Ag deireadh an chéid seo caite, cuireadh na chéad síolta den GPA. Is cuimhin liom Donal Óg Cusack ag déanamh iarracht mhór chun imreoirí phainéal Chorcaí a eagrú, cé nach raibh gach duine róthógtha leis an smaoineamh ag an am.
Chaith sé uaireanta fada freisin ag taisteal ar fud na tíre ag iarraidh imreoirí ó chontaetha eile a spreagadh. Mar a bhíonn le haon eagraíocht nua, bhí an dul chun cinn mall ar dtús ach de réir a chéile tháinig fás agus forbairt uirthi.
Tá cuimhne agam ar na laethanta tosaigh, na dinnéir bhliantúla ag an GPA thart ar 2005–2006, nuair a bhíodh sluaite móra imreoirí ó gach contae i láthair. Ní raibh sé dírithe ar na contaetha ‘láidre’ ná ar bhuaiteoirí na ngradam amháin. Teacht le chéile a bhí ann d’imreoirí ó cheann ceann na tíre.
Anois, ar ndóigh, bíonn an dinnéar ag deireadh na bliana, nuair a bhronntar na Gradaim All-Star — comhfhiontar idir an GPA agus CLG. Tá CLG tar éis fáilte a chur roimh an GPA ina struchtúir, agus oibríonn an dá chomhlacht as lámha a chéile anois chun coinníollacha níos fearr a chur ar fáil inar féidir leis na himreoirí dul i bhfeabhas.
Le tamall de bhlianta anois faigheann na himreoirí deontas beag airgid agus de réir mar a thagann Buiséad 2026 chun tosaigh, tá Cumann Imreoirí Gaelacha tar éis cluichí iomána agus peile idirchontae a chur i mbéal an phobail trí éileamh a dhéanamh ar mhéadú ar dheontais imreoirí. Tá an t-éileamh seo tar éis díospóireacht a thosú faoi thodhchaí na gcluichí amaitéaracha in Éirinn.
Ó 2008 i leith, tá scéim deontais á maoiniú ag an stát a sholáthraíonn timpeall €5.6 milliún sa bhliain, rud a chiallaíonn thart ar €1,400 in aghaidh an imreora. Anois, tá an GPA ag lorg €10 milliún sa bhliain ó 2026 ar aghaidh, rud a chuirfeadh meáníocaíocht €2,500 ar fáil do gach imreoir, agus an sprioc fhadtéarmach atá acu ná €4,000 faoin mbliain 2030.
Deir Príomhfheidhmeannach an GPA, Tom Parsons, gur ‘breith suas’ atá i gceist. “Tá costais tar éis ardú go mór, tá dualgais na n-imreoirí níos troime, ach tá na deontais fágtha mar a bhí,” a dúirt sé.
Tá tuarascáil ó Indecon (comhairleoirí eacnamaíochta) ag tacú leis an éileamh: bíonn costais phearsanta €4,602 ar an meán ar gach imreoir gach bliain, agus idir an dá linn cruthaíonn na cluichí breis is €591 milliún in aghaidh na bliana don gheilleagar trí thicéid, craoltaí agus tionchar ar an bpobal.
Tá an GPA tar éis cruinnithe a bheith acu leis an Taoiseach Micheál Martin, leis an Aire Airgeadais Paschal Donohoe, agus le hoifigigh spóirt eile. Tá na comharthaí tosaigh dearfach, agus tá aitheantas tugtha don íobairt a dhéanann imreoirí agus do thábhacht chultúrtha CLG. Tá an t-iar-Uachtarán ar CLG agus Feisire Eorpach Seán Kelly tar éis a thacaíocht a chur i scríbhinn chomh maith. Mar sin féin, níl aon ghealltanas tugtha go fóill go bhfaighfear an t-éileamh iomlán €10 milliún. Tugann foinsí le fios go bhfuil méadú á mheas, ach b’fhéidir gur ar bhonn céimnithe a tharlóidh sé seachas i mbuiséad amháin.
Ardaíonn an t-éileamh ceist níos leithne, cé chomh fada is féidir na deontais a ardú gan teorainn an amaitéarachais a chur i mbaol? Tá imní ar roinnt traidisiúnaithe go bhféadfadh méadú róthapa an t-éiteas a lagú. Deir daoine eile, áfach, mura mbeidh tacaíocht níos córa ann, go háirithe do mhic léinn agus d’imreoirí ó cheantair thuaithe a bhíonn ag taisteal uaireanta fada, go bhfágfaidh go leor acu an cluiche ar fad.
Cuireann an GPA béim ar an bpointe nach ionann na híocaíochtaí seo agus pá gairmiúil. Tá siad measartha i gcomparáid le spóirt eile. Maidir le contaetha laga, áit a bhfuil na costais is troime agus na hacmhainní gann, feictear na deontais mar thaca riachtanach chun imreoirí a choinneáil agus comórtais a dhéanamh cothrom.
Is dócha gur féidir a rá gur tástáil atá i mbrú an GPA ar thiomantas na hÉireann dá cluichí dúchasacha. Maidir leis na himreoirí, is ceist aitheantais agus cothroime í. Maidir leis an rialtas, is ceist í faoi chothromaíocht a bhaint amach idir gach spórt sa tír.
Ag deireadh an lae is méid an-bheag airgid é d’imreoirí CLG na tíre a chuireann an t-uafás ama agus iarrachta isteach inár gcluichí dúchasacha.
Duine nach mbeidh ag imirt an bhliain seo chugainn is ea Patrick Horgan, a rinne an cinneadh tar éis 18 séasúr gur raibh an t-am tagtha chun éirí as an iomáint idirchontae. Fágann sé oidhreacht i bhfad níos saibhre ná boinn. Laoch a bhí ann do mhórán daoine ar fud na tíre a leanann an spórt uasal seo, agus gaiscí stairiúla á ndéanamh aige arís agus arís eile.
Tá trácht ann, ar ndóigh, ar an bhfíric nár bhuaigh sé bonn sinsearach Chraobh na hÉireann. Ach dúirt Pádraig féin go minic, agus is fíor ar fad é, gurb é an turas féin an rud, seachas an ceann scríbe. Na cairde a rinne sé, na cluichí móra a d’imir sé, na comhpháirtithe a sheas leis, agus an freasúra ar thug aghaidh sé air, sin na rudaí tábhachtacha. Agus nuair a bheidh na blianta caite agus é ag bualadh lena chairde, lena chomhimreoirí agus fiú lena chéilí comhraic, ní faoi bhoinn a buadh nó nár buadh a bheidh an comhrá. Labhróidh siad faoi na cluichí, na heachtraí agus na gaiscí a rinne siad. Sin é an fíorthomhas ar a uaisleacht.
Comhghairdeas, Hoggie. Laoch atá ionat.
Carraig
Is fíor, ní hiad na boinn is mó a mheánn ag deireadh thiar thall.
Féach go ndearna laoch eile ón gclub céanna, Christy Ring, cailís den stór a bhí bailithe aige féin díobh agus gur bhronn ar an Eaglais Chaitlicí iad i ndeireadh a shaoil.
Mar shúil, b’fhéidir, go dtabharfadh ár dTiarna fabhar breise do ghaiscíoch mór na hiomána i ngeansaí Chorcaí!