Seacht bpéire buataisí troma téagartha faiseanta don gheimhreadh

Tá seacht bpéire buataisí roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí ar phraghsanna idir €25 agus €200

Seacht bpéire buataisí troma téagartha faiseanta don gheimhreadh

Buataisí troma téagartha ar a dtugtar ‘chunky boots’ i mBéarla atá go mór sa bhfaisean faoi láthair. Deirtear go gcuireann na buataisí seo casadh ‘fearúil’ reibiliúnach ar fheisteas ‘banúil’ ar nós gúna síos go colpa.

Is cosúil nach bhfuil tú i dtiúin leis an bhfaisean is nua-aimseartha ar chor ar bith mura bhfuil péire breá láidir de na buataisí seo cois na leapa agat. Ar aon nós, tá sciob sceab orthu sna háiteanna sin a ndíoltar bróga faoi láthair.

Tá na buataisí le fáil idir an saor agus an daor ag brath ar a bhfuil d’airgead le caitheamh agat. Idir €25 agus €200 an péire atá an bailiúchán atá roghnaithe anseo agamsa.

 

Buataisí Chelsea ó & Other Stories ar €149

Bíonn buataisí iontacha ag & Other Stories i gcónaí agus ní haon eisceacht iad na cinn seo. Beidh tú i do réalta faisin agus iad seo ort agus tú breá compordach freisin leis an mbarr leaisteach atá orthu. Tá siad seo le fáil i ndath glas freisin.

 

Buataisí sa stíl ar a dtugtar ‘101’ ó Dr Martens ar €179

Tá an branda cáiliúil seo ag cur buataisí ar fáil le breis agus trí scór bliain dóibh siúd gur maith leo an stíl ‘reibiliúnach’. Coinneoidh siad seo duine te teolaí agus faiseanta ar feadh an gheimhridh.

 

Buataisí Chelsea ó H&M ar €27.99

Bheadh na buataisí seo thar cionn don duine nach bhfuil iomlán cinnte faoin stíl nua seo. Tá siad an-simplí agus clasaiceach ach fós téagartha, trom. Agus féach nach bhfuil ach €27.99 orthu.

 

Buataisí iallacha ó Dunnes Stores ar €24.60

Seo an leagan is saoire a d’aimsigh mé den stíl nua seo agus cé nach mbeidís ar an gcaighdeán céanna le Dr Martens ní hiad is measa. Is féidir iad a fháil in dhá dhath eile, bán agus burgúnach.

 

Buataisí sála arda ó Zara ar €49.95 

Tá sála arda troma ar na cinn seo agus uachtar i stíl ‘stocaí’. Coinneoidh siad seo fuacht agus fliuchán uait le linn shéasúr na gheimhridh.

 

Buataisí leathair Chelsea ó COS ar €195

Seo bróga áille faiseanta ó COS le bonn trom, téagartha agus iad déanta as leathar. Seo an péire is daoire a roghnaigh mé ach nach álainn ar fad ó thaobh stíle na cinn an-chlasaiceach seo? Infheistíocht mhaith do na blianta romhainn.

 

Buataisí siúlóra ó Vagabond ag Officer ar €108

An cineál bróige a chaitheann siúlóirí a spreag an dearadh seo lena bhonn breá téagartha. Stíl ‘fhearúil’ atá ar na cinn seo ó Vagabond agus iad ag cloí leis an téama reibiliúnach. Cinnte bheidís go deas le gúna banúil.

Fág freagra ar 'Seacht bpéire buataisí troma téagartha faiseanta don gheimhreadh'