Seacht mbaile Gaeltachta ar liosta an EPA maidir le séarachas amh

D’fhéadfadh suas le trí bliana a bheith ann sula gcuirtear deireadh le fadhb an tséarachais amh i gceantair áirithe

Seacht mbaile Gaeltachta ar liosta an EPA maidir le séarachas amh

Tá seacht mbaile Gaeltachta ar liosta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) de bhailte óna bhfuil séarachas á scaoileadh chun siúil i lochanna, aibhneacha agus farraigí na hÉireann.

De réir tuarascáil nua de chuid an EPA tá dramhuisce neamhchóireáilte, nó séarachas amh, a scaoileadh chun siúil ó cheithre bhaile Gaeltachta i nDún na nGall – Ailt an Chorráin, An Fál Carrach, An Cheathrú Caol agus Cill Charthaigh.

Tá séarachas amh a scaoileadh chun siúil ó dhá bhaile Gaeltachta sa Ghaillimh, An Cheathrú Rua agus An Spidéal, agus ó bhaile Gaeltachta amháin i Maigh Eo, Béal an Mhuirthead. 44 baile sa stát atá luaite ag an EPA ar an liosta seo agus deirtear go bhféadfadh go mbeadh suas le trí bliana ann sula gcuirfear deireadh le fadhb an tséarachais amh i bhformhór mór na gceantar sin toisc moill mhór a bheith ar an obair maidir le córais chóireála chearta a chur ar fáil.

Tá an dlí á chur ag the EPA ar Uisce Éireann mar gheall ar dhramhuisce neamhchóireáilte a bheith á scaoileadh chun siúil i gcónaí.

Tá na seacht mbaile Gaeltachta luaite chomh maith ar liosta an EPA den 148 ceantar uirbeach sa stát ina dteastaíonn feabhas maidir leis an gcóras cóireála dramhuisce chun go mbainfí spriocanna timpeallachta amach. Tá An Tearmann i nGaeltacht Dhún na nGall luaite chomh maith ar an liosta seo.

De réir na tuarascála, a foilsíodh ar maidin, caithfear infheistíocht mhór chaipitil a dhéanamh chun córais chóireála éifeachtacha a chur ar fáil sna ceantair seo agus deirtear freisin gur gá tograí infreastruchtúir a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtaí chun deireadh a chur le moilleadóireacht.

Tarlaíonn go mbíonn dramhuisce neamhchóireáiltee truaillithe ag baictéir agus víris dhíobhálacha agus is baol é do shláinte an phobail, d’éiceachórais uisce agus don luach taitneamhachta a bhaineann le huiscí na hÉireann.