Seans go mbeidh cúigear ón bpáirtí nua Independent Ireland ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe

D’fhéadfadh páirtí nua an-dul chun cinn a dhéanamh sna toghcháin áitiúla sa Ghaillimh

Seans go mbeidh cúigear ón bpáirtí nua Independent Ireland ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe

...
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Líon Suíochán le Líonadh: 39
Toradh 2019: Fianna Fáil 15; Fine Gael 11; Sinn Féin 1; An Comhaontas Glas 1; Sinn Féin Poblachtach 1; Neamhspleáigh 10
...

An Ceantar: Baile Átha an Rí – Órán Mór (7)

Tá 13 iarrthóir ag seasamh agus seacht suíochán le líonadh. Tá ceathrar a toghadh in 2019 ag seasamh arís: James Charity (NS); David Collins (FG); Albert Dolan (FF); Shelly Herterich- Quinn (FF). Triúr nach bhfuil ag seasamh: Gabriel Cronnelly (NS) a bhíodh le Sinn Féin tráth; Liam Carroll, Méara an Chontae, a toghadh ag seasamh le Fine Gael in 2019 ach nár roghnaíodh le seasamh an babhta seo; Jim Cuddy (NS) a bhí sa Pháirtí Daonlathach tráth.

Seans maith go dtoghfar an ceathrar atá ag seasamh in athuair. Bheadh Thomas Grealish (NS), deartháir leis an Teachta Dála Noel Grealish, ag súil le suíochán Jim Cuddy (NS) a phiocadh suas go héasca. Má éiríonn le Louis O’Hara (SF) an líon vótaí a fuair sé in 2019 a dhúbailt beidh seans an-mhaith aige. Tá seans maith ag Peter Feeney (FG) an suíochán a bhíodh ag Liam Carroll a choinneáil do Fhine Gael. Bhí Peter Feeney (FG) ar an gComhairle cheana ach níor sheas sé in 2019.

Tuar Tuairisc: FF (2), FG(2); SF (1) agus NS (2)

An Ceantar: Béal Átha an Sluaighe (6)

Níl ach ochtar iarrthóirí ag seasamh cé go bhfuil sé shuíochán le líonadh. Toghadh Tim Broderick (NS) agus Michael Connolly (FF) ar an gcéad chomhaireamh in 2019. Níl Tim Broderick (NS) ag seasamh aríst. Toghadh an Seanadóir Aisling Dolan  mar iarrthóir neamhspleách in 2019.

D’aistrigh sí go Fine Gael nuair a roghnaíodh í mar Sheanadóir in 2020 agus ina háit comhthoghadh bean ón Spidéal, Evelyn Parsons (NS), atá ag seasamh aríst. Toghadh Declan Geraghty (NS) agus é anois ag seasamh le páirtí Michael Fitzmaurice, Independent Ireland. Gach seans go dtoghfar an cúigear comhairleoirí atá ag seasamh in athuair agus go bpiocfaidh Alan Harney (FG) suas suíochán breise do Fhine Gael. Aisteach go leor níl ach iarrthóir amháin ag Fianna Fáil, Michael Connolly (FF).

Tuar Tuairisc: FF (1), FG(2); SF (1); Éire NS (1) agus NS (1)

Tuaim (7)

Tá 17 iarrthóir ag seasamh agus seacht suíochán le líonadh. Tá seisear a toghadh in 2019 ag seasamh arís: Pete Roche (FG); Joe Sheridan (FF); Donagh Killilea (FF); Mary Hoade (FF), Andrew Reddington (FG) agus Karey McHugh (NS). Níl Colm Keaveney (FF) san iomaíocht an babhta seo.  Rinne Fianna Fáil ceithre shuíochán as 7 gcinn a fháil le 39% den vóta in 2019 agus fágadh Fine Gael le péire le 34% den vóta.

Beidh Fianna Fáil ag déanamh go maith triúr a fháil isteach i mbliana. An uair seo tá iarrthóir ag seasamh do Fhine Gael a bhfuil aithne mhór air, an craoltóir Ollie Turner (FG). Tugann sin seans do Fhine Gael suíochán breise a thógáil an uair seo ach tá an baol ann go gcaillfidh Andrew Reddington (FG) a shuíochán le háit a dhéanamh do Ollie Turner (FG). Bhíodh an Teachta Michael Fitzmaurice (Éire Neamhspleách)  ina chomhairleoir contae don cheantar seo go dtí gur toghadh ina Theachta Dála é.

