Seacht gcúraimí an tsléibhe ar 7Lá ach an beart déanta go snasta acu

Ba thathagach an uair an chloig go leith a chuir Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil dúinn faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an mheitheal cúrsaí reatha os cionn a buille

Seacht gcúraimí an tsléibhe ar 7Lá ach an beart déanta go snasta acu

Ní fhéadfaí éalú Dé Máirt ón gcomóradh 20 bliain ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.  Bhí meithleacha na Nuachta agus 7Lá luite amach orthu féin. Clár speisialta uair an chloig ag 7Lá agus an bheirt láithreoirí i mbun oibre, Eibhlín Ní Chonghaile buailte fúithi sa gcathaoir i mBaile na hAbhann agus Máirín Ní Ghadhra seolta ó thuaidh. Ba thathagach an uair an chloig í agus léiríodh, mar a dhéantar ar laethanta buiséid agus olltoghcháin, an mheitheal cúrsaí reatha i mbarr a maitheasa agus os cionn a buille.

Bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar Áine Ní Ghallchóir bhocht agus ceithre mhír á soláthar aici; an chéad dhá mhír don Nuacht agus dhá mhír do 7Lá.   

I gcaitheamh an uair an chloig go leith seo deineadh dreasanna cainte le Bríd Rodgers, Máirín Hurndall, Ciarán Ó Pronntaigh, Seán Farren, Déaglán De Bréadún, Póilín Ní Chiaráin

Ian Malcolm, Ursula Ní Shabhaois, Alastair Mac Aindreasa agus Conall Ó Corra. A léargas agus a gcuimhní féin acu ar fad.  Ba chorraitheach agus ba chuimsitheach an éachtaint a tugadh dúinn ar an mbóthar atá curtha dínn againn ó bhí na Trioblóidí faoi bharr lasrach.

Bhíos an-tógtha leis an bpaiste cainte a dhein Mac Aindreasa, fear a rugadh i 1972. Labhair sé go hionraic agus go tomhaiste faoin bhforéigean a bhí timpeall air agus é ag fás aníos. Ar shlí níor thuig sé cé chomh hait is a bhí sé go dtí gur stop sé. D’admhaigh sé go raibh saol an fhoréigin an-mhealltach dóibh siúd a bhí suas ag an am ach nach raibh sé féin ‘calma go leor’ le tabhairt faoi.

Is agallamh le Gerry Adams a chur an dlaoi mhullaigh ar an gclár. Níor chuir Adams, ná Máirín Ní Ghadhra a bhí á chur fé agallamh, aon fhiacail ann. Go deimhin, dhein Adams na fiacla a dhrannadh maidir leis an DUP á rá go raibh biogóidí sa pháirtí riamh; antoiscigh nach féidir a shásamh. Lena chois sin mhaígh sé nach ceannaire láidir í Arlene Foster agus í faoi bhos an chait ag Feisirí Westminster an pháirtí.

Cé go raibh deacrachtaí ag Adams é féin a chur in iúl i nGaeilge, go háirithe agus Máirín ag dul sa tóir air faoina cheangal leis an IRA, d’éirigh leis na cosa a thabhairt leis agus ba scúp a bhí ann don stáisiún. De bharr go raibh an t-agallamh réamhthaifeadta bhí deis ann fotheidil a chur leis, rud a mheall lucht féachana níos leithne, b’fhéidir.    

Ní díomhaoin a bhí lucht na Nuachta ar RTÉ ach an oiread agus Caitríona Perry seolta ó thuaidh mar a ndearna sí paistí cainte le Bertie Ahern, Arlene Foster agus Michelle O’Neill. Thug Ray Kennedy siar bóithrín na smaointe sinn agus bhí tuairisc dheas ag Tony Connolly óna fhód dúchais i gcathair Dhoire.

I gcaitheamh an tráthnóna bhí na cnáimhseáin cniotáilte leis an gceiliúradh óir go bhfuil na páirtithe in adharca a chéile agus an comhthionól fós ar scor. Léirigh Tommy Gorman na deisbhéalaíochta amhras faoi acmhainn na glúine óige breac na síochána a choimeád ar an bport.

Fág freagra ar 'Seacht gcúraimí an tsléibhe ar 7Lá ach an beart déanta go snasta acu'