Seacht ndúshlán pearsanta le dul i ngleic leis an leadrán agus muid srianta ag Covid-19 

Tá an leadrán tuirsiúil ach is féidir leas a bhaint as an tréimhse ama seo le rudaí a dhéanamh a bhí curtha ar an mhéar fhada roimhe seo

Seacht ndúshlán pearsanta le dul i ngleic leis an leadrán agus muid srianta ag Covid-19 

Nuair a fógraíodh ar dtús go raibh scoileanna agus tábhairní na tíre le dúnadh agus gur ón mbaile a bheadh formhór againn ag obair be bharr Covid-19 bhí dóchas éigin ann go mbeimis ag filleadh ar an ngnáthshaol arís i dtaca an ama seo. An Domhnach 29 Márta a bí luaite mar chéadsprioc, ach faraor, is léir anois go bhfuil tréimhse fhada eile romhainn.

Ní hiad na páistí beaga nó na daltaí scoile amháin atá ag fulaingt de bharr an leadráin agus iad dubh dóite de na srianta agus na ceangail atá curtha orthu ag na hiarrachtaí le dul i ngleic leis an víreas marfach seo. Tá an strus céanna ar dhaoine fásta ach seans gur fearr a thuigeann muid a riachtanaí agus atá sé cloí go docht leis na rialacha nua ar son ár leasa féin agus ar mhaithe le sláinte an phobail.

Tá an leadrán tuirsiúil ach ní hiondúil go gcailltear daoine leis. Seachas breathnú ar na srianta atá orainn cheal tábhairní, clubanna, imeachtaí spóirt, pictiúrlanna agus amharclanna, d’fhéadfaimis leas maith a bhaint as an tréimhse ama seo agus tabhairt faoi dhúshláin agus tascanna a bhí curtha ar an mhéar fhada againn le tamall.

Seo cúpla smaoineamh a rith liom féin.

An vardrús a ghlanadh

Seans maith é seo leis an éadach sin nach gcaitheann tú níos mó a ghlanadh as do vardrús. Is féidir chuile phíosa a tharraingt amach ar dtús agus iad na roinnt i dtrí charnán difriúil: carnán amháin don éadach atá le coinneáil agat, ceann atá le bronnadh ar eagraíocht charthanachta amach anseo agus ceann eile don éadach sin atá róchaite agus nach bhfuil i ndán dó ach an bosca bruscar. Trí charnán agus tá do vardrús réitithe agus maitheas déanta agat do charthanacht éigin freisin. 

Aclaíocht ón mbaile

Ní féidir ligean do na ceangail atá orainn muid a stopadh ón aclaíocht. Tá sé an-tábhachtach nach ligfeadh muid don leisce greim a fháil orainn agus muid sáinnithe istigh sa teach le cúpla seachtain. Tá físeáin aclaíochta ar fáil saor in aisce dóibh siúd atá ina mbaill de ghiomnáisiamaí áirithe agus neart físeán ar na meáin shóisialta. Tá roghanna eile ar YouTube de gach cineál aclaíochta faoin spéir agus faoin díon. Agus tá Joe Wicks ar YouTube ag cur ranganna corpoideachais ar fáil chuile mhaidin ag a 9.00am do ghasúir gur suim leo sin.

Scuaba smididh a níochán

Caithfidh mé a admháil go gcuirim féin an jab seo ar an mhéar fhada go minic. Ach seo rud is ceart a dhéanamh go rialta chun iad a choinneáil glan, go háirithe ag an am seo nuair is gá a bheith an-chúramach faoi gach a dtéann i dteagmháil lenár n-aghaidheanna. Ní theastaíonn ach beagáinín gallúnaí agus uisce te mura bhfuil glantóir scuab agat agus ligean do na scuaba triomú go nádúrtha, agus iad leagtha ar a dtaobh.

Tráthnóna spá sa mbaile

Is álainn an rud é anois agus arís é muid féin a mhilleadh agus tréimhse a chaitheamh i spá ach, faraor, ní bheidh an pléisiúir sin ar fáil dúinn arís ar feadh tamaill. Níl cúis ar bith nach bhféadfadh duine tráthnóna spá a dhéanamh sa mbaile. Folcadh deas teolaí an chéad chéim agus masc don ghruaig nó feabhsaitheoir a fhágáil inti ina dhiaidh sin. Masc aghaidhe an chéad chéim eile agus ansin na hingne a phéinteáil. Sin do só-spá beag pearsanta le faoiseamh a thabhairt don cholainn agus don intinn.

Léamh agus siopadóireacht ar líne

Is deacair i gcónaí am a fháil lena bhfuil d’irisí faisin ann a léamh ach tá neart ama anois againn. Agus tá rogha dhochreidte de na hirisí seo ar fáil ar líne. Is breá liom féin allure.com agus getthegloss.com a thugann eolas iontach faoin chúrsaí cúram cnis agus táirgí smididh. Agus ar ndóigh, is féidir fós beagán siopadóireachta a dhéanamh ar líne d’earraí faisin agus cúram cnis. Murach mbeadh aon mhaith eile ann coinneoidh sé tiománaithe na veaineanna seachadta i mbun oibre. 

Dúshlán nua foghlama

Nasc iontach an deis é seo le scil a fhorbairt nó ceann nua a fhoghlaim? Céard faoi cheachtanna i gcruinneas na Gaeilge? Tá cúrsaí an-mhaith ar fáil ar líne ag Gaelchultúr a dhéanfadh saineolaithe ar ghramadach na Gaeilge dúinn ar fad. Nó céard faoi theanga nua a fhoghlaim? Thaitneodh liom féin tabhairt faoin Spáinnis agus tá cúnamh iontach ar fáil ar Youtube nó Duolingo. Puedo tomar otro cóctel, por favor?

Teicnící machnaimh

Bhí mé féin in amhras faoi seo go dtí gur thosaigh mé air i dtús na bliana. Go deimhin, bhí amhras orm go mbeinn in ann é a dhéanamh. Ach tá cúrsa machnaimh ar siúl agam ó fuair mé an aip ‘Headspace’ agus caithim píosa ina bhun gach lá. Is féidir triail a bhaint as an aip seo saor in aisce lena fháil amach an dtaitníonn sé leat sula gceannaíonn tú é. Is féidir an cúrsa a leanúint aon uair den lá agus feictear dom féin go n-oibríonn sé go hiontach agus tú ag dul a chodladh san oíche.

Cibé faoin leadrán, níl amhras ar bith orm ach go gcaithfidh muid éisteacht le comhairle na saineolaithe agus fanacht sa mbaile go dtí go bhfillfidh an gnáthshaol arís.

Fág freagra ar 'Seacht ndúshlán pearsanta le dul i ngleic leis an leadrán agus muid srianta ag Covid-19 '

  • Aoife

    *Thosaigh mé ag foghlaim conas an giotar a sheinm.
    *Táim ag coinneáil suas le m’obair scoile.
    *Féachaim ar a lán scannán. A lán scannán brónach, níl a fhios agam cén fath!!
    *Bácáil mé go leor! Tá cácaí, brownies, barraí seacláide agus cupcakes déanta agaom.
    *Ghlan mé mo theach ó bhun go barr le mo chlann.
    *Téim ag súil le mo mhadra agus mo dheirfiúr.
    *Bím ag caint le mo chairde gach lá ar na meáin shóisialta agus ar ghlaonna físe.