Gaeilge Chruachadóirí Pittsburgh, scéal na Polo Grounds agus boinn do bhuíon na hÉireann

‘Is mór an spórt é’ – colún nua ag Tuairisc le scéalta beaga, móra is aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Gaeilge Chruachadóirí Pittsburgh, scéal na Polo Grounds agus boinn do bhuíon na hÉireann

Pic: INPHO/James Crombie

Cruachadóirí Pittsburgh ag déanamh a gcuid ar son na teanga

Ní bheadh sé ceart a rá gurb é gach duine a chuir fáilte is fiche roimh theacht an NFL go hÉirinn an tseachtain seo caite. Fáilte is deich (milliún euro) a tháinig ón rialtas ach bhí cuid mhaith daoine nach raibh sásta fáilte mhór chroíúil a chur roimh eagraíocht a bhfuil nasc chomh láidir sin aici le harm Mheiriceá agus le Donald Trump.

Mar sin féin, ghlac mórán leis gur ócáid iontach a bhí i bPáirc an Chrócaigh agus i mBaile Átha Cliath trí chéile agus imeachtaí curtha ar bun ar fud na cathrach a raibh fiú daoine nár íoc an €300 ar thicéad in ann sult a bhaint astu.

Tá ailt sna nuachtáin agus míreanna ar an raidió le cloisteáil ag caint ar céard is féidir linne agus le Cumann Lúthchleas Gael a fhoghlaim ón NFL ach is léir gur fhoghlaimíodar siúd cúpla ceacht ó CLG chomh maith.

Tá sé leagtha amach i dTreoir Oifigiúil CLG gur i nGaeilge a bheidh ainmneacha na n-imreoirí i gcáipéisí agus i gcomhfhreagras agus bheartaigh na Pittsburgh Steelers go ndéanfaí amhlaidh.

Nuair a chuaigh na Steelers amach ar an bpáirc thraenála i Carton House Dé hAoine seo caite, ní Aaron Rodgers, TJ Watt ná DK Metcalf a chuaigh chun páirce ach Aaron Mac Ruairí, TJ Mac Uait agus DK de Bhial.

Esezi Otomewo agus Kyler Baugh. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Is é Adam Regan bainisteoir trealaimh na Steelers – kitman a thabharfaí ar an Riagánach anseo – agus eisean a smaoinigh go gcuirfí leagan Gaeilge de shloinnte na n-imreoirí ar na geansaithe don lá. Chuaigh na Steelers i dteagmháil le CLG agus is í Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle na Mumhan, a rinne na haistriúcháin.

D’fhéadfaí sloinnte leithéidí Rodgers, Jonnu Smith (Mac Gabhann) agus Yahya Black (Ó Duibh) a aistriú gan mórán stró ach seans go raibh níos mó taighde i gceist le Pat Freiermuth (Mac an tSaoir), Isaiahh Loudermilk (Mac Giolla Bháin), Isaac Seumalo (Mac an Iarla) agus cuid eile d’imreoirí na Steelers.

Is féidir cuid de na haistriúcháin eile a fheiceáil anseo.

Tá ceangal láidir ag na Steelers le hÉirinn agus iad faoi úineireacht chlann Rooney agus dúirt Dan Rooney, Leas-Uachtarán um Fhorbairt Ghnó, gur iarracht an nasc sin a threisiú a bhí sna geansaithe speisialta.

Rinneadh iarracht cúpla focal Gaeilge a mhúineadh do na himreoirí chomh maith.

Scéal na Polo Grounds inste i bpodchraoladh nua

Aon duine a bhfuil suim acu i gcúrsaí sacair agus cúrsaí staire, is mór an pléisiúr a bhainfeadh siad as an bpodchraoladh It Was What It Was ina dtugtar chun cuimhne cuid de na heachtraí is iontaí agus is aistí i stair an spóirt, ón airgead a mheall imreoirí ó Shasana go dtí an Cholóim sna 1940idí go dtí an chonspóid idir Alex Ferguson agus JP McManus is John Magnier faoin gcapall Rock of Gibraltar.

