FÍSEÁN: ‘Sine Bhàn’ á chanadh ag na céadta amhránaí ag deireadh Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban i Steòrnabhagh

Bhailigh na céadta amhránaí os comhair phríomhionad an Mhòd i Steòrnabhagh an deireadh seachtaine seo le clabhsúr a chur ar fhéile bhliantúil chultúir na hAlban

FÍSEÁN: ‘Sine Bhàn’ á chanadh ag na céadta amhránaí ag deireadh Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban i Steòrnabhagh

Chríochnaigh Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban an deireadh seachtaine seo caite tar éis seachtain mhór cheiliúrtha ar an nGàidhlig agus ar chultúr Gaelach na hAlban.

Cuireadh clabhsúr ar an bhféile, a bhí á reáchtáil san hEileanan Siar i mbliana, nuair a tháinig na céadta amhránaí le chéile os comhair Sgoil MhicNeacail i Steòrnabhagh, áit a raibh formhór na gcomórtas ar siúl i gcaitheamh na seachtaine, chun an t-amhrán ‘Sine Bhàn’ a rá.

Baill de chóir éagsúla agus amhránaithe aonair a ghlac páirt sna comórtais a bhí sa slua a bhailigh os comhair na scoile le slán ceolmhar a fhágáil lenar tháinig chuig na hoileáin le ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht Ghaelach.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Sine Bhàn’ á chanadh ag na céadta amhránaí ag deireadh Mòd Nàiseanta Rìoghail na hAlban i Steòrnabhagh'