Naomh Conaill ag ceiliúradh arís i nDún na nGall, craobhacha sóisir do Chlann na nGael agus don Rinn

Chomh maith leis na cluichí móra a imríodh i nDún na nGall, sa Mhí agus i bPort Láirge, tá Maigh Cuilinn, Cill na Martra agus An Spidéal tríd go dtí na cluichí ceannais faoi cheann coicíse

Naomh Conaill ag ceiliúradh arís i nDún na nGall, craobhacha sóisir do Chlann na nGael agus don Rinn

Dún na nGall

Is iad Naomh Conaill curaidh shinsir peile Dhún na nGall den ochtú uair tar éis dóibh Gaoth Dobhair a chloí théis am breise, 2-18 in aghaidh 1-19, i gcluiche ceannais lán d’eachtraí inné.

Bhí Gaoth Dobhair seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama agus iad ag iarraidh díoltas a fháil Naomh Conaill a bhuaigh orthu i gcluichí ceannais 2019 agus 2023, ach is deacair fir na nGleanntach a choinneáil faoi chois.

B’fhearr i bhfad Gaoth Dobhair sa gcéad leath agus d’fhág cic éirice ó Dhaire Ó Baoill agus pointí ó leithéidí Ethan Harkin, Odhrán Mac Niallais, Stephen McFadden, Éamonn Collum agus Micheál Roarty go raibh fir Mhachaire Gathlán 1-10 in aghaidh 0-6 chun tosaigh théis 30 nóiméad.

Tá éacht déanta ag Martin Regan ó thóg sé ceannas ar Naomh Conaill deich mbliana ó shin agus pé rud a dúradh ag leath ama, bhí i bhfad níos mó fuinnimh in imirt na foirne sin sa dara leath. Bhí ar chúl báire Ghaoth Dobhair Pádraig Mac Giolla Bhríde sábháil den scoth a dhéanamh ó Charles McGuinness 30 soicind isteach sa dara leath. Bhí an liathróid san eangach ag Naomh Conaill théis 35 nóiméad ach níor ceadaíodh an scór. Tháinig an cúl faoi dheireadh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nuair a scóráil Kevin McGettigan ar an dara hiarracht tar éis do Mhac Giolla Bhríde sábháil eile a dhéanamh ó Finbarr Roarty.

Brendan McDyer, Shea Malone agus Eamonn Mac Giolla Bhríde. Pictiúr: INPHO/Leah Scholes

Cé go raibh Naomh Conaill go mór in uachtar, d’éirigh le Gaoth Dobhair an bhearna a mhéadú go dtí ceithre phointe arís. Laghdaíodh arís í gan mhoill nuair a d’aimsigh Odhrán Doherty scór dhá phointe chun an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin sa 59ú nóiméad. Chuir Niall Friel Gaoth Dobhair dhá phointe chun cinn arís. Bhí deiseanna acu an bhearna a mhéadú ach chailleadar iad agus d’íocadar go daor as.

Bhí 62 nóiméad ar an gclog nuair a chuaigh Naomh Conaill ar ionsaí amháin eile. Tugadh an liathróid chomh fada le himeall an stua 40m agus chuir an t-ógánach Shea Malone cic dhá phointe iontach idir na postaí chun am breise a chinntiú.

Ógánach eile, Max Campbell a d’aimsigh an scór cinniúnach in am breise, cúl sa 68ú nóiméad, agus bhí rith an ráis le Naomh Conaill. Mhéadaigh siad an bhearna go dtí sé phointe ag tráth amháin in am breise agus cé gur laghdaigh Ethan Harkin an bhearna le scóranna maithe, ní raibh Gaoth Dobhair in ann an teacht aniar a chríochnú.

Gaillimh

Ba é Peter Cooke laoch Mhaigh Cuilinn agus tionchar cinniúnach aige ar bhua na foirne ar Réalta Thuama i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir na Gaillimhe. Ní raibh cluiche ar bith imeartha ag Cooke sa gcraobh roimh Dé Sathairn agus é ag obair i Meiriceá, ach tugadh isteach sa dara leath é i Staid an Phiarsaigh agus fuair sé cúilíní tábhachtacha sa mbua aon phointe amháin, 0-18 in aghaidh 1-14.

