Seasann polaiteoirí go díongbháilte ar son na Gaeilge go dtí go mbíonn seasamh díongbháilte le tógáil

Léiríonn cás na reachtaíochta teanga ó thuaidh agus ó dheas nach bhfuil an Ghaeilge ag fáil cothrom na Féinne ó pháirtithe náisiúnacha

Seasann polaiteoirí go díongbháilte ar son na Gaeilge go dtí go mbíonn seasamh díongbháilte le tógáil

Tharraing an páirtí Aontú neart conspóide le déanaí nuair a dúirt a gceannaire, Peadar Tóibín, nár cheart an Ghaeilge a úsáid mar bhac ar rialtas a bhunú arís in Stormont. 

Ina measc siúd a rinne caitheamh anuas ar Aontú, bhí Conchúr Ó Muadaigh ón Dream Dearg a mheabhraigh dúinn ar Twitter an méid a dúirt Peadar Tóibín féin faoin reachtaíocht Ghaeilge in 2017. Dúirt sé gur cur chuige ‘hobbyist’, nó caitheamh aimsire, a bhí ag Teachtaí Dála sna 26 contae a mhaígh gur cheart géilleadh maidir le hacht teanga neamhspleách de ghrá an réitigh.

An scéal go raibh Tóibín ag rá anois go raibh rudaí níos tábhachtaí le cur i gcrích ná acht teanga a chuir an chaint sin i mbéal an phobail arís. 

Cuireadh i leith Pheadair Tóibín agus Aontú go raibh siad cloíte maidir le cás an achta Ghaeilge. Mar pháirtí sóisialach, a dúirt Tóibín, is gá dóibh díriú ar ghéarchéim an bhochtanais i dTuaisceart Éireann. Luaigh sé neart staitisticí bochtanais agus rinne sé cur síos ar thograí móra infreastruchtúir agus oideachais a bhfuil neamhaird á ndéanamh orthu, gan caint ar an ghéarchéim i réimsí na meabhairshláinte agus na feirmeoireachta. Tá dualgas mar sin an tionól a athbhunú, dar leis an Tóibíneach, ar bhonn práinne.

Meas tú an bhfuil léargas sa scéal seo ar an staid ina bhfuil an náisiúnachas in Éirinn faoi láthair?

Ní mar a shíltear a bhítear leis an nGaeilge. Seanscéal agus meirg air an ‘seasamh ‘diongbháilte’ ar son na Gaeilge nach mbíonn chomh diongbháilte sin ar chor ar bith sa deireadh. Léirigh an méid a sceitheadh faoin dréachtmhargadh a rinne Sinn Féin leis an DUP anuraidh go bhfuil an páirtí poblachtánach sásta géilleadh faoi cheist an achta Ghaeilge agus glacadh le reachtaíocht i bhfad níos laige ná mar atá á héileamh ag lucht na teanga. 

Maidir le Fianna Fáil, cé gur sheas siad an fód go diongbháilte le Fine Gael maidir lena thábhachtaí is a bhí sé cloí le gach uile fhocal de Chomhaontú Aoine an Chéasta le linn na gcainteanna Breatimeachta, is cosúil nach bhfuil siad chomh diongbháilte céanna faoi cheist na Gaeilge.

Ag labhairt dó faoin éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh le déanaí, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur cheart go mbeadh a bhfuil geallta i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gComhaontú Chill Rímhinn a úsáid mar ‘thúsphointe’ chun theacht ar chomhréiteach “réasúnta agus ciallmhar”.

An scéal céanna atá ann an taobh seo den teorainn maidir leis an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge, mar a léiríonn an bille teanga nua, bille atá fíorlag, mar a léirigh John Walsh agus daoine eile ar an suíomh seo.

Sea, is é an scéal céanna ó dheas é. Seastar go díongbháilte leis an nGaeilge nó go mbíonn seasamh díongbháilte le tógáil.

Go leor daoine a bhfuil bá acu leis an nGaeilge agus a fheiceann an tábhacht a bhaineann le cearta teanga, tá siad bréan de pholaiteoirí agus státseirbhísigh a bheith ag déanamh slad ar aon iarracht an teanga a chur chun cinn nó cur le cearta lucht a labhartha.

An sampla ba mheasa de sin ná an fógra an lá roimh Oíche Nollag 2016 go gcuirfí deireadh leis an scéim Líofa ó thuaidh. Ach tá samplaí go leor ó dheas freisin againn, an bille teanga lochtach a foilsíodh an mhí seo, mar shampla.

Ar ndóigh, cuirtear an locht ar an nGaeilge agus pobal na Gaeilge féin go minic.

Ach tá argóint shimplí, mar shampla, ag lucht feachtasaíochta ar son an achta Ghaeilge ó thuaidh.

Más feachtas in aghaidh na Gaeilge atá ag coinneáil athbhunú an fheidhmeannais siar, cén chaoi ar féidir a rá gurb í an Ghaeilge atá á coinneáil siar? Ach táthar ann a chreideann fós gurb í an Ghaeilge, seachas an tsíorchur ina héadan, is cúis leis an marbhántacht pholaitíochta sna sé chontae.

Bhain ceannaire an Alliance Naomi Long an bonn den argóint sin le déanaí nuair a thug sí a ndúshlán dóibh siúd a mhaíonn gurbh í an Ghaeilge atá ag coinneáil an chórais sláinte ar gcúl. Tá córas sláinte níos fearr le fáil sa mBreatain Bheag agus in  Albain cé go bhfuil reachtaíocht Bhreatnaise agus Gàidhlig sa dá thír sin, a dúirt sí. ‘Is féidir guma a chogaint agus a bheith ag siúl ag an am céanna,’ ar sí.

Ach an bhfuil an Ghaeilge ag fáil chothrom na Féinne ó náisiúnaithe a deir gur chóir géilleadh agus glacadh le hacht cultúir nó filleadh ar Stormont agus an cás a dhéanamh ansin?

Freagra na ceiste nach bhfaigheann an Ghaeilge cothrom na Féinne ó aon pháirtí agus seans nach bhfuair sí a leithéid riamh. Níl aon pháirtí, an Aontú, SDLP, Sinn Féin, Fianna Fáil ná Fine Gael a sheasfaidh sa deireadh leis an éileamh ar acht Gaeilge láidir neamhspleách do phobal na teanga ó thuaidh.

Is maith an rud é nach bhfuil pobal na Gaeilge ag brath go hiomlán ar a ionadaithe poiblí náisiúnacha.

Deir Bernadette McAliskey agus an tOllamh Colin Harvey nach fiú Stormont a chur ar bun arís ceal cearta agus comhionannais a bheith ina chroílár.

B’fhéidir gur acu atá an ceart.

Mar go dtí go réiteofar na ceisteanna sin, ceist na Gaeilge agus na gceart teanga ina measc, níl ann ach cur i gcéill go réiteofar fadhbanna amhail géarchéim an chórais sláinte, bíodh sé i mBéal Feirste nó i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Seasann polaiteoirí go díongbháilte ar son na Gaeilge go dtí go mbíonn seasamh díongbháilte le tógáil'

  • Gabriel Rosenstock

    ‘Dá ndéanfadh vótáil difríocht ar bith, ní ligfí dúinn é a dhéanamh.’ Mark Twain