Beidh rialtas Cheanada ag brath go mór ar an intleacht shaorga le seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil i státseirbhís na tíre sin. Tá rialtas Mark Carney den tuairim láidir go gcuirfidh an intleacht shaorga le héifeachtúlacht, táirgiúlacht agus caighdeáin na seirbhísí.
D’fhógair an tAire um Athrú Rialtais, Oibreacha Poiblí, agus Soláthar, Joël Lightbound le deireanas go mbeadh ‘GCtranslate’ á sheoladh aige – inneall nua a úsáidfidh an intleacht shaorga le seirbhísí a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla Cheanada, an Béarla agus an Fhraincis.
Ba é Biúró an Aistriúcháin (macasamhail Rannóg an Aistriúcháin in Éirinn) a chruthaigh an uirlis nua agus is é an chéad togra de chuid Straitéis Intleachta Saorga Rúnaíocht Bhord Státchiste Cheanada. Beidh GCtranslate á úsáid i sé cinn de ranna agus gníomhaireachtaí feidearálacha ar dtús sula dtabharfaí isteach é ar fud na rann rialtais.
Maíonn rialtas Cheanada go bhfuil GCtranslate “slán” agus an bonneagar atá taobh thiar de go huile is go hiomlán lonnaithe i gCeanada. Dúradh gur bunaíodh an córas nua ar bhunachar “fairsing” Bhiúró an Aistriúcháin agus go bhfuil téarmaíocht a bhaineann le “cúrsaí rialtais chomh maith le réaltachtaí cultúir agus teanga Cheanada”.
“Cuireann an áis nua seo leis seirbhísí speisialaithe Bhiúró an Aistriúcháin trí aistriúchán ar an bpointe a thabhairt ar théacsanna nach dteastaíonn saineolas teanga,” a dúradh.
Mhaígh an rialtas go gcuirfidh an córas nua bonn níos láidre faoin dátheangachas ar fud na státseirbhíse agus ar fud an rialtais féin agus go léiríonn a chruthú go bhfuil an rialtas tiomanta an tseirbhís phoiblí “a nua-aoisiú”.
“Is léiriú soiléir é GCtranslate ar an leas a bhaineann le hathrú sa rialtas do Cheanadaigh. Taispeánann an uirlis intleachta saorga seo, a forbraíodh taobh istigh de Sholáthar agus Seirbhísí Poiblí Cheanada, an chumhacht atá ag an nuálaíocht Cheanadach leis an rialtas a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos freagraí.
“Trí aistriúcháin ardchaighdeáin a chur ar fáil go slán sábháilte ar an bpointe boise, cuireann GCtranslate bonn níos láidre faoi úsáid an dá theanga oifigiúla sa rialtas agus tacaíonn sé le seirbhís phoiblí nua-aimseartha atá in ann cos a choinneáil leis an aois dhigiteach. Is éard atá i gceist leis seo ná an teicneolaíocht a chur ag obair do mhuintir Cheanada le seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach níos tapa, níos cliste, agus sa dá theanga oifigiúla,” a dúradh i ráiteas a eisíodh faoin áis nua.
I measc na ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit a bhainfidh úsáid as an teicneolaíocht nua ar dtús tá an Roinn Airgeadais, Póilíní Capall Ríoga Cheanada, agus Canadian Heritage, eagraíocht stáit a thugann aire do shéadchomharthaí ar fud Cheanada.
Seoladh leagan trialach den tseirbhís i mí an Mheithimh agus aistríodh os cionn 60 milliún focal, nó 3,000 leathanach sa lá, ó shin. Tá an tseirbhís bunaithe ar chorpas a bhfuil ocht mbilliún focal ann agus beheidh na aistritheoirí gairmiúla ag déanamh measúnú ar chaighdeán an ábhair a chuirfidh sé ar fáil.
Dúirt rialtas Cheanada go bhfuil sé i gceist ag Biúró an Aistriúcháin na féidearthachtaí a bhaineann le teangacha dúchais Cheanada agus GCtranslate a fhiosrú amach anseo – idir aistriú, scríobh, ateangaireachta, agus aithint glór.
Fág freagra ar 'An intleacht shaorga le seirbhísí dátheangacha Rialtas Cheanada a sholáthar'