D’fhág cúl ó Chian Mitchell sa 23ú nóiméad go raibh fir Thuama 1-7 in aghaidh 0-7 chun tosaigh ag leath ama ach tháinig Maigh Cuilinn ar ais diaidh ar ndiaidh le cabhair scóranna ó leithéidí Dessie Conneely agus Johnny Moloney. Thóg sé tamaillín ar Cooke dul i dtaithí ar an gcluiche nuair a tugadh isteach é ach léirigh sé a chumas le scór gleoite dhá phointe chun Maigh Cuilinn a thabhairt ar ais ar comhscór sa 54ú nóiméad agus ba é Mac Uí Chuaig a chuir Maigh Cuilinn chun cinn ansin trí nóiméad ina dhiaidh sin. Bhabhtáil na foirne scóranna san am a bhí fágtha agus bhí deiseanna ag Tuaim an comhscór a fháil ach níor éirigh leo agus Maigh Cuilinn anois ag fáil réidh dá gcúigiú cluiche ceannais le sé bliana anuas agus iad le haghaidh a thabhairt ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, a fuair an ceann is fearr ar Chora Finne níos déanaí Dé Sathairn.

Tá An Spidéal ar ais sa gcluiche ceannais sa gCraobh Idirmheánach i nGaillimh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Breandán ar an Domhnach, 1-13 in aghaidh 1-11. Ba é cúl báire an Spidéil, Maghnus Breathnach, an laoch agus cic saor dhá phointe slánaithe aige leis an gcic deireanach chun an bua a thabhairt d’fhir Chois Fharraige.

Chuir an Spidéal fíor-dhrochthús leis an gcluiche agus an chéad sé phointe den chluiche faighte ag Naomh Breandán. Cé gur fheabhsaigh an Spidéal de bheagán roimh leath ama, an bhearna chéanna a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-4, tar éis do Rory Cunningham cúl a fháil d’fhoireann Bhéal Átha Ghártha.

Bhí an Spidéal i bhfad níos fearr sa dara leath agus spreagadh faighte acu ó chúl a d’aimsigh Antaine Ó Laoi sé nóiméad isteach sa dara leath. Chuir scór dhá phointe den scoth ó Mhaghnus Breathnach na foirne ar comhscór arís. D’imigh an Spidéal dhá phointe chun tosaigh ansin agus an t-am nach mór caite agus cé gur tháinig Naomh Breandán ar ais, bronnadh an deis ar an mBreathnach an cluiche a bhuachan in am cúitimh, deis a thapaigh sé le fonn. Imreoidh an Spidéal in aghaidh na Cealtraí sa gcluiche ceannais.

Ciarraí

An Daingean a tháinig slán ó chath Chorca Dhuibhne i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí agus bua sé phointe acu ar Chiarraí Thiar, 1-16 in aghaidh 0-13, sna babhtaí ceathrú ceannais. D’aimsigh Paul Geaney 1-9 don Daingean sa gcluiche agus cé go raibh siad fear gann don dara leath uile tar éis do Conor Flannery dhá chárta buí a fháil, ní raibh Ciarraí Thiar in ann coinneáil leo.

Bhí an fhoireann dúiche faoi mhíbhuntáiste ón tús agus gan teacht acu ar thriúr imreoirí tábhachtacha ón nGaeltacht – Brian Ó Beaglaoich, PJ Mac Láimh agus Éanna Ó Conchúir – agus buaileadh buille eile orthu nuair a gortaíodh Franz Sauerland luath sa gcéad leath.

Ní raibh ach cúpla pointe idir na foirne théis 20 nóiméad ach shlánaigh Paul Geaney cic éirice ina dhiaidh sin agus fuair Tom O’Sullivan agus Matthew Flaherty pointí chun bearna sé phointe a chur idir na foirne ag leath ama, 1-9 in aghaidh 0-6. Laghdaigh Ciarraí Thiar an bhearna go dtí trí phointe le cabhair scór dhá phointe ó Chathal Ó Beaglaoich ach ní dheachaigh siad tada níos giorra dá gcéilí comhraic agus fuair Geaney sé cinn de phointí sna 20 nóiméad deireanach den dara leath.

Tadhg Ó Corcora. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Corcaigh

Bua amháin eile atá idir Chill na Martra agus Príomh-Chraobh Shinsir Peile Chorcaí tar éis d’fhir na Gaeltachta bua cuimsitheach a fháil ar Éire Óg ina gcluiche leathcheannais Dé Sathairn. Ceithre phointe a bhí idir na foirne ag an deireadh, 1-17 in aghaidh 1-13, ach bhí Cill na Martra dhá phointe dhéag chun tosaigh agus thart ar deich nóiméad fágtha, léiriú níos cruinne ar an gceannas a bhí acu ar an gcluiche.

D’aimsigh Cill na Martra cúig phointe as a chéile i dtréimhse amháin sa gcéad leath, rud a d’fhág go raibh siad 0-11 in aghaidh 0-5 chun tosaigh ag leath ama. Tháinig cúl Chill na Martra luath sa dara leath agus é aimsithe ag Tadhg Ó Corcora agus d’fhág cúpla scór dhá phointe ó Damien Ó hÚrdail go raibh siad 1-17 in aghaidh 0-8 chun tosaigh théis 52 nóiméad. D’aimsigh Éire Óg 1-5 gan fhreagra san am a bhí fágtha ach an rud is mó a bheidh ag déanamh imní do Chill na Martra ná na gortuithe a bhain do Tadhg Ó Corcora, Antóin Ó Cuana agus Ciarán Ó Duinnín roimh dheireadh an chluiche.

