Sampla Stormont – bunús réitigh san Úcráin?

Murach chomh beagmhaitheasach is atá rialtas na hÉireann ar thaobh na síochána a bheidís mar is dual do thír neodrach

Sampla Stormont – bunús réitigh san Úcráin?

An bhféadfadh sé go bhfeilfeadh múnla Stormont le síocháin a dhéanamh idir an Rúis agus an Úcráin? Déarfá leat féin ar an gcéad amharc gur áiféiseach an chaint í sin ach foighid ort go fóill agus lig an scéal chugat féin.

Ar son na gceantar atá in oirthear na hÚcráine atá na Rúisigh ag troid a deir siad féin. Níl glacadh ar bith ag tíortha an iarthair leis sin. Cuirfidh Putin an Úcráin agus an Eoraip ar fad faoi smacht mura stoptar anois é a deir siadsan.

Ach fiú amháin mura gcreidfí Putin nár cheart socrú a chur os a chomhair a mbeadh sé fíordheacair aige diúltú dó?

Le Sé Chontae na hÉireann a chuirfeá na cúigí sin in oirthear na hÚcráine i gcosúlacht. Tá sinne a’ rá i gcónaí gur linn ó cheart na Sé Chontae. Tá na Sasanaigh a’ rá gur leosan iad.

Ach oiread le hAontachtóirí a bheith i dTuaisceart Éireann Aontachtóirí is mó atá freisin sna críocha atá i gceist againn in oirthear na hÚcráine. Teastaíonn uathu a bheith aontaithe leis an Rúis.

Tá rialtas na hÚcráine á n-ionsaí le hocht mbliana. Mharaigh siad na mílte acu.

Seo iad na hÚcránaigh céanna nach leáfadh an t-im ina mbéal de réir mar a bhíonn meáin chumarsáide an iarthair ag iarraidh a thabhairt le tuiscint.

Dúirt mé ar Tuairisc cheana go raibh cara liom sa Donbas sular thosaigh cogadh mhí Feabhra seo caite. Bhí na hAontachtóirí ansin ag cáineadh Vladimir Putin go tréan faoi nach raibh sé ag teacht i gcabhair orthu. Mheas siad nach raibh ann ach cladhaire gan mhaith.

Abair go n-ionsódh rialtas na hÉireann Aontachtóirí an Tuaiscirt. Céard a dhéanfadh rialtas na Breataine sa gcás sin? Is cinnte go gcuirfidís saighdiúirí go dtí na Sé Chontae láithreach agus go ndéanfadh na saighdiúirí céanna ionradh anuas thar teorainn dá dtéadh an scéal níb fhaide.

Luath nó mall déanfar socrú de chineál eicínt idir an Rúis agus an Úcráin. Sin é an deireadh a bhíonn le chuile chogadh.

Tacaíocht do Stormont an réiteach atá i dTuaisceart Éireann. An bhfuil fáth ar bith nach bhféadfaí socrú den chineál sin a dhéanamh san Úcráin? Nach bhféadfaí Stormont de chineál eicínt a bhunú sa Donbas?

Aríst níl an moladh sin chomh haisteach agus a cheapfá. De réir an tsocraithe a rinneadh idir an Rúis agus an Úcráin i Minsk sa mbliain 2014 bhí féinrialtas áitiúil le bunú sa Donbas. Socrú a bhí ann a thit as a chéile ach níl fáth ar bith nach bhféadfaí é a athbheochan aríst.

Murach chomh beagmhaitheasach is atá rialtas na hÉireann bheidís ag cur moltaí mar seo chun cinn leis an Rúis agus an Úcráin a chur ag caint le chéile athuair. Ar thaobh na síochána a bheidís mar is dual do thír neodrach.

Ina áit sin tá siad istigh leis na gríosóirí cogaidh atá ag iarraidh an cogadh a choinneáil ar bun leis an Rúis a lagan.

Déarfar nach mian le Rialtas na hÉireann múisiam a chur ar Mheiriceá ná ar cheannairí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh. Tá an Tuirc páirteach in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh ach ní chuireann sin bac ar bith ar rialtas na Tuirce comhráití a choinneáil ar bun idir an dá thaobh sa gcogadh.

