Is beag duine nár thug suntas den mhéid uaireanta a chaith Bandiúc Cambridge Shasana éadach ar dhath glas le linn a cuairte ar an tír seo le gairid agus í i dteannta a fir chéile, an Diúc William. Shilfeá go bhfuair a cuid comhairleoirí faisin meamram a dúirt gurbh é an dath glas dath náisiúnta na hÉireann agus gur bhain siad an bhrí as sin go gcaithfí é a chaitheamh gach lá.
Lá Fhéile Pádraig is minice a chaitheann go leor againn an dath glas ach tá éadach álainn ar fáil i gcónaí ar an dath sin agus é oiriúnach do gach cineál ócáide. Seo seacht rogha nach rachadh amú ar dhuine aon lá den bhliain, banphrionsa agus an chuid eile againn.
Gúna pléatáilte ó Warehouse ar €100
Seo gúna iontach d’ócáid bhainise nó do shearmanas cóineartaithe. Tá éadaí pléatáilte go mór sa bhfaisean faoi láthair.
Geansaí le muineál ard ó Mango ar €19.99
Is breá liom an muineál ard ar an mbarr álainn cniotáilte seo. Bheadh sé seo feiliúnach don obair faoi bhléasar rómhór agus treabhsar dubh.
Treabhsar ar a dtugtar Olivia ó Dunnes Stores ar €25
Tá treabhsair mar seo le beilt den fhabraic chéanna ar fheabhas mar mhalairt ar jíons. Tá an treabhsar seo ar fáil ar phraghas iontach agus ardchaighdeán ann.
Sciorta cniotáilte le scoilt ó Weekday ag ASOS ar €48.39
Bánghlas nó fionnghlas a thugtar ar an dath éadrom seo agus is í an imir ghlas is fearr liom faoi láthair. Tá an sciorta cniotáilte seo thar a bheith compordach agus bhreathnódh sé go deas le t-léine bhán agus le péire bróg converse.
Cairdeagan fada ó Zara ar €29.95
Seo cairdeagan atá te teolaí ar phraghas iontach ó Zara. Is breá liom an dath dúghlas seo agus bheadh sé go deas le feisteas iomlán dubh. An rud is fearr liom faoin gceann seo ná go bhfuil fad bhreá ann i gcomparáid le gnáthchairdeagan.
Cóta báistí ó H&M ar €39.99
Ní strainséir ar bith againne an bháisteach sa tír seo le tamall anuas ach seo cóta breá atá deas simplí ó H&M. Tagann mála beag leis agus is féidir an cóta a fhilleadh isteach ann nuair a bheidh an bháisteach thart.
Geansaí cniotáilte ó & Other Stories ar €39
An dath bánghlas nó fionnghlas atá i gceist arís sa gheansaí seo ó & Other Stories. Seo geansaí ardchaighdeáin le muineál ard a bheadh go deas le treabhsar nó sciorta ar meánfhad.
Con Ó Murchú
Gangsters ceart!
As they claim to own part of Ireland, (na sé contae) they would claim it is their colour!