Seacht rogha brístí gearra do cheartlár shéasúr an tsamhraidh

Idir €5 agus €60 ar bhrístí faiseanta don tsiúlóid cois trá nó don phicnic faoin ngrian

Seacht rogha brístí gearra do cheartlár shéasúr an tsamhraidh

Tá tús mhí Lúnasa buailte linn agus muid ag tarraingt ar cheartlár shéasúr na mbrístí gearra sa tír seo.

Sa mbaile in Éirinn a bheidh muid ar saoire i mbliana ach amháin an beagán sin againn atá sách seafóideach lenár sláinte a chur i mbaol ar thurais idirnáisiúnta.

Cé nach féidir brath i gcónaí ar aimsir bhreá sa tír seo – fiú i mí Lúnasa – ba cheart go mbeadh corrlá ann do na t-léinte agus brístí gearra.

Nach iad a bhíonn compordach ar shiúlóid cois trá nó ar phicnic faoin ngrian. Is féidir le brístí gearra a bheith néata agus neamhfhoirmiúil nó faiseanta agus sofaisticiúil; tá neart roghanna le fáil faoi láthair.

Seo roinnt de na cinn a mheall mo shúil féin ar phraghsanna idir €5 agus €60.

 

Bríste gearr Beirmiúdach ó Zara ar €29.95

Chuirfeadh an péire álainn bláthach buí seo beocht in aon fheisteas. Bheidís thar cionn le caitheamh le barr deas bán d’ócáid leathfhoirmeálta.

 

Bríste gearr dubh le spotaí bána ó Topshop ar €34

Tá patrún agus stíl dheas ar an mbríste simplí seo agus taitníonn an dearadh ar an mbásta go mór liom.

 

Bríste gearr spóirt ó H&M ar €9.99

Seo bríste deas bándearg sa stíl sin ar a dtugtar ‘bogshodar’ dóibh siúd ar maith leo an lá a chaitheamh faoin ngrian nó cois trá. Cuid d’fheisteas faiseanta iad má chaitear iad le barréide bheag agus léine mar atá sa bpictiúr seo. Margadh maith ar €10.

 

Bríste gearr bláthach ó Mango ar €29.99

Tá beagán den stíl Bhoihéamach ar an mbríste bláthach seo atá thar a bheith compordach agus an-éadrom go deo. Níl uait ach teas na gréine.

Bríste gearr deinime ó & Other Stories ar €59

Tá siad seo beagán daor ach ní féidir dul amú le bríste deas deinime. Is maith liom an gearradh atá orthu seo agus gan iad róchúng ar an gceathrú.

 

Bríste gearr ‘chambray’ ar dhath gorm ó Dunnes Stores ar €5

Meascán den línéadach agus cadás atá sa mbríste agus gan air ach €5. Tá siad seo an-chompordach agus rogha de cheithre dhath eile ar fáil – bán, liath, buídhearg agus dath na cloiche.

 

Bríste gearr bán ó Reclaimed Vintage ag ASOS ar €27.99

Dearadh faiseanta le básta ard orthu seo ó ASOS. Tá barréide ar an dath céanna le fáil má tá fonn meaitseála ort. Bheidís sé seo ar fheabhas le caitheamh ag féile cheoil ach is dócha go mbeidh ar dhuine fanacht go dtí 2021 d’ócáid mar sin – nó iad a chaitheamh ag féile fhíorúil…ar Zoom!

Fág freagra ar 'Seacht rogha brístí gearra do cheartlár shéasúr an tsamhraidh'