Nár bhreá an rud dá dtabharfaí comhdháil idirnáisiúnta síochána le chéile in Éirinn faoin teideal ‘Sampla Stormont – Bunús Réitigh San Úcráin?’

Fág freagra ar 'Sampla Stormont – bunús réitigh san Úcráin?'

  • Máire

    ‘Ach oiread le hAontachtóirí a bheith i dTuaisceart Éireann Aontachtóirí is mó atá freisin sna críocha atá i gceist againn in oirthear na hÚcráine. Teastaíonn uathu a bheith aontaithe leis an Rúis.’ Fianaise? Agus an bhfuiltear ag caint faoi na daoine atá fágtha ann anois nó na daoine a bhí ann sular thosaigh an cogadh i 2014?

    ‘Tá rialtas na hÚcráine á n-ionsaí le hocht mbliana. Mharaigh siad na mílte acu.’ Cé mhéad a é ‘na mílte’? Cad é an foinse dó seo? Sibhialtaigh no Saighdiúrí nó an dá rud? Agus cé mhéad a mharaigh na Rúisigh sa tréimhse céanna?

    An ndearna an t-údar aon taighde don alt seo? An raibh aon foinse aige seachas a chara a thug cuairt ar an Donbas?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhfuil an chuma ar an alt seo go bhfuil Seosamh ag glacadh leis go raibh sé de cheart ag an Rúis seilbh a ghlacadh leis an láimh láidir ar an Donbas agus ar na ceantair eile in Oirthear na hÚcráine? Ar ndóigh bhí Putin ag iarraidh an tír ar fad a chur faoina smacht agus rialtas báúil don Kremlin a chur i gceannas i Kiev, mar atá déanta aige i roinnt tíortha eile agus mar a bhíodh á dhéanamh ag an USSR. Ach theip air sin a dhéanamh agus anois is ag díriú ar na ceantair in Oirthear na hÚcráine, atá sé. Ach níl ag éirí rómhaith ansin leis ach an oiread, a bhuíochas don tacaíocht mhíleata a fhaigheann an Úcráin ó thíortha eile.

    Bhí an Úcráin mar chóilínteacht de chuid Impireacht na Rúise in aimsir na Tsars. Cuireadh isteach é faoi cheann an USSR le láimh láidir. Tugadh saoirse ó smacht an USSR don tír i 1991 agus thug sin cead do Rialtas na hÚcráine an Úcráinis a chur in úsáid sna scoileanna iarbhunoideachais arís, agus sna meáin chumarsáide, chomh maith le foilsitheoireacht.

    Ar ndóigh níor thaithin sin le sliocht na Rúiseach sa Donbas go gcaithfidís Úcráinis a fhoghlaim le post a fháil nó le oideachas a fháil agus is cinnte go raibh ábhar gearáin acu, mar atá ag Rúiseoirí sa Liotuáin, sa Eastóin agus i Latvia. Rinne Putin na Rúiseoirí in Oirthear na hÚcráine a ghríosadh le troid in aghaidh Rialtas na hÚcraine sa Donbas agus i nDonetsk, tar éis Éirí Amach san Úcráin i 2014: Éirí amach na ndaoine in aghaidh rialtas a bhí ag iarraidh dul in aghaidh mianta formhór na ndaoine maidir le ballraíocht a iarraidh san Aontas Eorpach.

    Aontaím go bhfuil cosúlachtaí cinnte idir cás na hÉireann agus cás na hÚcráine, idir Tuaisceart Éireann agus an Donbas/Donetsk. Mar shampla cé go raibh rialtas na Breataine th’éis féinriail a thabhairt don tír seo i 1912, bhí daoine in arm na Breataine sásta tacú leis an UVF le troid in aghaidh an socrú sin. Ar an gcaoi chéanna rinne Putin éirí amach in Oirthear na hÚcráine a spreagadh is a chothú, ar mhaithe leis na cóilínithe Rúiseacha.