Le tacaíocht aige ó Fitzmaurice beidh Shaun Cunniffe (Éire Neamhspleách) ag súil le cur leis an vóta maith a fuair sé mar iarrthóir neamhspleách in 2019 agus tá gach seans ann go dtógfaidh sé suíochán. Tá beirt iarrthóirí ag Sinn Féin an babhta seo, straitéis ar deacair í a thuiscint. Theastódh aistriú láidir vótaí eatarthu le go mbeadh duine acu san iomaíocht le haghaidh suíocháin.

Tá beirt inimirceach ag seasamh, Islammiyah Kadejo (CG) don Chomhaontas Glas agus Blessing Oguekwe (LO) don Lucht Oibre, altra a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht ag an deireadh má éiríonn léi vótaí na n-inimirceach i dTuaim a fháil. Ní féidir an t-iarrthóir óg Luke Silke (Aontú) a chur as an áireamh. Má fhaigheann sé aistriúcháin ó iarrthóirí Shinn Féin, d’fhéadfadh sé suíochán a thógáil agus má thógann, is í an comhairleoir Karey McHugh (NS) a bheadh thíos leis.

Tuar Tuairisc: FF (3), FG(2); Éire NS (1) agus Aontú (1)

An Ceantar: Conamara Thuaidh (4)

Tá ochtar iarrthóirí ag seasamh agus ceithre shuíochán le líonadh. Toghadh Tom Welby (NS) ar an gcéad chomhaireamh in 2019 agus níor cheart go mbeadh stró a bith air a shuíochán a choinneáil. Bhíodh Séamus Walsh (Éire NS) le Fianna Fáil ach d’fhág sé é mar geall ar fhiosrúchán a chuir Fianna Fáil ar bun faoin méid a dúirt sé go poiblí maidir le hiarrthóirí tearmainn a lonnú in óstán Loch an Rois, an t-óstán a dódh go talamh go mailíseach. Tá sé ag seasamh sa toghchán leis an bpáirtí nua Independent Ireland. Cainteoir maith Gaeilge, cloistear go minic é ar Raidió na Gaeltachta. Tá feachtas láidir ar bun aige agus níor cheart go mbeadh aon stró air a shuíochán a choinneáil.

Eileen Mannion (FG) an t-aon iarrthóir ó Fhine Gael atá ag seasamh. Is ionann an cás le Gerry King (FF), an t-aon iarrthóir ó Fhianna Fáil atá ag seasamh. Tá beirt as Ros Muc san iomaíocht, beirt iarrthóirí neamhspleácha: Criostóir Breathnach (NS) agus Mánus Ó Conaire (NS). Níl dóthain vótaí sa gceantar Gaeltachta ina bhfuil siad le go mbeadh aon seans acu ar shuíochán. Tá Tom Healy (SF) ag seasamh chomh maith. Toghadh Tom Healy (SF) mar chomhairleoir don toghcheantar Conamara Thuaidh agus Theas le chéile, ach chaill sé a shuíochán in 2019.

Tuar Tuairisc: FF (1), FG(1); SF (1) agus Independent Ireland (1)

An Ceantar: Conamara Theas (5)

Tá seisear déag iarrthóirí ag seasamh agus cúig shuíochán le líonadh. An cúigear a toghadh in 2019 tá siad san iomaíocht arís. Faoi bhrat Fhianna Fáil a bhí Noel Thomas (Éire NS) nuair a toghadh é in 2019 den chéad uair. D’fhág sé Fianna Fáil mar geall ar easaontas le ceannaire an pháirtí Micheál Martin, ag éirí as an gconspóid faoin óstán a dódh i Ros Cathail, a bhí le húsáid le haghaidh iarrthóirí tearmainn.

Ag seasamh leis an bpáirtí nua, Éire Neamhspleách, atá sé an iarraidh seo agus níor cheart go mbeadh aon deacracht aige a shuíochán a choinneáil. Bhí Pádraig Mac an Iomaire (FG) a bharr an chomhairimh in 2019 le 1,408 vóta. Níl aon iarrthóir eile ag Fine Gael an babhta seo agus ar an gcaoi sin ba cheart go dtoghfaí é gan stró. Ach ní fhéadfadh aon duine den triúr comhairleoirí eile a bheith cinnte go mbeidh siad ag filleadh ar an gComhairle Contae. Má éiríonn le Máirtín Lee (FF) cúpla céad eile vóta a chur leis an méid a fuair sé in 2019, beidh sé san iomaíocht do shuíochán.