Spreagadh a bhí sa tsraith sin, b’fhéidir, do Michael Foley agus Ciarán O’Hara tús a chur le Over The Bar, podchraoladh nua a dhíríonn ar stair chluichí dúchasacha na tíre seo.

Tá Foley ar dhuine de na scríbhneoirí spóirt is fearr sa tír agus thart ar 25 bliain caite aige ag scríobh don Sunday Times agus don Sunday Tribune roimhe. Tá dhá leabhar den scoth a bhain le stair CLG, Kings of September faoi bhua Uíbh Fhailí i gcluiche ceannais peile na hÉireann 1982 agus The Bloodied Field faoi Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh in 1920. Is as Gaeltacht Iorrais ó dhúchas do O’Hara, a bhfuil blianta fada caite i mbun léirithe ar chluichí agus ar chláracha faoi CLG.

Tráthúil go leor agus an NFL tagtha go hÉirinn den chéad uair an tseachtain seo caite, is faoi chluiche ceannais peile na hÉireann 1947, nuair a imríodh cluiche ceannais peile na hÉireann sna Polo Grounds i Nua-Eabhrac, atá an chéad eagrán de Over The Bar. Déantar cur síos ar an ról lárnach a bhí ag fear de bhunadh Chorca Dhuibhne sa scéal agus cén fáth agus cén chaoi gur cuireadh foirne an Chabháin agus Chiarraí chuig Manhattan.

Tá eagrán nua den phodchraoladh le teacht amach gach seachtain.

Boinn do bhuíon na hÉireann

Rinneadh comhghairdeachas sa gcolún seo an tseachtain seo caite le Róisín Ní Riain as an trí bhonn a bhí buaite aici ag Craobhchomórtas Para-Snámha an Domhain i Singeapór ach bhíomar beagáinín róluath is léir. Bhuaigh bean óg Luimnigh dhá bhonn airgid eile sa linn thar an deireadh seachtaine agus lán mála tugtha abhaile aici. Bhuaigh Dearbhaile Brady dhá bhonn eile, ceann cré-umha agus ceann airgid, chun cur le comórtas den scoth don fhoireann.

D’éirigh thar barr le lucht spóirt na hÉireann le coicís anuas agus boinn buaite ag scata ag craobhacha domhanda éagsúla.

Fiona Murtagh lena bonn óir. Pic: INPHO/Detlev Seyb

Bhuaigh Fiona Murtagh ó Mhaigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe bonn óir sa mbád aonair ag Craobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain Dé Domhnaigh seo caite agus an chéad áit bainte amach freisin ag Fintan McCarthy agus Mags Cremen sa mbád measctha. An-cúpla lá a bhí ann do mhuintir McCarthy thall in Shanghai agus bonn eile, ceann cré-umha an uair seo, buaite ag Fintan le Philip Doyle sa mbád beirte agus thug a leathchúpla, Jake, bonn cré-umha leis freisin sa mbád aonair éadrom.

Bhuaigh Kate O’Connor bonn airgid sa heaptatlan ag Craobhacha Lúthchleasaíochta an Domhain i dTóiceo cúpla seachtain ó shin agus dhá bhonn óir atá buaite ag Orla Comerford, sna comórtais T13 100m agus 200m, ag na Craobhacha Para-Lúthchleasaíochta sa Deilí Nua.

Anuas orthu siúd uile, bhuaigh Ben Healy bonn cré-umha eile d’Éirinn sa rás bóthair ag Craobhchomórtas Rothaíochta an Domhain i Ruanda. Ba é Healy an chéad Éireannach a bhuaigh bonn sa rás ó tháinig Seán Kelly sa tríú háit in 1989.

Orla Comerford ag ceiliúradh a bua sa rás 200m. Pic: INPHO/TockoMackic

Fág freagra ar 'Gaeilge Chruachadóirí Pittsburgh, scéal na Polo Grounds agus boinn do bhuíon na hÉireann'