an bille “chomh láidir” is a d’fhéadfadh sé a bheith.

In 2012, shiúil lucht an fhreasúra amach as an Dáil chun a míshástacht a chur in iúl faoi chur chuige an rialtais i leith Acht na Gaeltachta 2012. Níor glacadh le haon leasú de chuid an rialtais an lá sin agus d’fhág imeacht an fhreasúra go raibh ar an iarAire Stáit Gaeltachta Dinny McGinley a chuid cainte go léir a dhéanamh agus gan duine ar bith trasna uaidh i seomra na Dála.

“Tarlaíonn sé anois agus arís go mbíonn raic níos mó de dhíth ná díreach vóta agus beidh an páirtí [Sinn Féin], ag déanamh a mhachnaimh faoi ghníomh mar sin,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tá deich mbliana ann an mhí seo ó tosaíodh ag gealladh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Fág freagra ar '‘Raic’ le tógáil sa Dáil faoina laghad ama atá á thabhairt do dhíospóireacht Dála faoi Bhille Teanga'