Gach seans go mbeidh seisean chun cinn ar iarrthóirí eile as Ceantar na nOileán, Michael Curran (NS) agus P.J. Ó Flatharta (NS) agus go bhfaighidh sé aistriú láidir uathu. Ba cheart go mbeadh a shuíochán sábháilte ag Daithí Ó Chualáin (FF), an t-aon iarrthóir ag Fianna Fáil ina chónaí idir Abhainn Chasla agus abhainn an Spidéil. Ach a vóta a dhúbailt tá seans ag Kevin O’Hara (SF) suíochán a fháil. Tá níos mó aithne air anois, tá sé gníomhach ar an talamh ón toghchán deireanach agus bíonn sé ar Raidió na Gaeltachta go minic, ag caint faoi na nithe atá ag cur as do dhaoine. Má thógann Kevin O’Hara (SF) suíochán, is é Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach) a bheas thíos leis.

Tá feachtas láidir ag Michael Leainde  as Ros an Mhíl (Éire NS). Tá aithne air go forleathan agus beidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh. Fuair Alastair McKinstry (Comhaontas Glas) an cúigiú suíochán in 2019. Beidh titim ina vóta agus is deacair a fheiceáil go bhfaighidh sé dóthain aistriúchán an uair seo.

Tuar Tuairisc: FF (2); FG (1); SF (1) agus Éire NS (1)

An Ceantar: Baile Locha Riach (5)

Tá naonúr iarrthóirí ag seasamh agus cúig shuíochán le líonadh. Toghadh Michael ‘Moegie’ Maher (FG)  agus Jimmy McClearn (FG) ar an gcéad chomhaireamh in 2019 agus breis is 700 vóta le spáráil idir an bheirt acu. Tá an bheirt acu ag seasamh arís agus toghfar iad gan stró. Tá triúr iarrthóirí ag Fianna Fáil an babhta seo, an bheirt chomhairleoirí Ivan Canning (FF) agus Shane Curley (FF).

Bhí suíochán le fada an lá ag Pat Hynes (NS) a d’éirigh as in 2021 agus atá anois ar shlí na fírinne. Comhthoghadh Declan Kelly ina áit ar an gComhairle ach tá Declan Kelly ag seasamh leis an bpáirtí nua Independent Ireland.

Tá Ailish O’Reilly (SF) agus Michelle Tooher Madden (Comhaontas Glas) ag seasamh den chéad uair, mar atá John Anthony McGettigan (Irish People). Is beag seans atá ag aon duine acu suíochán a bhaint ón gcúigear comhairleoirí atá ag iarraidh suíochán a choinneáil.

Tuar Tuairisc: FF (2), FG(2), agus Independent Ireland (1)

An Ceantar: Gort-Cinn Mhara (5)

Tá ochtar iarrthóirí ag seasamh agus cúig shuíochán le líonadh. Toghadh Joe Byrne (FG)  go héasca in 2019 agus os cionn 1,000 vóta le spáráil aige. Toghadh PJ Murphy  (FG) ar an gcéad chomhaireamh eile nuair a roinneadh farasbarr Joe Byrne. Ach níl Joe Byrne (FG) ag seasamh an babhta seo. Sé Paul Killilea a bheas ag iarraidh an dara suíochán a choinneáil do Fhine Gael. Tá dhá shuíochán ag Fianna Fáil agus an bheirt ag seasamh arís.

Tá an cúigiú suíochán ag Geraldine Donohue (NS). Ní bhfuair sí ach 537 vóta céad rogha in 2019 ach de bharr líon ard vótaí aistrithe ón tríú hiarrthóir a bhí ag Fine Gael d’éirigh léi dul chun cinn sa gcomhaireamh deireanach ar an tríú hiarrthóir a bhí ag Fianna Fáil leis an suíochán a thógáil. An uair seo má bhíonn vótaí le spáráil ag Fianna Fáil nó ag Fine Gael, níl an tríú hiarrthóir acu agus seans maith gur chuig Geraldine Donoghue (NS) a thiocfaidh siad.

Tuar Tuairisc: FF (2), FG(2); agus NS (1)

Fág freagra ar 'Seans go mbeidh cúigear ón bpáirtí nua Independent Ireland ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe'