Bhí seanbheairicí de chuid an Gharda Síochána a druideadh le dornán blianta anuas á dtairiscint mar ionaid a bheadh fóirsteanach do cheanncheathrú úr do Fhoras na Gaeilge. Tá an méid sin le sonrú i gcáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Vótáil tromlach de bhord na heagraíochta trasteorann le déanaí i bhfabhar an mholta go n-aistreodh an Foras go ceanncheathrú úr ar Shráid Amiens i dtuaisceart na cathrach. Tá formhór na foirne míshásta faoin moladh seo mar go ndeir siad gur ísliú stádais don eagraíocht agus don teanga a bheadh ann. Deir siad fosta go mbeadh impleachtaí sábháilteachta i gceist leis an suíomh nua i dtuaisceart na cathrach. Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, nár bhaol ar bith do stádas na heagraíochta ná sábháilteacht na foirne an t-aistriú ó dheisceart go tuaisceart na cathrach.
Níl aon rogha ag an Fhoras, áfach, ach bogadh ón cheanncheathrú ag uimhir a 7 Cearnóg Mhuirfean mar go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí ag iarraidh athfhorbairt a dhéanamh ar an bhfoirgneamh sin. Cúpla seachtain ó shin, fógraíodh gur cuireadh síneadh ar an léas atá ag an Fhoras ar an cheannáras go dtí mí Aibreáin 2018.
Thug Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, le fios roimhe sin i litir chuig an OPW gur fhág an éiginnteacht a bhain le socruithe oifige na heagraíochta nach raibh an “dara rogha” acu ach an meamram a bhaineann le bunú an Fhorais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a shárú agus oifig a chuardach ar an margadh oscailte.
Tá an freagra a thug Oifig na nOibreacha Poiblí ar an litir sin faighte ag Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. I litir a sheol Cathaoirleach na heagraíochta, Maurice Buckley, ar an 8 Feabhra 2017, deir sé go raibh síneadh léasa bronnta ar an Fhoras ar an tuiscint gurb é sin an síneadh deireanach a bheadh ar fáil. Tá sé i gceist ag an OPW athfhorbairt a dhéanamh ar uimhir a seacht Cearnóg Mhuirfean agus ar an dá fhoirgneamh atá buailte leis. Bheadh sé mífhóirsteanach, a dúirt TJ Hogan ó Oifig na nOibreacha Poiblí i ríomhphost inmheánach, dallamullóg a chur ar an Fhoras faoin scéal ar eagla go gcaithfidís airgead ar an áras “when the ultimate objective is for the OPW to redevelop this entire property base”. (Is é sin uimhir a 5, 6 agus 7 Cearnóg Mhuirfean.)
Dúirt Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí sa litir go mbeadh sé sásta seirbhísí gairmiúla na hOifige a chur ar fáil don Fhoras agus comhairle a chur orthu maidir le haon idirbheartaíocht a bheadh le déanamh acu le tiarna talún príobháideach.
Thug an Cathaoirleach le fios gur tairgeadh oifigí i nDún Laoghaire agus i mBaile Bhlainséir don Fhoras ach gur diúltaíodh do na tairiscintí sin. Léiríonn miontuairiscí ó chruinniú a bhí ag Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha Fhoras na Gaeilge, Shane Ó hEidhin, le feidhmeannaigh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí go raibh seanstáisiúin de chuid na nGardaí a druideadh dornán blianta ó shin á meas mar ionaid a bheadh fóirsteanach do Cheannáras nua an Fhorais.
Ina measc bhí stáisiúin na nGardaí i gCill na Gráinsí agus i nDeilginis. Dúradh fosta go bhféadfaí stoc ÁIS, an tseirbhís dáiliúcháin leabhar, a athlonnú go haonad stórála ar an M50.
Bhí ionad oifige ar Shráid Pharnell á mheas ag an Fhoras mar cheanncheathrú úr fosta.
Ba léir go raibh lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí go raibh rún ag an Fhoras bogadh.
I ríomhphost a sheol Bainisteoir Maoine na heagraíochta chuig feidhmeannach eile ón Oifig in 2016 dúradh: “They are of a mind to move if they get suitable accommodation and I would like to facilitate [it] as Number 7 is a great owned building backing on to Fenian Street and has wonderful potential”.
I ndeireadh ama, ba é breithiúnas Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil láthair mhaith aimsithe ag an Fhoras anois dá gceannáras ag 63-66 Sráid Amiens. I dtuairisc faoin oifig úr, dúirt T J Hogan go bhfuil ciall straitéiseach agus airgeadais ag baint leis an aistriú agus nach raibh aon áit ní ba fhóirsteanaí i lár na cathrach ar fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí.
Dúradh gur suíomh maith a bheadh ann don cheannáras nua agus go raibh sé gar do sheirbhísí traenach go Béal Feirste chomh maith leis an DART agus an Luas. Mar chonclúid, dúradh i gcás na n-oifigí úra: “it would represent good rental value particularly if an upgrade of the property is also being undertaken by the Landlord.”
Theo
Bheadh Beairic Seas ar Leataobh (Stepaside) níos fearr