Seacht gcinn de sheaicéid fómhair idir €40 agus €165

Seaicéad ar dhath neodrach a bhí ónár gcomhfhreagraí le go bhféadfadh sí é a chaitheamh mar chuid d’fheisteas ar bith

Seacht gcinn de sheaicéid fómhair idir €40 agus €165

Anois teacht an fhómhair, bhí fonn orm seaicéad deas nua a cheannacht dom féin. Ní raibh oiread leithscéalta ag duine a bhí ag obair ón mbaile le míonna móra fada feisteas nua a fháil, ach tá daoine ag filleadh ar ionaid oibre le tamall anuas.

Bhí mé ag smaoineamh ar dhath sách neodrach sa gcaoi gurbh fhéidir é a chaitheamh mar chuid d’fheisteas ar bith.

Seo cuid de na cinn a thaitin liom. Idir €40 agus €165 na praghasanna.

Seaicéad gluaisrothaí ar dhath liath ó New Look (€49.99)

Tá seaicéid gluaisrothaí á gcaitheamh ag go leor againn chuile fhómhar. Is féidir feisteas simplí a dhéanamh faiseanta go héasca leis an dearadh seo. Is maith liom an dath deas geal agus an svaeid mar mhalairt ar an seaicéad dubh leathair a bhíonn i gceist go hiondúil.

 

Seaicéad deinime dubh ó River Island (€65)

Ní féidir dul amú le seaicéad deinime mar rogha agus is maith liom an stíl saghas difriúil atá ar an gceann seo. Tá sé giortaithe ag an mbásta agus tá muinchillí bolgacha air. Seo ceann a thaitneoidh le duine ar bith atá tuirseach den ghnáthsheaicéad deinime.

 

‘Leaicéad’ fada ó H&M (€49.99)

‘Leaicéad’ an leagan Gaeilge a cumadh anuraidh in oifig Tuairisc.ie ar an bhfocal ‘shacket’, an ball éadaigh sin atá leath bealaigh idir léine agus seaicéad. Is breá liom an gearradh simplí fada agus nua-aimseartha ar an gceann seo a bhfuil fabraic dheas ar dhath dubh agus bán air. Tá praghas an-réasúnta ar an gceann seo ó H&M agus é ar fáil i ndath an bhéasa agus i seicear gorm freisin.

 

Bléasar déanta as línéadach ar dhath an chorcra ó Topshop (€68)

Bheadh an bléasar álainn éadrom seo thar cionn le t-léine agus jíons. Is breá liom féin seaicéad foirmeálta le héadach eile neamhfhoirmeálta. Tá an fhabraic agus an dath éadrom an-mhaith don séasúr seo.

 

‘Leaicéad’ eile déanta as olann ar dhath burgúnach ó & Other Stories (€129)

An dath álainn burgúnach an rud is mó a thaitin liom faoin gceann seo agus tá an stíl atá i gceist go mór sa bhfaisean faoi láthair. Tá caighdeán iontach ann mar a bhíonn ag an siopa seo i gcónaí. Margadh maith ar an bpraghas sin.

 

 

Seaicéad le pócaí móra ó Zara (€39.95)

An dath is mó a mheall mé chuig an gceann seo freisin. Tá an dath liathghorm sin neamhchoitianta go maith agus is breá liom na pócaí móra agus na cnaipí blaosc toirtíse. Cadás orgánach atá sa gceann seo.

 

 

Seaicéad deinime ar a dtugtar ‘Sherpa’ ó Levi’s (€165.99)

Más seaicéad clasaiceach deinime atá uait tá an ceann seo ó Levi’s ar fheabhas ar fad. Bíonn caighdeán iontach sna hearraí ón mbranda cáiliúil deinime seo i gcónaí. Tá casadh beag sa cheann seo a meabhródh an fhabraic ann Sherpa do dhuine.

Fág freagra ar 'Seacht gcinn de sheaicéid fómhair idir €40 agus €165'