Seirbhís Ionchúisimh na Corónach ag smaoineamh ar chás in aghaidh rapálaí Kneecap a thionscnamh as an nua

An tseachtain seo caite caitheadh amach an cás in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, nó Mo Chara, ar an mbonn gur tionscnaíodh na himeachtaí cúirte ‘go neamhdhleathach’

Seirbhís Ionchúisimh na Corónach ag smaoineamh ar chás in aghaidh rapálaí Kneecap a thionscnamh as an nua

D’fhéadfadh nach bhfuil ceoltóir Kneecap réidh le seirbhís cúirte na Breataine go fóill.

Caitheadh amach an cás sceimhlitheoireachta a tugadh in aghaidh an rapálaí Liam Óg Ó hAnnaidh agus é curtha ina leith gur thaispeáin sé brat tacaíochta do Hezbollah ag ceolchoirm.

Ach tuairiscítear go bhfuil Seirbhís Ionchúisimh na Corónach (CPS) ag déanamh a gcríonnacht faoi achomharc a dhéanamh sa gcás.

An tseachtain seo caite caitheadh amach an cás in aghaidh Liam Óg Ó hAnnaidh, a úsáideann Mo Chara mar ainm gairme, ar an mbonn gur tionscnaíodh na himeachtaí cúirte “go neamhdhleathach agus bhfuil siad ar neamhní”.

Tuairiscítear sa nuachtán Briotanach an Daily Telegraph, go bhfuil an t-iarArd-Aighne, Michael Ellis, ag moladh don tSeirbhís Ionchúisimh an cás a thionscnamh as an nua trí leas a bhain as fasach dlí nár úsáideadh ach go hannamh.

An tseachtain seo caite caitheadh amach i gCúirt Chorónach Woolwich an cás a tugadh i gcoinne Mo Chara mar nach bhfuair na póilíní ná na hionchúisitheoirí toiliú an Ard-Aighne, an Tiarna Hermer, do na cúiseanna sin in am.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Achomhairc eascaire venire de novo a fháil chun an cás a thionscnamh as an nua.

Is éard atá sa venire de novo seo ná ordú triail nua a thosú, agus de ghnáth, giúiré nua ceaptha ar an gcás, má cinneadh go raibh an chéad triail neamhbhailí nó curtha ar ceal.

Ceadaíodh an t-ordú sin in ionchúiseamh príobháideach seacht mbliana ó shin i gcás inar theip ar an éilitheoir an toiliú a bhí riachtanach a fháil ón Ard-Aighne.

Ag an am sin, dúirt an Tiarna Hermer, an tArd-Aighne a thug an toiliú d’ainneoin go raibh reacht na dtréimhsí sáraithe, go raibh sé tábhachtach ceachtanna a fhoghlaim ón gcás sin lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid go deo arís.

FÍSEÁN: ‘Níor éirigh le bhur n-iarracht sinn a chur inár dtost’ – cás in aghaidh ‘Mo Chara’ caite amach as an gcúirt

An port céanna atá anois ag iarArd-Aighne eile, Michael Ellis: “Caithfear fiosrúchán iomlán a dhéanamh faoinar tharla sa gcás seo. Tá toiliú an Ard-Aighne riachtanach i gcuid de na cásanna is tromchúisí i Leabhar na Reachtaíochta sa tír seo.

“Caithfimid a chinntiú nach dtarlaíonn a leithéid seo an chéad uair eile a mbeidh cás ann a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta.”

Tugadh an cás in aghaidh Liam Óg Ó hAnnaidh faoin Acht Sceimhlitheoireachta agus é curtha ina leith gur thaispeáin sé bratach a léirigh tacaíocht do Hezbollah ag ceolchoirm i Londain mí na Samhna 2024.

Ghlac an Príomh-Bhreitheamh i gcúirt Woolwich, Paul Goldspring, le hargóint fhoireann dlí Uí Annaidh agus chaith sé amach an cás Dé hAoine seo caite.

Dúirt an Breitheamh Goldspring nár tionscnaíodh na himeachtaí cúirte “sa tslí cheart” agus nach raibh an toiliú a bhí riachtanach faighte ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sular cuireadh tús leis an gcás in aghaidh Mo Chara.

Shéan Ó hAnnaidh go raibh aon ní mícheart déanta aige agus deir sé féin agus lucht Kneecap gurb amhlaidh go raibh “carnabhal mearbhaill” ar bun chun aird a tharraingt ón gcinedhíothú in Gaza agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.

 

 

 

Fág freagra ar 'Seirbhís Ionchúisimh na Corónach ag smaoineamh ar chás in aghaidh rapálaí Kneecap a thionscnamh as an nua'

  • m‘ainmse

    an psyop is measa ariamh?! LOL

  • Pól Réamonn

    Is dea-phoiblíocht é sin do Kneecap, nach ea?