Sin é féin an geabstaire…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Sin é féin an geabstaire…

Sin é féin an geabstaire a déarfaí faoi dhuine cainteach. Bhéarfadh sé gearr ar do chaint, le leagan dá chuid féin ar an ní a bheifeá a rá.

Bheadh duine cabach níos contúirtí ná geabstaire, de bhrí go ndéarfadh sé rud nár cheart dó, b’fhéidir.

Bíonn geabstaireacht agus freagracht trasna ar bun ag daoine óga scaití. Éirígí as an ngeabstaireacht a déarfaí leo.

Tamall ó shin bhí Mártan Ó Ciardha ag cur síos anseo ar bheirt a chuala sé ag caint an an mbus. Bhí siad ag geabstaireacht leo i nglan na Gaeilge, a dúirt sé.

Geabaire ainm eile ar an ngeabstaire. Sea agus liopaire, clabaire agus glagaire.

Bíonn geabaire linbh ann – leanbh a bheadh ag giolcaireacht, ag salmaireacht, ag lapaireacht.

Fág freagra ar 'Sin é féin an geabstaire…'

  • Pádhraic

    “Na Giobstairí” an t-ainm a thugadh baill de Chumann Éigse Chois Fharraige orthu féin agus iad ag léiriú sceitseanna agus agallaimh spraíúla trí scór bliain ó shin. Craoladh cuid dá ngreann ar Radio Éireann. Bhí an spás-rás go mór i mbéal an phobail ag an am:
    “Déanfaidh mé rocket as teainceannaí teara,
    Feicfear i nGaillime mé, ‘s thart ar Bhleán Rí.
    Déanfaidh sé ‘forty’ dul timpeall na gealaí,
    ‘S ó chasfar an bealach mé, feicfidh mé Dia.”