Seán Ó Mainnín i mbun anailíse agus craobh dornálaíochta an domhain le craoladh ar TG4

Beidh dornálaithe agus iardhornálaithe aitheanta i mbun anailíse do TG4 nuair a dhéanfaidh siad craoladh ar throid Ray Moylette,do chraobh WBC an domhain i gCaisleán an Bharraigh

Seán Ó Mainnín i mbun anailíse agus craobh dornálaíochta an domhain le craoladh ar TG4

Beidh Rocky Ros Muc féin, Seán Ó Mainnín, ag déanamh anailíse ar TG4 nuair a chraolfar troid i gcraobh dornálaíochta an domhain ar an stáisiún Gaeilge amárach, Dé hAoine.

Beidh TG4 ag déanamh craoladh ar chúig throid a bheidh ar súil sa Royal Theatre i gCaisleán an Bharraigh. Is é an babhta idir fear na háite, Ray Moylette, agus Christian Uruzquieta do Chraobh WBC éadrom-mheáchan an Domhain an troid is mó acu, ach beidh triúr Éireannach eile ag dul chun troda chomh maith.

Beidh dornálaithe agus iardhornálaithe aitheanta i mbun anailíse agus tráchtaireachta ar an gcomórtas do TG4. In éineacht le laoch Chonamara, Seán Ó Mainnín, sa bhosca anailíse beidh curadh NABF meánmheáchan an domhain, an Conallach Jason Quigley; iarchuradh an domhain Ryan Burnett agus fear a throid sna Cluichí Oilimpeacha in 2012, Darren O’Neill.

Beidh Seán Bán Breathnach agus Kenneth Egan i mbun tráchtaireachta agus is í Máire Treasa Ní Cheallaigh a bheidh ag cur an chláir i láthair.

Dúirt Ceannaire Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil ríméad orthu an craolacháin seo a chur ar fáil i gcomhar le Assassin Promotions

“Tá sé tábhachtach go mbeadh ardán ag lucht dornálaíochta na hÉireann chun a gcuid tallainne a chur os comhair an phobail agus tá áthas orainn go bhfuilimid ábalta sároíche dornálaíochta dá leithéid a chraoladh saor go haer,” arsa Ó Coisdealbha.

Dúirt Conor Slater, ceannasaí Assassin Boxing go bhfuil an comhlacht “an-sásta go bhfuil TG4 ag obair in éineacht linn arís chun cuidiú linn an t-imeacht iontach spóirt seo a chur chun cinn.”

Cuirfear tús leis an gclár ag 8.30pm Dé hAoine.

Clár an réamhchomórtais

Roy Sheahan v Lukasz Rafalko

Dylan Moran v Nelson Altamirano

Spike O’Sullivan v Gabor Gorbics

Luis Garcia v Ivan Brkljaca

Ray Moylette v Christian Uruzquieta

Fág freagra ar 'Seán Ó Mainnín i mbun anailíse agus craobh dornálaíochta an domhain le craoladh ar TG4'