Sinn Féin atá chun cinn ar Fhine Gael agus Fianna Fáil i ndiaidh an olltoghcháin, de réir na pobalbhreithe díreach i ndiaidh na vótála.
Sciar 21.1 de na vótaí céadrogha atá ag Sinn Féin, de réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos B&A do TG4, RTÉagus an Irish Times.
Sa dara háit, bhí Fine Gael agus 21% acu agus bhí Fianna Fáil sa triú háít agus 19.5% de na vótaí céadrogha acu.
Bhí na Daolathaithe Sóisialta ar 5.8%, bhí Páirtí an Lucht Oibre ar 5% agus 4% a bhí ag an gComhaontas Glas.
3.6% a bhí ag Aontú agus 3.1% de na vótaí céadrogha a bhí ag Pobal seachas Brabús.
2.1% a bhí ag Independent Ireland agus 12.7% a bhí ag iarrthóirí neamhspleácha. 1.9% de vótaí céadrogha a mheall iarrthóirí eile.
Chuaigh muintir na hÉireann chuig na botháin vótála inniu chun an líon is mó Teachtaí Dála riamh ó bunaíodh an stát a thoghadh.
Osclaíodh doirse na mbothán vótála ar maidin ag a 7 am agus bhí cúig uaire déag ag muintir na tíre lena vóta a chaitheamh sular dúnadh na doirse sin arís ag a 10.00pm.
Ar mholadh ón gCoimisiún Toghcháin, cuireadh ceithre cinn déag eile le líon na suíochán Dála don olltoghchán seo, ó 160 sa 33ú Dáil go 174 Teachta sa 34ú Dáil.
A bhuíochas don mhéadú sin, teastóidh tacaíocht 87 Teachta Dála sa gcéad Dáil eile, an 34ú Dáil sa stát, le tromlach a bheith ag an Rialtas – dhéanfadh 80 vóta cúis sa Dáil dheireanach.
Seán Mag Leannáin
Toradh suntasach ag SF, más fíor, agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe. Rinne Mary Lou gaisce. Le linn an fheachtais d’éirigh léi dul i gcion go mór ar phobal na tíre in ainneoin na gconstaicí uilig a cuireadh roimpi.