Sinn Féin agus an DUP ag súil le teachtaireachtaí éagsúla ón bpobal

Faoi scáth thoghchán na gcomhairlí táthar ag iarraidh ar dhaoine a bheith páirteach i ‘reifreann’ faoi chur chuige an DUP

Sinn Féin agus an DUP ag súil le teachtaireachtaí éagsúla ón bpobal

Amárach rachaidh pobal Thuaisceart Éireann chuig na bothanna vótála chun 462 comhairleoir a thoghadh do 11 údarás áitiúil. Déanfaidh cuid acu é ar aon nós ach díol suntais é go bhfuil imní ar pháirtithe go mbeidh an tinreamh íseal, níos isle ná mar is gnách fiú amháin.

B’údar buartha é nár chaith ach 53% vóta sna toghcháin áitiúla ceithre bliana ó shin – ráta i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn i dtoghcháin Westminster nó Stormont.

Cé a thógfadh ar dhaoine a bheith patuar agus díomách? Anuraidh chaith 64.8% de na toghthóirí vóta i dtoghchán an Tionóil; bhí sé fánach acu. Chinntigh baghcat an DUP nár deineadh blas oibre ar mhaithe leis an bpobal in Stormont ó shin.

Anois faoi scáth thoghchán na gcomhairlí táthar ag iarraidh ar dhaoine a bheith páirteach i reifreann faoi chur chuige an DUP. Tá Jeffrey Donaldson ag iarraidh ar an bpobal aontachtach a chinntiú go mbeidh an DUP ar an bpáirtí is mó sna comhairlí chun tacaíocht a léiriú dá sheasamh in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta.

Ar an lámh eile tá Sinn Féin ag iarraidh gurb iadsan a bheidh ar thús cadhnaíochta chun stádas Michelle O’Neill mar Chéad-Aire tofa a athdhearbhú agus teachtaireacht a sheoladh chuig an DUP nach ligfear dóibh poblachtánach/náisiúnach a dhícháiliú.

Maíonn Jeffrey Donaldson gurb é feachtas an DUP a thug ar an bPríomh-Aire Sunak agus an tAontas Eorpach Creat Windsor a aontú. D’aontódh móramh gur fíor dó ach níor leor Creat Windsor don DUP. Cé nach léir go beacht cé na hathruithe atá á n-éileamh ó rialtas na Breataine deir Donaldson go seasfaidh an páirtí an fód go ndéanfar leasuithe ar an gCreat a chosnóidh stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.

Maíonn an DUP go bhfuil sé soiléir go bhfuil tacaíocht ag a gcur chuige ó mhóramh na n-aontachtach. Mar sin féin, nuair a bhí forógra thoghchán na gcomhairlí á sheoladh ag Donaldson d’éirigh sé teasaí faoi aontachtaithe eile a bheith ag ‘scoilteadh’ na vótaí.

Níorbh íomhá dhearfach é a bheith ag cur bréaga i leith aontachtaithe eile a dúirt nár ghá imní faoi ‘scoilteadh vóta’ faoin gcóras vótála atá i gceist – ionadaíocht chionmhar. In 2019 bhí farasbarr 17 suíochán ag an DUP ar Shinn Féin ach is léir go bhfuilid imníoch faoin mbagairt ón TUV ar an taobh níos neamhghéilliúla agus ó Alliance ar an taobh eile.

Sé sprioc Shinn Féin a bheith ar an bpáirtí is mó sna comhairlí chomh maith le Stormont. D’éirigh go holc leo sa toghchán in 2019, ní raibh laghdú ar líon a gcomhairleoirí ach chaill siad suíocháin ar Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin, i bhFear Manach agus an Ómaigh agus i Lár Uladh. Beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh iad sin nó cuid acu a bhaint ar ais. Gan dabht thabharfadh an sciar is mó de na vótaí chéad rogha ábhar gaisce dóibh ach sé a mian an líon is mó comhairleoirí a bheith acu.

Chuige sin tá siad ag iarraidh aistrithe a mhealladh ó dhaoine nár dhrann leo cheana – a dteachtaireacht go mbeidís ag fóint ar gach éinne agus gur céad-aire do gach duine a bheadh i Michelle O’Neill.

An leor an choraíocht idir an DUP agus Sinn Féin chun na vótóirí a thabhairt amach? Is iomaí duine a deir gur gá vóta a chaitheamh chun deireadh a chur leis an bpairilis. Ach an ndéanfaidh siad é – ag briseadh a nóis? Sin í an cheist.

Measann go leor gurb iad na vótóirí a thiocfaidh amach an dream is mó atá gafa le feachtas DUP agus Sinn Féin. Fágfaidh sé sin brú mór ar pháirtithe eile, go háirithe an UUP agus SDLP atá ag dul i laige le scór bliain.

Tá Alliance, páirtí na comhghuaillíochta ag súil go leanfaidh siadsan ag fás. Baineann siad vótaí ó dhaoine ó chúlra náisiúnach agus ó chúlra aontachtach. Thairis sin beidh na mionpháirtithe ag cosaint a gcoda, ar a laghad – an Comhaontas Glas, Pobal roimh Bhrabach agus Aontú; beidh an TUV ag iarraidh cur lena stór, iad ag agairt ar vótóirí tacú leo chun a chinntiú nach ngabhfaidh an DUP ar ais go Stormont mura gcuirfear an prótacal/creat Windsor ar ceal ar fad.

Reifreann faoi Stormont, mar sin cé go bhfuil go leor ceisteanna a bhaineann le rialtas áitiúil ag déanamh tinnis don bpobal. Tabharfaidh na torthaí leide dúinn faoin gcúrsa polaitiúil don chuid eile den bhliain. Má bhaineann an TUV suíocháin den DUP beidh gach seans go gcuirfidh Donaldson agus a pháirtí cos i dtaca agus go gcaithfidh rialtais a dhul i ngleic leis an bhfolús in Stormont.

Má bhaineann Alliance, an UUP nó Sinn Féin suíocháin den DUP caithfidh Donaldson bealach éigin a aimsiú chun a ionadaithe neamhghéilliúla féin a smachtú. Má théann Sinn Féin chun tosaigh ar an DUP beidh dúshláin go leor le sárú ag Donaldson; má theipeann ar Shinn Féin an sprioc sin a bhaint amach beidh athscrúdú le déanamh acusan freisin.

Creideann rialtas na Breataine go mbeidh siad in ann margadh a dhéanamh leis an DUP gan mórán moille chun institiúidí roinnt na cumhachta a athbhunú, ach ní raibh a léamh ar Jeffrey Donaldson agus a pháirtí an-chruinn go dtí seo. Fad is atáimid ag fanacht le torthaí, tá an tseirbhís sláinte, an córas oideachais, seirbhísí iompair agus an earnáil dheonach ar an dé deiridh.

Fág freagra ar 'Sinn Féin agus an DUP ag súil le teachtaireachtaí éagsúla ón bpobal'