Seo Linn san iomaíocht d’áit ar stáitse Cosby an Electric Picnic

Tá an banna ceoil Gaeilge ‘Seo Linn’ san iomaíocht d’áit ar stáitse Cosby ag an Electric Picnic i mbliana

Seo-Linn1

Tuairim is mí ó shin sháraigh an banna ceoil Gaelach Seo Linn an sprioc a chuir siad rompu dá bhfeachtas Kickstarter. Anois, agus iad ag feidhmiú ar bhonn gairmiúil le cúpla seachtain anuas, tá áit bainte amach ag an mbanna i gcomórtas ‘Play the Picnic’ atá á reáchtáil ag RTÉ 2fm agus Oxfam Éireann.

Seo Linn i measc 30 banna ceoil atá ar fhadliosta an chomórtais. Roghnófar bannaí ceoil don ghearrliosta trí vóta poiblí, atá ar siúl ar shuíomhanna 2fm agus Oxfam. Má éiríonn le Seo Linn áit a bhaint amach ar an liosta sin, casfaidh siad a gcuid ceoil ar stáitse Oxjam a bheidh ag an Electric Picnic mí Mheán Fómhair.

Roghnófar buaiteoir glan an chomórtais idir 30 Iúil agus Lúnasa 12, tráth a chasfar amhráin leis na bannaí ceoil ar an ngearrliosta ar RTÉ 2fm agus beidh deis ag an bpobal vótaí a chaitheamh trí théacsanna a sheoladh chuig an stáisiún.

Casfaidh buaiteoir an chomórtais ar stáitse Cosby ag an bPicnic agus tabharfaidh Melvin Benn, Stiúrthóir Bainistíochta Festival Republic, agus Mark McCabe, Stiúrthóir Ceoil 2fm, máistir-ranganna dóibh.

Seo Linn ag casadh ceoil ag an Electric Picnic le tamall de bhlianta anuas sa Phuball Gaeilge – puball speisialta ag an bhféile a mbíonn imeachtaí agus ceoltóirí Gaeilge ann.

Beidh an banna ceoil sa phuball sin arís i mbliana ach deir siad go bhfuil siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine nach gcuimhneodh ar dhul chomh fada leis an bPuball Gaeilge agus iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge lena gcuid ceoil.

“Beidh deis againn an Ghaeilge a chur ar ardán atá níos mó i mbliana agus bheadh sé iontach daoine nach bhfuil Gaeilge acu a mhealladh isteach chuig muintir Gaeilge an Electric Picnic chomh maith,” a dúirt Keith O’Brien, amhránaí de chuid an bhanna.

Fág freagra ar 'Seo Linn san iomaíocht d’áit ar stáitse Cosby an Electric Picnic'