Seans ag Fine Gael baint d’Fhianna Fáil i gCorcaigh Thiar Thuaidh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Seans ag Fine Gael baint d’Fhianna Fáil i gCorcaigh Thiar Thuaidh

Dáilcheantar: Corcaigh Thiar Thuaidh

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: An ceantar thart ar Mhaigh Chromtha agus Cheann Toirc agus Gaeltacht Mhúscraí ina lár. San áireamh freisin tá cuid de na bruachbhailte taobh thiar de chathair Chorcaí, ar nós Bhaile an Chollaigh

Teachtaí Dála an 32ú Dáil ag seasamh: Michael Creed (FG), Michael Moynihan (FF), Aindrias Moynihan (FF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2011 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 34.5 38
Fine Gael 32.2 42
Lucht Oibre 0 0
Sinn Féin 6.9 3
Glas 3 1
Eile 23.4 15

Anailís: Ag an dá pháirtí mór atá na suíocháin ar fad sa dáilcheantar seo agus sin mar a bheas an uair seo chomh maith. Faoi láthair is ag Fianna Fáil atá dhá shuíochán agus ceann ag Fine Gael. Tá leibhéal tacaíochta an dá pháirtí an-chothrom sa dáilcheantar. Anuas air sin, níl Sinn Féin san iomaíocht.

Is as ceantar an Bhóthair Bhuí, taobh thiar de Cheann Toirc, An Teachta Dála Michael Moynihan (FF), príomh-aoire Fhianna Fáil sa Dáil. Feirmeoir déiríochta é a toghadh ina Theachta Dála i dtosach i 1997 agus gan é ach 29 bliain d’aois. Toghadh i ngach olltoghchán ó shin é, ach ní raibh le spáráil aige ach 249 vóta in 2016 agus é chun tosaigh ar éigean ar  Áine Collins (FG) a chaill a suíochán. Níl Áine Collins ag seasamh an babhta seo. Ina háit tá iarrthóir láidir, John Paul O’Shea (FG), a fuair 4,814 mar neamhspleách san olltoghchán in 2016. Ach is as an taobh céanna den dáilcheantar é le Michael Moynihan (FF) agus ní thoghfar ach duine acu. Gan Áine Collins (FG) san iomaíocht ba chóir go mbeadh sé níos éasca ar Michael Moynihan (FF) vótaí pearsanta a bhailiú ina cheantar féin thart ar Shráid an Mhuilinn, go speisialta ó dhaoine atá buartha faoin treo ina bhfuil cúrsaí feirmeoireachta ag dul.

Is as Cúil Aodha don Teachta Dála Aindrias Moynihan (FF), fear a bhí ar bharr an chomhairimh in 2016 le 8,924 vóta.

Níl aon iarrthóir ag Sinn Féin ná ag Páirtí an Lucht Oibre sa dáilcheantar seo. Fuair Nigel Dennehy (SF) 3,238 vóta in 2016. Chuig John Paul O’Shea a chuaigh 1,200 díobh agus fuair Aindrias Moynihan 800 acu.

Má roinneann iarrthóirí Fhine Gael an vóta go cothrom eatarthu, seans maith gur acu a bheas an dá shuíochán an uair seo agus gur i dtaobh le ceann a bheidh Fianna Fáil.

Níl mórán tacaíochta ag Comhaontas Glas sa dáilcheantar ach mar sin féin tá iarrthóir ag an bpáirtí, Collette Finn (CG) agus beidh roinnt vótaí le haistriú aici.

Tá Ciarán McCarthy ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta agus tá Becky Kealy ag seasamh d’Aontú. Tá Tara Nic Dhomhnaill ag seasamh don Irish Freedom Party.

Tuar: Aindrias Moynihan (FF), Michael Creed (FG), John Paul O’Shea (FG)

Fág freagra ar 'Seans ag Fine Gael baint d’Fhianna Fáil i gCorcaigh Thiar Thuaidh'