“Meas tú nach fearr an saol atá acu sa mbaile mór?”
Tráth éisteachta a bhí ann. Níor oscail mé mo bhéal. Bhí síob tugtha agam don bhean uasal ar bhóthar uaigneach, geimhriúil i gConamara. Bhí sí gaibhte amach sna blianta, fear an tí imithe ar shlí na fírinne agus na ‘gasúir’ imithe ina mbealach féin. “Deamhan comhluadar ar bith atá agam ó tháinig na REPS sin isteach,” arsa sí. Ba é an REPS an Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe. Níl sí ann anois ach tá a macasamhail ann.
Is é a bhí ag cur as di go raibh caoirigh na gcomharsan coiscthe anois de bharr na scéime seo agus ní raibh deis acu a theacht ag fánaíocht isteach ina garraí féin. D’fhéadfá an seanfhocail Béarla/Gaeilge a lua leis an mbradaíl seo, ‘trespasáil’. Ach ní mar sin a facthas cuairt na gcaorach don bhean seo. “Óra a stór, sé an chaoi a dtaitníodh sé liom a bheith ag breathnú amach orthu. Ba mhór an comhluadar iad.”
Uaigneas.
Ar bhealach, bréagnaíonn an t-uaigneas seo faoin tuath an scéal go bhfuil suaimhneas agus sonas níos flúirsí amuigh faoin tír. Mar níl sonas ná suaimhneas ag baint leis an uaigneas. Ina leabhar The Science of Happiness, deir an tOllamh Bruce Hood nach sásaíonn compord sa saol an bunriachtanas atá fite fuaite sa duine, sin ‘comhluadar agus cairdeas’, dar le Hood.
Nach fearr an deis a bheadh agat ar chomhluadar le daoine eile i mbaile mór nó i gcathair? Ar a laghad, nárbh fhearr – b’fhéidir – daoine a fheiceáil uait ná a bheith ag breathnú ar chaoirigh na gcomharsan?
Ach más gualainn ar ghualainn féin é sa gcathair, is fada ó bhaile scaití an croí.
Ionann agus 10 mbliana ó shin, thóg Meiriceánach darbh ainm Jonathan Dunne air féin teagmháil agus cairdeas a chothú idir daoine ar an gcóras traenach faoi thalamh i Londain. Roinn sé suaitheantais amach ar dhaoine agus ‘Tube Chat’ scríofa orthu. An cuspóir, go gcuirfí daoine ag caint lena chéile ar an traein. Is gearr go raibh scéal i nuachtán The Guardian gur chuir an moladh seo chun cainte alltacht ar dhaoine, agus gur tosaíodh feachtas ina aghaidh agus ‘Shut Up!’ scríofa ar shuaitheantais! Go deimhin, chuir fear as Londain darbh ainm Brian Wilson suaitheantas eile amach agus scríofa air bhí an mana ‘Don’t think about talking to me’. Cár fhága tú an suáilceas?
Bhí mé dá inseacht seo don bhean uasal de réir mar a bhain muid píosa as an aistear. Thug sí a breithiúnas go gonta, Gaelach. “Ó muise, shoraidh dhíobh.”
Ach dá bhoirbe é an scéal ar an Tube, tá daoine le feiceáil go tréan sa gcathair. Agus nár dhúirt an seanfhocal ‘gur fearr an troid ná an t-uaigneas’. Ar na bealaí a bhfuil an fheilméaracht dá cleachtadh anois – agus caithfear coinneáil leis na bealaí nua-aoiseacha – bíonn an saol sách uaigneach ag clann na talún. Ag caint dom le cúpla feilméara lár tíre le gairid dúradar liom gur minic nach bhfeiceann siad duine amháin ó mhaidin go faoithin. Déantar go leor den obair leis an meaisín nó an tarracóir; ní theastaíonn daoine. Sí an mharglann, uair sa tseachtain, an t-aon cheangal dáiríre atá acu lena gcomhghleacaithe.
“Teastaíonn dlúthchairdeas le riar daoine eile ar mhaithe le sonas an duine, mura mbeadh ann ach an t-uaigneas a choinneáil uainn,” a deir an tOllamh Bruce Hood. Ach is minic go mbíonn an sonas agus an t-uaigneas ag taisteal in éineacht in intinn an duine.
Tádar gaibhte in éadan na ceiste seo in Harvard, i bhfad ó bhóithre geimhriúla na tuaithe. Ochtó bliain atá caite acu ag iarraidh meabhair a fháil ar shláinte na bhfear i mBoston – The Harvard Study of Adult Development. Sé breithiúnas na saineolaithe go bhfuil dlúthchairdeas ar féidir brath air ar an rud is mó a chothaíonn sonas.
Ach céard faoin mbean uasal ar thug mé síob di tráth agus í scoite amach ón saol, ar nós go leor daoine faoin tuath anois? Cén chaoi a gcothaítear cairdeas agus tú ar d’aghaidh féin?
Ní raibh freagra aici ar na focla sin ach bhí ceist aici. “Meas tú nach fearr an saol atá acu sa mbaile mór?”
Beartla
“Shoraidh dhíobh”, sin focal nár chuala mé riamh roimhe seo bíodh gur léigh mé é cgl.
Is dóigh nach bhfuil sé i gcúrsaíocht a thuilleadh?
Seo ceann a dúirt duine liom tráth;
“Sé an uair is lú a bhíonn uaigneas orm ná an uair a bhím im aonar.”
Agus ag teacht leis an méid sin dúirt JP Sartre: “L’enfer c’est les autres” (ifreann is ea daoine eile).
“Shoraidh dhe, muise!” a déarfadh an bhean údan a bhraith uaithi na caoire.