SeanPhádraic ar ais ar a sheanléim! Dealbh nua de Phádraic Ó Conaire le nochtadh i nGaillimh mí na Samhna

Tógadh dealbh cloiche Uí Chonaire ón bhFaiche Mhór in 2004, i ndiaidh di 70 bliain a chaitheamh i lár na cathrach

SeanPhádraic ar ais ar a sheanléim! Dealbh nua de Phádraic Ó Conaire le nochtadh i nGaillimh mí na Samhna

Táthar ag súil go nochtfar an dealbh nua den scríbhneoir mór le rá Pádraic Ó Conaire ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh an geimhreadh seo.

Tá bosca mór adhmaid anois ar an bhFaiche Mhór, mar a mbeidh an dealbh nua, agus súil ag an gComhairle Cathrach í a nochtadh i mí na Samhna. Beidh searmanas oifigiúil ann an uair sin leis an dealbh a thaispeáint don phobal den chéad uair.

Tá an dealbh nua chré-umha d’Ó Conaire, a chuirfear in áit an chinn chloiche a bogadh ón láthair roinnt mhaith blianta ó shin, níos troime ná an dealbh a bhíodh ann. Ní féidir an dealbh a chur san áit a mbíodh an seancheann mar go mbeadh an baol ann nach mbeadh an talamh fúithi in ann a meáchan a iompar.

Tógadh dealbh Uí Chonaire ón bhFaiche Mhór ar an 11 Márta 2004, i ndiaidh di 70 bliain a chaitheamh i lár na cathrach, agus cuireadh os comhair Halla na Cathrach í ar feadh tamaill sular aistríodh go Músaem Chathair na Gaillimhe í in 2006.

Cuireadh go teilgcheárta i mBaile Átha Cliath an dealbh in 2015 i ndiaidh don Chomhairle Contae a fhógairt go raibh sé i gceist acu macasamhail na deilbhe a chur sa chathair arís. Chaith an dealbh tamall ansin a fhad is a bhí na saoir chré-umha ag déanamh múnla de le go mbeadh an leagan nua chomh cosúil le bunsaothar Albert Power agus ab fhéidir.

An bosca adhmaid ar an bhFaiche Mhór

“Is iomaí rud a rinne damáiste do Phádraic i gcaitheamh na mblianta,  ina measc aois, aimsir agus mailís. Tá mantanna ar a shrón agus ar a chaipín agus ar ndóigh, baineadh an cloigeann ar fad de ag deireadh na nóchaidí.

“Ach tá cion ag pobal na cathrach air agus níl rud ar bith sa chathair ar tógadh níos mó grianghraf de. Tá muid ag súil go mbeidh sé ar ais i mí an Mheithimh agus go mbainfidh sé an gradam sin amach arís gan mhoill,” a dúirt Gary McMahon ón gComhairle Cathrach.

Bhí an dealbh le nochtadh an samhradh seo caite mar chuid de Chlár Comórtha 1916 na cathrach ach níor tharla sé sin. Ní raibh baint dhíreach ag Ó Conaire leis an Éirí Amach ach ba mhinic é i gcomhluadar na ndaoine a raibh baint acu leis trína chuid oibre le Conradh na Gaeilge. Bhí Ó Conaire i láthair ag Oireachtas na Samhna 1913 a reáchtáladh sa chathair agus tá sé le feiceáil sa ghrianghraf cáiliúil a tógadh ag an ócáid sin, cé go bhfuil a éadan i bhfolach faoina hata sa chaoi is nach n-aithneodh a fhostóirí i Sasana é.

“Ar ndóigh, ba é Ó Conaire a scríobh Seacht mBua an Éirí Amach agus tá muid ag obair le Diarmuid de Faoite agus le Cló Iar-Chonnacht le leagan Béarla den chnuasach cáiliúil sin a chur ar fáil. Is í ‘Seachtain Éamoinn Cheannt’, idir 13-19 Meitheamh, buaic an chláir chomórtha agus tá súil againn Pádraic Ó Conaire a chomóradh le linn na seachtaine sin leis an dealbh nua agus le taispeántas de ghrianghraif den seandealbh sa Mhúsaem,” a dúirt McMahon.

Pádraic Ó Conaire

Fág freagra ar 'SeanPhádraic ar ais ar a sheanléim! Dealbh nua de Phádraic Ó Conaire le nochtadh i nGaillimh mí na Samhna'