Seanphléisiúir na siopadóireachta sciobtha leo ag an Omicron…

Is díol trua gur gaire don eachtra treallchogaíochta an seáp siopadóireachta in aimsir na paindéime

Seanphléisiúir na siopadóireachta sciobtha leo ag an Omicron…

N’fheadar conas atá agatsa. Siopadóireacht na seachtaine in aimsir Omicron atá i gceist agam.

Ní pléisiúr a thuilleadh dúinn an seáp seachtainiúil chuig Dunnes nó Aldi nó Lidl. Éilíonn réasún agus ciall agus Omicron go bhfuil dúshlán le sárú agus dainséar le seachaint i bhfeachtais siopadóireachta an tí na saolta seo.

Tá Omicron chomh tógálach is chomh rábach sin sa phobal go bhfuil deireadh curtha leis an tseanphóirseáil leisciúil a bhaininnse is mo pháirtí-se súp agus sásamh maidine aisti riamh anall. Seáp ina gcaithimis formhór an ama ag iniúchadh is ag tástáil is ag cur is ag cúiteamh. Bíodh sin i Dunnes, nó i bpasáistí láir Lidl, nó sna margaí feirme thall is abhus, nó, agus sinn sa tóir ar an iasc is úire thíos i Cavistons Ghlas Tuathail, nó sa siopa beag ar Ché Thiar Dhún Laoghaire.

Gan trácht ar an ‘peerdawling’ (focal Hiberno-English mo mháthar, solas síoraí uirthi) [piardáil] i mbólaí eile, idir bharúntachtaí ársa agus tuatha níos seanda fós: Ráth an Dúin na Normannach is na Sasanach, agus Cuala na gCeilteach, na nGael is na Lochlannach.

Seachas a bheith ina cheann de phléisiúir na seanaoise nár ghá aon aithrí a dhéanamh ina leith, is díol trua gur gaire don eachtra treallchogaíochta an seáp siopadóireachta in aimsir Omicron.

Ar an gcéad dul síos, caithfear liosta beacht srianta a chur le chéile. Liosta atá déanta amach de réir ord na bpasáistí siopadóireachta. Níl aon dul as agat, má theastaíonn uait an t-am istigh sa tsiopa i measc daoine a chiorrú chun go mbeadh an seáp seo amach thar rampair chosanta an tí sábháilte agus praiticiúil san am gcéanna. Aimsigh an rud ar an liosta, ná bac le haon rud eile.

Ach an liosta a bheith réidh agam, bíonn feachtas fós le heagrú. Caimpéin le pleanáil. Blitzkrieg le fearadh. An leabhar nótaí sa lámh agus an Panzer-Thralaí á bhrú.

Ach ní féidir leaindeáil isteach in ollmhargadh aon diabhal uair den lá. Ruathar maidine atá ag teastáil, agus a luaithe is ea is fearr. Chun braoiníní aerasóil Omicron-lán na sluaite a sheachaint.

Osclaíonn Dunnes ag a seacht. Bímse ag an doras rompu le liosta agus tralaí. Bím bailithe liom arís ag a hocht.

Bhaineas triail as an tsiopadóireacht ar líne ar feadh scaithimh. Is ionann bosca Daz A agus bosca Daz B. Feileann an saol ar-líne don mbosca Daz.

Ach ní hionann ceann cabáiste A agus ceann cabáiste B. Ná stéig filléid X agus stéig filléid Y. Ní féidir an tsúil dhaonna a bhualadh nuair is bunábhar cócaireachta atá uait seachas an bosca Daz.

Is fiú an fanacht ag doras Dunnes ag a cúig chun a seacht ar maidin don stéig shúiltomhaiste, don gceann cabáiste is úire, don chrobhaing ghlas bananaí agus don triopall úr fíonchaor.

Táim sásta dul sa tseans le Omicron ach réamhchúram ceart a dhéanamh do na beartais chosanta is foirfe amuigh. Ciallaíonn sin go bhfágaim an teach i mbreacsholas na maidine, an t-armúr is treise á chaitheamh agam.

Cuirim orm ar dtús an masc FFP2 NR, an ceann péiceach, gobach. Anuas air sin crochaim an gnáthmhasc máinliach gorm. Agus á gclúdach uile, an sméar mhullaigh as fad, an chathéide thréshoilseach.

Is cuma sa frig liom go gcuireann siadsan cuma amadánta orm. B’fhearr liom fanacht im amadán beo ná bheith im chorpán dóighiúil.

Más í toil Dé go bhfágfaidh sé beo amadánta mé tamall eile, is beag gearán a bheidh agam leis ina thaobh sin.

Fág freagra ar 'Seanphléisiúir na siopadóireachta sciobtha leo ag an Omicron…'