Cnoc na Graí a bheidh ag fanacht orthu sa gcluiche ceannais tar éis dóibhsean an ceann is fearr a fháil ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh sa gcluiche leathcheannais eile. Is é an tríú cluiche ceannais atá bainte amach ag Cnoc na Graí le ceithre bliana anuas agus léirigh siad a gcumas sa mbua 2-19 in aghaidh 1-10.

Bhí Béal Átha an Ghaorthaidh pointe chun tosaigh théis 14 nóiméad ach d’aimsigh Niall O’Connor cúl do Chnoc na Graí chun iad a chur chun cinn agus ghlac an cumann atá buailte ar an teorainn le Ciarraí ceannas iomlán ar chúrsaí nuair a scóráil Anthony O’Connor cúl eile. Aon phointe dhéag a bhí idir na foirne ag leath ama, 2-10 in aghaidh 0-5.

Bhí an bhearna méadaithe go dtí seacht bpointe dhéag agus gan ach seacht nóiméad fágtha ach d’aimsigh Diarmuid Mac Thomáis 1-2 do Bhéal Átha an Ghaorthaidh, rud a chuir cuma beagáinín níos fearr a chur ar chlár na scór.

Bhí údar díomá ag Naomh Abán sa bPríomh-Chraobh Idirmheánach chomh maith agus iad buailte ag Achadh Bolg le haon phointe amháin Dé Sathairn, 2-11 in aghaidh 0-15.

D’aimsigh Luke Casey dhá chúl d’Achadh Bolg sa gcéad leath chun iad a chur 2-5 in aghaidh 0-8 chun tosaigh ag leath ama agus chuir siad leis an bhfarasbarr sin sa dara leath agus sé phointe idir na foirne agus deich nóiméad fágtha. D’aimsigh Caoimhín Ó Dunnchú, Ed Ó Mír (2), Micheál Ó Liatháin (2) agus Dónal Ó Ceallaigh pointí chun Naomh Abán a thabhairt ar ais i bhfoisceacht aon phointe amháin ach chinn orthu pointe an chomhscóir a fháil.

Port Láirge

Bhí mná na Rinne ag ceiliúradh ar an Domhnach agus Craobh Shóisir A Camógaíochta Phort Láirge tugtha leo acu. Chaill an cumann Gaeltachta cluiche ceannais na bliana seo caite ach fuair siad greim ar an gcorn Dé Domhnaigh agus bua 3-12 in aghaidh 1-11 acu ar Phort an Chalaidh.

Chuir an Rinn tús maith leis an gcluiche agus an chéad cheithre phointe aimsithe acu ach bhí Port an Chalaidh ar ais ar comhscór faoi leath ama agus 0-6 aimsithe ag an dá fhoireann. D’aimsigh Fiona Rochford cúl tábhachtach chun an Rinn a chur ceithre phointe chun cinn agus deich nóiméad fágtha agus d’aimsigh Onelia Whelan agus Ádhmhín Ní Ríordáin cúl an duine ansin chun an bua a chinntiú.

Beircheart Ó Corcaíoch, Clann na nGael agus Séamus Mac an tSaoir (Máisiún) ag coinneáil súil air

An Mhí

Ceithre mhí tar éis dóibh an chraobh shóisir ag Comórtas Peile na Gaeltachta a thabhairt leo sa mbaile, bhuaigh peileadóirí Chlann na nGael Craobh Shóisir A na Mí agus Naomh Uinsionn curtha de dhroim seoil acu i gcluiche ceannais an tSathairn, 0-17 in aghaidh 1-12.

D’aimsigh Clann na nGael an chéad chúig scór den chluiche ach d’fhág cúl ó Matthew Griffin nach raibh ach dhá phointe idir na foirne ag leath ama, 0-8 in aghaidh 1-3.

Bhí Naomh Uinsionn ar ais ar comhscór luath sa dara leath agus is beag a bhí idir na foirne ina dhiaidh sin. D’aimsigh Tomás Doyle scór dhá phointe, an dara ceann aige sa gcluiche, chun Clann na nGael a chur cúpla pointe chun tosaigh agus cé gur laghdaigh Naomh Uinsionn an bhearna arís, scóráil Ben Corkery a chúigiú phointe chun an dá phointe a chur eatarthu arís sular séideadh an fheadóg dheiridh.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill ag ceiliúradh arís i nDún na nGall, craobhacha sóisir do Chlann na nGael agus don Rinn'