Seachtar cainteoirí Gaeilge ar bhinse tosaigh nua Shinn Féin

Beidh Aengus Ó Snodaigh ina urlabhraí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht arís ag páirtí Mary Lou McDonald

Seachtar cainteoirí Gaeilge ar bhinse tosaigh nua Shinn Féin

Tá seachtar cainteoirí Gaeilge ainmnithe ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar bhinse nua tosaigh an pháirtí i nDáil Éireann. Is é an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas Lár Aengus Ó Snodaigh atá ina urlabhraí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht arís.

Tá na rólanna céanna ag Pearse Doherty, Dún na nGall, a bheidh ina urlabhraí Airgeadais agus Mairéad Farrell, Gaillimh Thiar, a bheidh ina hurlabhraí Caiteachais Phoiblí, Infreastruchtúir agus Athchóirithe arís. Beidh Pa Daly, Ciarraí, a bhí ina urlabhraí Dlí agus Cirt, anois ina urlabhraí Aeráide agus Comhshaoil.

Tá an Teachta Dála do Chorcaigh Theas Lár Donnchadh Ó Laoghaire ceaptha ina urlabhraí Gnóthaí Eachtracha, Cosanta agus Trádála agus is é Darren O’Rourke, an Mhí Thoir, a bheidh ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí Oideachais agus Óige.

Ar na Teachtaí Dála eile a ainmníodh ar an mbinse tosaigh tá: Matt Carty (Dlí agus Ceart agus Gnóthaí Baile), Claire Kerrane (Leanaí, Míchumas, agus Comhionannas), Eoin Ó Broin (Tithíocht), David Cullinane (Sláinte), Louise O’Reilly (Coimirce Shóisialach), Rose Conway Walsh (Fiontar), Martin Kenny (Talmhaíocht), Donna McGettigan (Breisoideachas agus Ardoideachas), agus Joanna Byrne (Ealaíona agus Meáin).

Dúirt Mary Lou McDonald agus an binse tosaigh á fhógairt aici go raibh cothramaíocht ó thaobh inscne agus ó thaobh réigiúin ann – rud nach bhfuil i gceist, dar léi, leis an gComhaireacht nua a fógraíodh an tseachtain seo caite. Dúirt sí go gcoinneodh a binse nua tosaigh súil ghéar ar an rialtas nua agus “gach cinneadh lochtach” a dhéanfadh sé.

Fág freagra ar 'Seachtar cainteoirí Gaeilge ar bhinse tosaigh nua Shinn Féin'