    Sin mo léamh ar an scéal ón méid atá léite agus agus ón tuiscint atá faighte agam ó chuid de na hÚcráinigh atá tugtha mar theifigh chuig an tír seo.

    Tá an ceart ag Seosamh go gcaithfear tíocht ar réiteach luath nó mall treasurer idirbheartaíocht idir Rialtas na hÚcráine agus Rialtas na Rúise ach ní ghlacaim leis an argóint atá déanta aige gurb é an réiteach ann ná go ngéillfí cuid den Úcráin do na cóilínithe sa Donbas etc, ar an gcaoi ar ghéill rialtas na Breataine do na cóilínithe i dTuaisceart Éireann. Ní réiteach sásúil ná cóir a bhí ansin don chuid eile, mar is eol dúinn go léir.

  • Karl

    Vótáil 86.86% de dhaonra Luhansk agus 83.9% de dhaonra Donetsk ar son neamhspleáchas na hÚcráine 32 bliain ó shin. Aontachtóirí? (have used Google translate – hope it is ok)

  • Art

    Dúirt bean liom go ndúirt bean léi.

  • Tony

    Tá sé ráite ag daonlathaigh na Rúise mar MikHAIL KHODORKOVSKY agus Garry Kasparov go gcaithfidh an Úcráin an bua a fháil agus dá luaithe is amhlaidh is fearr.

  • Agus sin sin

    A leithéid de ráiméis á spalpadh ag an gCúigeach! An gcreideann sé i ndáiríre go nglacfadh Rialtas na Rúise le socrú daonlathach agus parlaimint roinnte. Tá sí ag ionsaí tír béal dorais agus na céadta á marú ach, iad ag bagairt tíortha eile sa chóngar. Níl suim dá laghad ag an Rúis i gcainteanna nó i bpobal Donbas, cuir i gcéill é sin uilig. Cogadh straitéiseach é cogadh Putin é ag iarraidh pilleadh ar laethanta an chogaidh fhuar. É sin ráite aige le blianta go mba thrua é an deireadh a tháinig leis an Aontas Sóivéideach agus cur cheart é a thabhairt ar ais. Maslach socrú an tuaiscirt a chur i gcomparáid. Go háirithe nuair ba chuid d’impireacht mhór muid sula ndearnadh an tír a roinnt i ndá chuid- dhá thír ar leith atá san Úcráin agus sa Rúis agus rinne ceann amháin ionsaí ar an gceann níos lú. A mhalairt i gcás na hÉireann, a bhí faoi smacht na Breataine cheana. Bheadh suim agam tuairim an Cuaigeach a fháil ar Iosrael agus an Phailistín, agus an Tuirc agus an Chipir- bunaithe ar an truflais san alt seo.

  • Pádraic

    Ní thiocfainn leis an méid a bhí le rá ag Seosamh i dtaobh múnla Stormont a úsáid mar réiteach ar an gcogadh san Ucráin maidir le cúige Donbas. Ar an gcéad dul síos ní eiseamláir fíor-mhaith é Stormont mar réiteach ar aon choimhlint. Nuair a bhunaigh Rialtas Shasana parlaimint sna sé chontae i dtús báire bhí sé socraithe sa gcaoi go mbeadh forlámhas ag aon phobal amháin i gcónaí. Anois le blianta beaga anuas tá sé ag obair sa gcaoi go bhfuil mionlach in ann neamhshuim a dhéanamh do thoil an tromlaigh agus bac a chur ar obair na parlaiminte.
    Ina theannta sin ní thabharfainn mórán aird ar a bhfuil le rá ag Putin ná gur ar mhaithe le muintir Donbas atá sé. Nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra seo caite bhí sé i gceist acu an tír ar fad a ghabháil agus fáil réidh leis an rialtas daonlathach a bhí tofa ag muintir na tíre. Sin é an fáth gur i dtreo Kiev a thugadar aghaidh seachas in oirthear na tíre. Nuair a chinn orthu Kiev a ghabháil d’athraigh siad port. Níl sé do cheart ag aon tír an lámh láidir a úsáid le tír eile a ionsaí agus a dtoil féin a chur i bhfeidhm beag beann ar mhianta mhuintir na tíre sin.