Seosamh, Muire agus an Crann Silíní

Dán deas a fuair Learaí Ó Finneadha ó Pheaitín a’ Ghabha as an Spidéal, a d’aithris Liam Mac Con Iomaire

Seosamh, Muire agus an Crann Silíní

Ag Liam Mac Con Iomaire a chuala mé an dán thíos. Fuair seisean ó Learaí Ó Finneadha é.

Bhí Muire agus Seosamh ag triall ar Bheithil lá. Bhí crann silíní in aice leo agus tháinig dúil sna silíní ag an Maighdean Mhuire, mar a tharlaíonn do mhná a bhíonn ag iompar clainne, agus d’iarr sí ar Sheosamh silíní a bhaint ón gcrann agus a thabhairt di.

Dúirt Seosamh go raibh cead ag athair a clainne é a dhéanamh, seachas aige féin, an t-athair altrama. Lena chruthú dó go raibh dul amú air, labhair an leanbh a bhí i mbroinn na Maighdine agus d’ísligh an crann silíní anuas, agus d’ith Muire a sáith.

Thuig Seosamh ansin an dearmad a bhí déanta aige. Fear éadúil (éadmhar) a bhí i Seosamh, de réir an chuntais a fuair Learaí Ó Finneadha óna chomharsa, Paitín a’ Ghabha as an Spidéal, agus is mar seo a thug Paitín an scéal do Learaí:

Nach naofa a bhí Seosamh nuair a phós sé Muire Mháthair,
Nach é do fuair an tabhartas ab fhearr a bhí le fáil
Dhiúltaigh sé don ór buí is an choróin a bhí ag Dáibhí
Mar b’fhearr leis bheith ag treorú is ag múineadh an eolais do Mhuire Mháthair

Lá amháin dá raibh an cúpla ag siúl ins an ngairdín
I measc silíní cumhra, blátha úra is oráistí,
Do chuir Muire dúil iontu is thnúth sí leo láithreach
Do bholadh breá na n-úll a bhí cumhra deas ón Ard-Rí

Agus labhair Muire:

Is tá oibreacha Rí na nGrásta ag fás faoi mo bhroinn
Bain dom mo sháith acu, óir is mé atá ina gcaill

Arsa Seosamh:

Ní bhainfidh mé dhuit na seoda is ní háil liom do chlann,
Baineadh athair do linbh iad, mar is as is cóir duit a bheith teann.

Ansin do chuir an leanbh Íosa beannaithe faoina broinn,
Is dúirt, “Ísligh go híseal ina fianaise, a chrainn”.

Agus d’umhlaigh.

Ansin bhí a fhios ag Naomh Seosamh go ndearna sé peaca,
Is d’iarr sé míle pardún ar an máthair is ar an leanbh,

“Téir isteach, a Mháire, agus luigh ar do leaba,
Go dté mé go hIarúsailéim ag iarraidh maiteanas ar mo pheaca”.

Dúirt Muire:

“Ní rachaidh mé abhaile is ní luífidh mé ar mo leaba,
Mar tá comhrá ó Rí na nGrást agam go bhfuair tú maiteanas i do pheaca”.

Trí mhí ón am sin a rugadh an leanbh beannaithe sa Mainséar,
I stábla fuar feannta idir bullán agus asal…’

Fág freagra ar 'Seosamh, Muire agus an Crann Silíní'