Seán O’Shea ó Chiarraí ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael

Múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Inbhear Scéine sa Neidín é Seán O’Shea, agus i nGaeilge a bhí roinnt mhaith den óráid a rinne sé nuair a d’ardaigh Corn Mhig Uidhir

Seán O’Shea ó Chiarraí ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael

Tá sé fógartha gurb é an peileadóir as Ciarraí, Seán O’Shea, a bheidh ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael don bhliain 2024.

Rinneadh an fógra i bPáirc an Chrócaigh agus dúirt O’Shea gur mhór an onóir dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt.

Múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Inbhear Scéine sa Neidín é O’Shea, atá 25 bliain d’aois, agus is i nGaeilge a bhí roinnt mhaith den óráid a rinne sé agus é ag glacadh le Corn Mhig Uidhir mar chaptaen ar Chiarraí nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2022.

Mar Ambasadóir na Gaeilge ag CLG, beidh sé ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn, ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne), Lá Mór na Gaeilge, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.

Ghuigh Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Gráinne McElwain, gach rath ar O’Shea.

 Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG Gráinne McElwain, Seán O’Shea, Ambasadóir na Gaeilge agus Larry McCarthy, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr:Matt Browne/Sportsfile 

Cuireadh tús le ról an ambasadóra Gaeilge dhá bhliain ó shin agus ba iad peileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, agus iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a roghnaíodh mar ambasadóirí roimhe seo.

Tá Seán O’Shea ag imirt le foireann shinsir Chiarraí ó 2018 agus cúig cinn de Chraobhacha na Mumhan, dhá shraith náisiúnta agus Craobh amháin Uile-Éireann buaite aige, chomh maith le dhá Ghradam All Star.

 

 

Fág freagra ar 'Seán O’Shea ó Chiarraí ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael'

  • jpmorley0@gmail.com

    B’fhéidir, ar an gcéad ásc, go leitreoidh sé (Ó Sé) a ainm ‘i gceart’ as seo amach, mar sin.

  • Liam

    Meastú an bhfuil leagan Gaeilge ar cheachtar de na sloinnte sa ghrianghraif? Go Games….

  • Áine Nic Niallais

    Comhghairdeas leat a Sheáin – chuaigh d’óráid i bPáirc an Chrócaigh i bhfeidhm go mór orainn!