Seachtain ar sheachtain, tagann ídiú beag ar mo spiorad nuair a chím cuid de na rudaí atá ag tarlú le cluichí CLG…

Déarfaidh na seachtainí amach romhainn mórán linn faoina bhfuil i ndán don pheile

Seachtain ar sheachtain, tagann ídiú beag ar mo spiorad nuair a chím cuid de na rudaí atá ag tarlú le cluichí CLG…

Bainisteoir Chill Dara, Cian O’Neill. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Drochsheachtain ab ea í seo do bhainisteoirí caide idirchontae.

D’éirigh le bainisteoir chontae an Chláir Colm Collins fionraíocht aon chluiche amháin a tharrac air féin de bharr na híde a deirtear a thug sé d’oifigeach nó maor éigin a chuir conach air le linn agcluiche comhscóir le Tiobraid Árann.

Bhí bainisteoir Longfoirt, Denis Connerton oirúnach le ceangal tar éis dá fhoireann siúd a gcluiche sraithe i aghaidh Ard Mhacha a chailliúint le haon phointe suarach amháin. Dúirt Connerton gur ‘ligthe síos’ a d’fhág an réiteoir agus a chriú a fhoireann agus é ag cáiseamh líon na gcalaoisí a measadh a bhí déanta ag a bhuíon imreoirí i gcomparáid le hArd Mhacha.

Ní faic é nó gur thosnaigh bainisteoir Chill Dara, Cian O’Neill, ar a chuid léirmheastóireachta ar thaispeántas an réiteora, Paddy Neilan, ina gcluiche siúd i gcoinne Thír Eoghain. Dúirt O’Neill go mbeadh ‘náire’ ar an réiteoir dá gcífeadh sé na botúin a bhí déanta aige i gcaitheamh an chluiche – botúin, dar le O’Neill, a cheil an dá phointe sraithe ar a fhoireann. Is é an rud is mó a ghoill ar O’Neill ná easpa tuisceana an réiteora, dar leis, maidir le riail an bhuntáiste. Trí bhabhta ar fad, a dúirt O’Neill, a séideadh an fheadóg agus a fhoireann ag déanamh isteach ar an mbáide. “Tá a fhios ag an saol Fódhlach,” a dúirt O’Neill, “go mbíonn sé deacair a dhóthain bearnaí a aimsiú i gcóras cosanta Thír Eoghain, ach is é an diabhal ar fad é nuair a aimsítear na bearnaí, go nglaoitear ar ais ar imreoirí chun cic saor a bhronnadh orthu.”

‘Sin iad na rudaí,’ arsa mise liom féin nuair a bhíos ag léamh fé chrá croí Uí Néill, an Choileánaigh agus Uí Chonnachtáin sna nuachtáin. Gan aon chaint déanta faoi na botúin a dhein na himreoirí i gcaitheamh na huaire, ná go deimhin faoi na tuaiplisí go léir a deintear gach aon lá ag gach leibhéal ar an dtaobhlíne ag cuid de na bainisteoirí is mó clú agus cáil amuigh.

Nílim ag rá gur cheart go mbeadh aird dírithe ar bhotúin imreoirí, bainisteoirí agus roghnóirí tar éis cluichí ach má táthar chun ardán a thabhairt do thuairimí bainisteora bailithe, ba cheart chomh maith cead cainte a thabhairt d’fhear séidte na feadóige.

Tá mórfheachtas ar líne agus ins na meáin thraidisiúnta ar bun le blianta ag iarraidh breis imreoirí agus breis ball i gcoitinne a mhealladh i dtreo na réiteoireachta. Ach cé a bheadh ina réiteoir nuair nach ná fuil de thoradh ar chuid mhaith den imirt ach cáineadh, leagadh agus sciúrsáil?

Is léir le tamall, leis, go bhfuil imreoirí an lae inniu dulta rófhada chun cinn ar an bhfiach agus go bhfuil sé geall le dodhéanta imirt an lae inniu a mhaoirsiú i gceart.

Nuair a tharlaíonn coimhlint nó nuair a bhíonn iomaíocht in aon spórt idir aon bheirt nó aon dá fhoireann téann a mbíonn i láthair i muinín an chonartha neamhscríte. Íocann an lucht féachana ar an láthair ar an mbonn go gcífidh siad coimhlint ina mbeidh bris agus bua mar thoradh air. Deineann an lucht féachana age baile amhlaidh gach uair a thugann siad a gcuid ama caite ar an gcúits. Deineann imreoirí agus lucht bainistíochta amhlaidh trí ghníomh is trí bhriathar agus deineann lucht riartha na gcluichí (Cumann Lúthchleas Gael sa chás seo) a ndícheall chomh maith a gcuid siúd den gconradh neamhscríte seo a chomhlíonadh trína chinntiú go mbíonn cothrom na Féinne agus riar na córa i bhfeidhm.

Tá tamall, áfach, ó bhí na páirtithe leasmhara (i mbéarlagair an lae inniu) ar aon fhocal agus má leanann an cúrsa mar atá, beidh an conradh briste go hiomlán. Tá cuid den lucht féachana a thagann go dtí’s na cluichí anois meáite ar íde na muc is na madraí a thabhairt dos na himreoirí agus don lucht bainistíochta. Tá cuid den lucht féachana age baile ag íoc airgid le comhlachtaí teilifíse chun cluiche amaitéarach a fheiscint. Tá gníomhartha agus briathra chuid des na himreoirí agus bainisteoirí ag tabhairt le tuiscint dúinn lá i ndiaidh lae go bhfuil sé ceart go leor rialacha an chluiche a lúbadh agus a chasadh chun an bua a bhaint amach agus tá lucht riartha na gcluichí féin toilteanach glacadh leis an earra fé bhun caighdeáin chomh fada is a fhanann an pobal ag freastal ar chluichí idirchontae.

Nílim ag iarraidh neamhní a dhéanamh den obair iontach atá ar bun fud faid na tíre ar an mórgóir i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael agus is cinnte nach dteastaíonn uaim go mbeadh mo ghuth-se á chur le glam na gcon i ndiaidh a sáraithe. Glam é seo atá go rábach sa  tráchtaireacht ar ár gcluichí inniu agus ní dóigh liom go ndeineann sé aon mhaitheas d’éinne.

Mar sin féin, ní fhéadfam a rá ná fuil ídiú, más beag féin é, seachtain ar sheachtain ar mo sprid nuair a chím cuid des na rudaí atá ag tarlúint ar pháirc na himeartha agus lasmuigh di ó thús na bliana seo.

Caithfidh go bhfuil slí eile ann ach an bhfuil an toil ann chuige?

Déarfaidh na seachtainí amach romhainn mórán linn faoina bhfuil i ndán don gcluiche.

Fág freagra ar 'Seachtain ar sheachtain, tagann ídiú beag ar mo spiorad nuair a chím cuid de na rudaí atá ag tarlú le cluichí CLG…'