Seanfhear anois mé sa ghairdín ina mbíodh páistí lúcháireacha ag spraoi…

Is iontach an chaoi ina ndéanann na mothúcháin luíochán orainn ó am go chéile...

Seanfhear anois mé sa ghairdín ina mbíodh páistí lúcháireacha ag spraoi…

Bhí an fheamainn istigh ar dhuirling Chill Iníon Léinín ar maidin. Chrochas liom gabháil cheithre mhála di don chúlgairdín. Má bhí aon dlí Éireannach nó Eorpach á shárú agam táim cinnte nach rabhas ag teacht salach ar Dhlíthe na mBreithiúna.

Tá gairdíní foirmeálta an rachmais go tiubh ar Bhóthar Vico idir Deilginis agus Cill Iníon Léinín, agus iad crochta go breá os cionn na farraige.

Má tá, dar liom féin nach gcoinneoidís coinneal le fiántas nádúrtha ‘ollghairdín mór an phobail’, mar a thugaim air, ar leis an gcosmhuintir é, atá os cionn na farraige ceannann céanna fud fad Bhóthar Vico álainn na radharcanna.

Ach abair, a Phat, cad é an fuadar seo chun feamainne atá fút?

Bhuel, cheannaíomar, an Píosa Mór i Lár Baill is mé féin, bothán cruach le déanaí le cur in áit an dá sheanbhothán adhmaid, a bhí ag brath titim inár mullach agus mé féin ag tabhairt ‘túir chlaonta Pisa’ orthu. Siúd chugainn scafairí Loch Garman, lucht ardaithe an dá sheanbhothán. Bhí na botháin chomh lofa sin gur leag na leads ar a dtaobh gan stró iad d’aon bhuille amháin. 

Agus sin a d’fhág mise ag iarraidh talamh a leasú sa mbearna a d’fhágadar ina ndiaidh. Chuige sin a bhíothas ar an trá le breacadh an lae ag bailiú feamainne. Scaipfear amach anois í á triomú agus beimid ar mhuin na muice.

Breathnaigh ar fhear Loch Garman sa ghriangraf agus an coup de grâce á imirt aige ar an seanbhothán mór adhmaid. Fós ina sheasamh taobh thiar de tá creatlach an seanbhotháin aird chaoil eile.

Creid é nó ná creid is mar chró madra a cheannaíomar an ceann sin. Madra sách mór, déarfá agus bheadh an ceart agat.

Tharla go rabhamar mór le Bob agus Maura Carpenter, patrons phríomhthábhairne gastro na hÉireann sna seachtóidí. Ba é sin ‘The Overdraught’ i dTrácht Fhionn, nó Tracton, cúig nó sé de mhílte lasmuigh de Charraig Uí Leighin. Tá Trácht Fhionn suite go cluthar sna réchnoic gar do Chuainín Riobaird an ghainimh mhín is na n-aillte arda fá chósta thiar theas Chuan Chorcaí.

Buaileann tnúthán craosach agus mearbhall speabhraídí mé nuair a thugaim chun cuimhne arís an stéig filléid scothbhruite stuáilte le hoisrí a d’ullmhaíodh Bob Carpenter go rialta dúinn ó na seachtóidí soirbhe ar aghaidh.

Ábhar fantaisíochta riamh ó shin againn na stéigeacha céanna a chuireadh Maura os comhair an Phíosa Mhóir i Lár Baill is mé féin amhail is gur chleacht muid iad nó go dtáinig a leithéid as broinn linn!

Bhí cáil na gcúnna faoil ar Bhob agus Maura freisin, agus, amach san oíche agus an doras fá ghlas in éadan Gardaí agus ionróirí eile, thairg Bob agus Maura coileán ‘beag’ madra dúinn.

