Sílim fós go bhfeicfear macasamhail Stormont in oirthear na hÚcráine

Níl amhras ar bith nach gcaithfeadh Richard Hass a thabhairt faoi deara go bhfuil cosúlachtaí idir cás Thuaisceart Éireann agus cás na hÚcráine.

Sílim fós go bhfeicfear macasamhail Stormont in oirthear na hÚcráine

‘Lessons from Northern Ireland could point the way to talks.’

Sin é an teideal a bhí ar alt leis an gcolúnaí Paul Gillespie a foilsíodh san Irish Times an lá faoi dheireadh. Nuair a scríobh mise alt faoin ábhar céanna anseo seo é an ceannteideal a cuireadh air: ‘Sampla Stormont – bunús réitigh san Úcráin.’

Cruinniú a bhí idir toscaireacht as Meiriceá agus ceannairí Rúiseacha san Aibreán seo caite a ghoin aire fhear an Times. Thug sé faoi deara go raibh Richard Hass ar an toscaireacht. Seo é an fear a bhí ina thoscaire speisialta ag George Bush i dTuaisceart Éireann.

Níl amhras ar bith nach gcaithfeadh Richard Hass a thabhairt faoi deara go bhfuil cosúlachtaí idir cás Thuaisceart Éireann agus cás na hÚcráine.

Tá Éire agus an Úcráin críochdheighilte.

Tá greim ag tír eachtrannach ar chúigí de chuid na hÉireann agus tá páirt den Úcráin ag an Rúis.

Tá na mílte daoine i dTuaisceart Éireann atá dílis do Shasana. Tá na mílte in oirthear na hÚcráine atá dílis don Rúis.

Ba bhreá linne dá mbeadh muid in ann na Sasanaigh a dhíbirt as ár dtír ach b’éigean dúinn glacadh le socrú sealadach go drogallach. Is fearr leath ná meath, a dúramar linn féin. Is fearr leath builín ná a bheith gan arán.

Thar rud ar bith eile theastaigh uainn an marú gránna a bhí ar bun a stopadh agus an tsíocháin a chur i réim.

Beidh ar na hÚcránaigh glacadh le socrú sa deireadh nach bua iomlán a bheas ann. Ní hé sin atá tíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a mholadh dóibh ach leanacht orthu ag troid. An Rúis a lagan agus a scrios ar fad dá bhféadfaidís atá i gceist acusan.

Bhí an-dóchas acu as an bhfrithionsaí fíochmhar a gheall na hÚcránaigh ach tá sé sin in ainm is a bheith ar bun le dhá mhí anois agus ní fiú trácht ar a bhfuil de dhul chun cinn déanta acu.

Tá roinnt cúiseanna leis an gcaoi a bhfuil ag teip orthu. Ar an gcéad dul síos tá cóir iontach chosanta curtha ag na Rúisigh orthu féin. Tá daingniúchán den scoth déanta acu idir trinsí, dúnáin, mianaigh, buncair agus fiacla dragain.

Bheadh seans eicínt ag na hÚcránaigh dá mbeadh ceannas san aer acu ach níl. Ag na Rúisigh atá an lámh in uachtar ón taobh sin den choimhlint.

Deireann tíortha an Iarthair go bhfuil siad ag cur diúracáin den scoth chucu ach is minic go mbíonn siad rómhall ag teacht chomh fada leo agus déarfadh cuid de lucht míleata na Gearmáine go mór mór gur ciotach uathu úsáid a bhaint as na diúracáin a thugtar dóibh.

Cén fhad eile a bheas tíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh sásta diúracáin ná airgead a chur chun na hÚcráine? Sin í an cheist mhór. Nuair a rinne CNN pobalbhreith sna Stáit Aontaithe le gairid fuair siad amach go raibh tromlach an phobail ansin in aghaidh tuilleadh cabhrach a thabhairt don Úcráin. Na Poblachtaigh is láidre a bhí á rá—71% acu.

Céard a tharlós má thoghtar Donald Trump ina uachtarán aríst? Bhain sé féin agus Putin ceart maith go leor as a chéile cheana. Cá bhfios nach bhféadfaidís margadh nua a dhéanamh?

Nuair a d’fhoilsigh Tuairisc an t-alt sin a scríobh mise faoi Stormont agus an Úcráin d’ionsaigh cúpla duine de na léitheoirí go binbeach mé. Bíodh acu. Sílim fós go bhfeicfear macasamhail de Stormont in oirthear na hÚcráine amach anseo.

Fág freagra ar 'Sílim fós go bhfeicfear macasamhail Stormont in oirthear na hÚcráine'

  • Tony

    Ní phléifidh focail le brí leis an beithíoch gharbh ag sileadh ar an mbóthar ar scríobh WB Yeats faoi

  • Tony

    Ní fhaigheann tú fós é. Ní ceadmhach don ionsaitheoir an bua a fháil.

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart iomlán agat

  • Máire

    ‘Beidh ar na hÚcránaigh glacadh le socrú sa deireadh nach bua iomlán a bheas ann.’ Tá an cuma ar an scéal gur fíor sin.

    ‘Ní hé sin atá tíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a mholadh dóibh ach leanacht orthu ag troid. An Rúis a lagan agus a scrios ar fad dá bhféadfaidís atá i gceist acusan.’
    An bhfuil aon fhianaise ag Seosamh chun tacú leis an ráiteas seo? Mar tá sé ag teacht salach ar na rudaí atá á léamh agamsa. Nár léigh mé go ndúirt duine éigin mór le rá i NATO le déanaí gur réiteach ar an gcogadh ligint don Rúis na críocha gafa a choiméad agus an cuid eile den Úcráin a scaoileadh isteach i NATO?

    ‘Cén fhad eile a bheas tíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh sásta diúracáin ná airgead a chur chun na hÚcráine? Sin í an cheist mhór’. Measaim go bhfuil seo níos gaire don fhírinne….

    Socrú ar nós Stormont le Putin? Ha ha ha! Good luck with that a mhac.

  • Stormáilte

    Socróidh an DoYouPee é!