Seachain lucht an drochmhisnigh agus ná caoin an bainne atá doirte – 15 leid don dalta atá ag tosú na hArdteiste inniu

Tá an lá mór tagtha agus tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch. B’fhéidir gur dheacair aon steamar staidéir a dhéanamh aréir, ach tá a fhios agat i bhfad níos mó ná a cheapann tú…

Seachain lucht an drochmhisnigh agus ná caoin an bainne atá doirte – 15 leid don dalta atá ag tosú na hArdteiste inniu
  1. An bhfuil trealamh uilig an scrúdaithe agat, plaicín le n-ithe, deoch le n-ól? An bhfuil clár ama an scrúdaithe agat sa mbaile, an t-am a dtosóidh sé agus bealach chun na scoile agat?
  2. Seachain lucht an drochmhisnigh agus ná caoin an bainne atá doirte. Tá a fhios agat i bhfad níos mó ná a cheapann tú inniu agus is iomaí sin bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh le him.
  3. An bhfuil tú ag aireachtáil tinn? An bhfuil tinneas nó éalang éigin a d’fhéadfadh cur as duit ag an scrúdú? An bhfuil aon trioblóid nó aon údar imní ag tarlú sa mbaile? Má tá bí cinnte go gcuireann tú údaráis na scoile ar an eolas agus cuirfidh siadsan Coimisiún na Scrúduithe ar an eolas. Má tá tú faoi chúram dochtúra faigh teastas. Tá sin tábhachtach agus is fiú é.
  4. A mhná óga má bhíonn sibh ag fáil bháis le crampaí míostraithe i lár scrúdaithe, bíodh pé cógas a oibríonn daoibh agaibh agus cuirigí rúnaí scrúduithe do scoile ar an eolas roimh ré ionas  go mbeifear tuisceanach má bhíonn oraibh sos a ghlacadh.
  5. An cleas is mó a thuillfeas marcanna duit? An páipéar a léamh! Bíodh aibhsitheoir nó peann daite agat agus marcáil gach mír den cheist. Is beag is fiú freagra iontach foirfe a thabhairt ar leath den cheist agus an leath eile a fhágáil amach. Is minic cuid de cheist ar an taobh eile den leathanach, ach í a chuardach.
  6. Roinn do chuid ama. Má bhíonn  ceithre cheist le déanamh agat i dtrí uair an chloig – níor chóir duit níos mó ná 40 nóiméad a chaitheamh ar aon cheist. Ní chúiteoidh an freagra iontach sin an cheist a haon an cheist nach mbeidh am agat a dhéanamh. Teastóidh an 20 nóiméad eile uait leis an bpáipéar a léamh go maith agus plean oibre a réiteach, nó b’fhéidir go mbeadh ort dul ag an leithreas.
  7. Tá a fhios agat féin faoin tráth seo na codanna den chúrsa is fearr a fheileann thú agus ní hé inniu an lá le tabhairt faoin rannóg sin nach ndearna sibh sa rang ar chor ar bith má bhíonn aon rogha eile agat.
  8. Nuair a deir an cheist ‘pléigh’ ní tuairimí ón ngaoth a bhíonn uathu de ghnáth ach tuairimí a bheidh bunaithe ar fhianaise ón staidéar. Is tairbhí duit ó thaobh marcanna trí chúis (más sin a iarrtar) le fianaise ón saothar atá faoi chaibidil ná pointe iontach amháin agus dhá leathanach den scoth scríofa agat faoi.
  9. Ceartóidh an scrúdaitheoir a mbeidh ar do pháipéar. Mar sin, ná scrios aon fhreagra go dtí go mbeidh ceann níos fearr scríofa agat.
  10. Má bhíonn an t-am ag breith ort is fiú go mór na príomhphointí a bhreacadh síos ar do scrúdpháipéar, ceartófar iad go mion.
  11. Má fheiceann tú do chairde ag fágáil agus fonn diabhalta ort iad a leanúint, ól deoch uisce, cogain milseán agus breathnaigh arís ar do pháipéar.
  12. Má bhíonn an halla scrúdaithe rófhuar, róthe nó an iomarca torainn ann, bí cinnte go gcuireann tú é sin in iúl don scoil agus don fheitheoir.
  13. Ná fág aon bhileog de do chuid oibre ar an deasc, cuir gach giota isteach le do pháipéar.
  14. Tá tú maraithe tuirseach, tá scrúdú eile romhat tar éis lóin/amárach, gabh amach ag siúl, ag éisteacht le ceol deas agus seachain an post mortem. Tá do chuid oibre sa mála mór agus níl aon fheabhas le cur agatsa air.
  15. Téigh a chodladh in am anocht. Tá an chéad lá thart! Cuir dallóga dorcha ar an bhfuinneog, cuir cluasáin ort más gá agus cuir fainic ar mhuintir an tí gan a bheith ag marú a chéile go maidin. Codladh an ghaiscígh chugat, tá sé saothraithe go maith agat. Níor chaill duine an mhisnigh riamh é.

Fág freagra ar 'Seachain lucht an drochmhisnigh agus ná caoin an bainne atá doirte – 15 leid don dalta atá ag tosú na hArdteiste inniu'