Seachain an nuacht, agus tóg go bog é ar feadh tamaill…

Ní foláir fiú do Leo Varadkar féin éirí as a bheith ag cíoradh gach cor agus casadh i scéal léanmhar an choróinvíris ar feadh scaithimh gach lá…

Seachain an nuacht, agus tóg go bog é ar feadh tamaill…

An Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: Aidan Crawley/EPA-EFE

Níor chuir an Taoiseach fiacail ann agus léargas ar chontúirt an choróinvíris á thabhairt aige ina óráid bheo teilifíse Lá Fhéile Pádraig. Dúirt sé go dtiocfadh borradh faoi leathadh an ghalair agus gur chreid an rialtas go mbeadh 15,000 duine ar a laghad ionfhabhtaithe ag an ngalar faoi dheireadh na míosa.
Bhuailfeadh an galar a thuilleadh daoine ina dhiaidh sin.

Faoi láthair, tá an chuma ar chomhaireamh leanúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach mbeidh a gcuntas ag deireadh na míosa ag teacht le tuar an Taoisigh, a bhuí le toil an phobail a nósanna oibre agus maireachtála a shrianadh chun stop a chur le leathadh an víris. Faraor, ní hionann sin agus a rá go bhfuil an tír slán ón uafás atá feicthe cheana féin ag muintir na hIodáile agus na Spáinne go háirithe. Is údar imní ar leith é gur comhalta d’fhoireann na seirbhíse sláinte é/í duine as gach ceathrar a thóg an galar go dtí seo.

Tá an scéal agus an léargas araon chomh gruama nach aon iontas é gur mhol Leo Varadkar do dhaoine sos a ghlacadh ón nuacht gach lá. Go deimhin, tá cúrsaí ag dul chomh mór sin chun donais gur féidir a bheith cinnte go mbeidh siad níos measa is cuma cén t-achar a mhaireann an faoiseamh.

Bhí ciall chomh maith leis an gcomhairle eile a thug Leo Varadkar san óráid chéanna:

Faisnéis a fháil ó fhoinsí iontaofa.

Faisnéis a lorg ag amanna áirithe i rith an lae.

Fíricí a lorg seachas ráflaí agus míchruinneas.

Aird a thabhairt ar fhoinsí eolais amhail an HSE agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, WHO.

Ní gá glacadh le comhairle go léir an Taoisigh chun leas suntasach agus suaimhneas a bhaint aisti. Ní foláir do gach duine stuama, fiú scríbhneoir cráite an cholúin seo, iarracht a dhéanamh éirí as a bheith ag cíoradh gach cor agus casadh i scéal léanmhar an choróinvíris ar feadh scaithimh gach lá.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcuireann Leo láimhseáil fheachtas an stáit in aghaidh an choróinvíris i leataobh ó am go ham, toisc go bhfuil gnó suntasach eile ar a chlár oibre.

D’eisigh Fine Gael agus Fianna Fáil comhráiteas Dé Céadaoin inar fhógair siad go raibh dlús á chur acu le cainteanna ar bhunú comhrialtais, agus ar aontú clár rialtais go háirithe.

Ní raibh aon locht ar an gcomhráiteas ach amháin nach raibh aon tagairt ann don phríomhdheacracht atá ina bac i gcónaí ar chomhréiteach rialtais eatarthu. Ní bheidh sé ar a gcumas rialtas seasmhach (má ghlactar leis nach n-athróidh na Glasaigh a ndearcadh ar dhul i gcomhrialtas leo) murar féidir leo margadh a dhéanamh le dháréag Neamhspleách ar a laghad, nó le meascán de neamhspleáigh agus Teachtaí Dála Pháirtí an Lucht Oibre nó na Daonlathaigh Shóisialta.

Tá rialtas ‘náisiúnta’, ina dtabharfaí deis do gach páirtí agus grúpa i dTeach Laighean a bheith páirteach, á chur as an áireamh ag Fine Gael agus Fianna Fáil i gcónaí. Is léir, fós, áfach, nach bhfuil ach buntáiste amháin ag baint le bunú rialtais dá leithéid.

Rialtas náisiúnta an rialtas is achrannaí a d’fhéadfaí a chur ar bun, agus dá mbunófaí a leithéid ba é an cineál rialtais ba dheacra a choinneáil ag imeacht. Is é sin, ba é an cineál rialtais ba dheacra a choinneáil ag imeacht seachas gach cineál eile rialtais atá á phlé faoi láthair (gabhaim buíochas agus leithscéal le Winston Churchill).

Iarnóta: Gach uair beagnach a ritear reachtaíocht faoi dheifir san Oireachtas (mar a tharla Déardaoin agus Dé hAoine), aimsítear laige nó locht reachtúil éigin i gcás cúirte tar éis tamaill sna cúirteanna. Ach ní bheidh an tOireachtas reatha ábalta reachtaíocht a rith ná a leasú ón Luan, dá ghéire an riachtanas, toisc nach mbeidh an Taoiseach ábalta aon Seanadóir déag a ainmniú go mbeidh móramh Dála ann.

Múineann gá seift, a deirtear, ach níl seift maidir le comhrialtas aimsithe fós i dTeach Laighean a réiteodh an fhadhb mhór seo.

Fág freagra ar 'Seachain an nuacht, agus tóg go bog é ar feadh tamaill…'