Seirbhís profála saor in aisce á cur ar fáil ag Oifig Choimisinéir Teanga na Breataine Bige

Tá an tseirbhís á cur ar fáil le go mbeidh comhlachtaí Breatnacha in ann ‘úsáid phraiticiúil’ a bhaint as an mBreatnais

Seirbhís profála saor in aisce á cur ar fáil ag Oifig Choimisinéir Teanga na Breataine Bige

Tá comhlachtaí sa Bhreatain Bheag an-sásta leis an tseirbhís nua profála atá á cur ar fáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Meri Huws, sa tír sin.

Faoin scéim, déanann Oifig an Choimisinéara téacsanna, suas le 1,000 focal, ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí sa Bhreatain Bheag a phrofáil saor in aisce.

Tá an tseirbhís á cur ar fáil le go mbeidh comhlachtaí Breatnacha in ann “úsáid phraiticiúil” a bhaint as an mBreatnais. Cuirtear fáilte roimh bhileoga, staeir, leathanaigh idirlín, polasaithe agus postálacha Twitter agus Facebook sa Bhreatnais.

Ní seirbhís aistriúcháin atá i gceist agus ní mór don téacs a chuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara a bheith sa Bhreatnais cheana féin, ach ceartaítear dearmaid litrithe agus ghramadaí.

Dúirt urlabhraí ón Snowdon Mountain Railway go bhfuil úsáid á baint ag an gcomhlacht sin as an tseirbhís leis an teanga a chur chun cinn i measc a n-oibrithe féin, lena mórtas as a gceantar a léiriú, agus le freastal ar mhuintir na háite.

“Is cainteoirí Breatnaise iad os cionn 90% dár bhfoireann agus chonacthas dúinn gur gá feiceálacht na teanga a ardú anseo. Tá ríméad orainn go rabhamar in ann leas a bhaint as an tseirbhís profála. Chuir sé ar ár gcumas a chinntiú go mbeidh roinnt ábhar a chuirimid ar fáil anseo cruinn ceart, agus fágann sé go mbeimid in ann úsáid na teanga a chur chun cinn, rud a chuirfidh le heispéireas na gcuairteoirí a thagann anseo,” a dúradh.

Níl a leithéid de sheirbhís á cur ar fáil i láthair na huaire ag Oifig an Choimisinéara Teanga anseo. Dúirt an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie tráthnóna go bhfuil “ról ag [a] Oifig ó thaobh comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí” ach nach bhfuil ról aici seirbhísí tacaíochta, macasamhail scéim na Breataine Bige, a chur ar fáil.

“Níl aon chaighdeáin, mar a mholtar i gceannteidil an Bhille nua, leagtha síos go fóill. Nótálaim go bhfuil lárionad aistriúcháin luaite mar chuid de bheartas polasaithe na Roinne Gaeltachta.

“Ag an tráth seo, tá ról ag an oifig ó thaobh comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí, ach níl ról acmhainn ag an oifig chun seirbhísí tacaíochta ar nós seirbhísí aistriúcháin nó profála a sholáthar do chomhlachtaí poiblí,” a dúirt Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Seirbhís profála saor in aisce á cur ar fáil ag Oifig Choimisinéir Teanga na Breataine Bige'