‘Ní ‘wolfhound’ folaíochta ceart a bheidh ann,’ a mhínigh Bob, ‘ach sliocht bligeard de mhadra a chonaic ag fáil an ceann is fearr ar an mbitseach seo againne. Sa mbroinn atá faoi láthair. Beidh cruth cú faoil air, gan dabht, agus ní bheidh ach airde ‘setter’ ann.’

A Thiarcais! Mí nó dhó ina dhiaidh sin nuair a leaindeáil an ‘coileán beag ar mhéid sotair’ den traein ag Stáisiún Heuston is ar éigean má bhí ar chumas an ‘wolfhound’ cromadh chun suí isteach san Nissan Prairie ard réamh-SUV a bhí á thiomáint againn san am.

Ba léir nár de shliocht aon bhligeard d’ionróir de mhadra an sampla breá uasal ceithre troithe ar airde a bhí os ár gcomhair, ach cú faoil folaíochta ceart. Ach toisc nár cláraíodh a gin ní fhéadfadh Cumann Cú Faoil na hÉireann aitheantas oifigiúil mar mhadra pórghlan a thabhairt dó.

Ní raibh leigheas againn ar an gcruachás ach bothán ard caol a cheannach chun riachtanais ‘Dylan’ a shásamh, peata a bhí ina anamchara buan againn go léir.

Ach, bliain ina dhiaidh sin, in ainneoin ár ndíchill, nuair ba léir nach raibh na hacmhainní againn sa teach leathscoite ar Aill Choill na Coirre Báine sa tSeanchill chun aire ceart a thabhairt dó, chuireamar fios ar thréidlia ó mhachairí méithe na Mí. Bhí saineolas agus dúil as cuimse aige siúd sna cúnna faoil agus spás aige chun tearmann sóch a thabhairt dár gcapaillín caoimh de mhadra uasal.

Tháinig sé le cairt bheag leantóra agus thug Dylan abhaile leis, beart a d’fhág an cúigear beag seo againne croíbhriste ina éagmais.

Agus leads Loch Garman ag fáil réidh leis na botháin le deireanas, d’ardaigh tocht im scornach nuair a leagadar Teach Dylan le tréanbhuille mór amháin. Is iontach an chaoi ina ndéanann na mothúcháin luíochán orainn ó am go chéile, nuair nach mbíonn coinne dá laghad againn leo, ná cosaint againn orthu.

Bhíos éalaithe isteach sa tseomra staidéir thuas staighre ónar ghlacas an grianghraf cinniúnach agus teach Dylan ar tí a leagtha.

Cé a cheapfadh go dtuillfeadh scrios seanbhotháin deoir?

Sea, bhí an fheamainn istigh ar maidin ar Thrá Chill Iníon Léinin. Scaipim anois í san áit ina mbíodh Orfhlaith, Darach, Elsha, Aifric agus Rossa ag spraoi le Dylan, an fathach caoimh de mhadra a thug bliain lúcháireach dóibh le linn laethanta saonta na leanbhaoise.

Mairid lánaimseartha inniu, an triúr iníon seo againne, ar an gcoigríoch. An bheirt is sine, Orfhlaith in East Village Londain Thuaidh agus Elsha in Dulwich duilleogach Londain Theas. An té is óige díobh, Aifric, thar farraigí na dtonn dtréan fada i gcéin. Is in iarthar álainn uaigneach Sydney na hAstráile atá sise.

Is suaimhneas don bPíosa Mór i Lár Baill agus an seanleaid compánach atá aici gur gaire don mbaile an bheirt leads, Darach agus Rossa, fiú más lagaithe beagán ina theaspach is ina thiomáint atá an seanleaid céanna ar na saolta seo.

Feamainn na duirlinge logánta á scaipeadh i rian coise na háilleachta a bhíodh.

Seanfhear le ráca san áit a mbíodh páistí lúcháireacha. Scamaill dhubha ag carnadh. Rois toirní. Báisteach ar an mbealach.

Fómhar fós le tabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Seanfhear anois mé sa ghairdín ina mbíodh páistí lúcháireacha ag spraoi…'