Sé mhí ó shin is beag duine a shíl go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint…

Tá cúrsaí an chogaidh ag dul i dtreo na sáinne agus gach seans go mbeidh an Úcráin á cosaint féin ó ionróirí go ceann i bhfad 

Sé mhí ó shin is beag duine a shíl go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint…

Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl le níos mó ná sé mhí anuas. Cá seasann cúrsaí maidir le dul chun cinn an ionraidh agus cad iad na rudaí atá le foghlaim maidir le cumas míleata an dá thír?

Tá trí chúige beagnach go iomlán faoi sheilbh na Rúiseach: Kherson, Zaphorizhia agus Luhansk, agus tá níos mó ná leath de Chúige Donetsk agus cuid de Chúige Kharkiv gafa acu chomh maith. 

Is ionann sin agus níos mó ná 20% de thalamh na hÚcráine. Tá a smacht ar chúige Zaphorizhia agus cúige Kherson á dhaingniú ag na Rúisigh trí chórais riaracháin, trádála agus oideachais na Rúise a thabhairt isteach agus tuairiscítear go bhfuil na Rúisigh ar tí an dá chúige a ionghabháil.

Ag tús an ionraidh leag Roinn Cosanta na Rúise ceithre aidhm amach: ‘dí-Naitsiú’ a dhéanamh (rialtas nua a chur in áit an rialtais dhlíthiúil), dímhíleatú a dhéanamh, cosc a chur ar mhéadú Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) agus seilbh iomlán a ghlacadh ar cheantar Donbas.  

Ach tá an rialtas céanna fós i gcumhacht san Úcráin, tá i bhfad níos mó saighdiúirí faoi arm agus níos mó trealamh míleata sa tír ná mar a bhí roimh an gcogadh, tá an Fhionlainn agus an tSualainn ar tí a bheith mar bhallstáit de NATO agus tá beagán níos lú ná leath de chúige Donetsk (cuid den Donbas) faoi sheilbh na hÚcráine fós. 

Is beag duine a bhí ag súil go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint. Mheas na Rúisigh go mbeadh seilbh glactha acu ar phríomhchathair na hÚcráine laistigh de thrí lá tar éis thús an ionraidh ach bhí na hÚcránaigh in ann an fód a sheasamh timpeall Kyiv. Rinne siad an beart céanna timpeall Kharkiv, an dara cathair is mó sa tír agus an ceann is gaire do theorainn na Rúise. 

Ach bhí deacrachtaí acu dul chun cinn na Rúiseach a stopadh i Donbas. Mar sin féin tá moill curtha ar an dul chun cinn seo faoi láthair. Chaill siad cúige Kherson go luath sa chogaidh agus tá iarrachtaí á ndéanamh acu an chuid seo den tír athghabháil.

Cumas Míleata Arm na Rúise

Tá níos mó gunnaí móra ag an Rúis ná aon tír eile ar domhan. D’éirigh leo an chumhacht sin a úsáid nuair a thosaigh siad ag seoladh ionsaithe fíochmhara airtléire. Rud a rinne siad go han-éifeachtach in Donbas, beag beann ar an slad a rinneadh ar mhuintir, ar chathracha, agus ar bhailte an cheantair. Ina theannta sin bhí siad in ann na hionsaithe airtléire a chomhordú le hionsaithe coisithe ar an talamh chun níos mó talún a ghabháil. 

Cé go raibh deacrachtaí meanman ag arm na Rúise, cé gur léirigh cuid dá n-aonaid easpa smachta agus cé go ndearna siad ainghníomhartha, d’éirigh leo dul i mbun cath coisithe go diongbháilte ar an talamh in Donbas. Meastar gur maraíodh thart ar 200 saighdiúir gach lá le linn an chatha chun seilbh a ghlacadh ar Severodonetsk ach ina ainneoin sin léirigh siad go raibh teacht aniar iontu chun an aidhm sin a bhaint amach.

Meastar go raibh níos mó ná 2,500 tanc ag na Rúisigh roimh an gcogadh agus idir 6,000 agus 10,000 tanc coimeádta i dtaisce acu. Is é seo an fórsa tancanna is mó ar domhan ach ní raibh siad in ann a gcuid tancanna a úsáid chun dul i bhfeidhm ar na láithreacha cogaidh. Tá roinnt cúiseanna leis an teip seo. Ní raibh an trealamh frithdhiúracáin atá feisithe ar an gcuid is mó dá dtancanna ag feidhmiú i gceart. Tá locht ar dhéantús roinnt dá dtancanna toisc go gcoimeádtar sliogáin sna túiríní rud a chiallaíonn go bpléascann siad go héasca. 

Bhain fórsaí de chuid na hÚcráine an-úsáid as diúracáin agus gunnaí fritancanna chun tancanna agus feithiclí armúrtha de chuid na Rúise a scrios. Meastar go bhfuil thart ar 1,000 tanc caillte ag na Rúisigh, rud atá deimhnithe ag an bhfoinse oscailte Oryx. 

Ach is í an phríomhchúis le teip na bhfórsaí tancanna ná nach raibh trúpaí na Rúise in ann iad a chomhordú le hionsaithe airtléire, ionsaithe coisithe agus ionsaithe ón aer chun na deiseanna a thapú nuair a bhí an buntáiste acu le linn cathanna.

Cé go bhfuil an dara haerfhórsa is mó ar domhan ag na Rúisigh (níos mó ná 4,000 scairdtrodaire) ní raibh siad in ann an chumhacht sin a úsáid go héifeachtach sna láithreacha cogaidh ach oiread. 

Gan amhras, bhí baint ag an teip seo leis an gcaoi inar úsáid na hÚcránaigh a ndiúracáin frith-aerárthaí ghearr-raoin agus an chaoi ina bhfuil aerfhórsa na Rúise eagraithe chun tacaíocht a thabhairt do thrúpaí ar an talamh. Ach is léir nach raibh an traenáil ná an taithí ag an aerfhórsa chun comhordú a dhéanamh le hionsaithe coisithe. 

Ní raibh Cabhlach na Mara Duibhe thar mholadh beirte ach oiread. Cuireadh long cheannais an chabhlaigh go tóin poill agus bhí ar thrúpaí de chuid an chabhlaigh oileán na Nathrach a thréigean tar éis dóibh é a ghabháil go luath sa chogadh. Theip ar an gcabhlach ionsaí ón bhfarraige a sheoladh chun seilbh a ghlacadh ar Odessa. Theip ar an gcabhlach, atá freagrach as bunáiteanna míleata na Crimé, na bunáiteanna céanna a chosaint le déanaí. Mar gheall ar na teipeanna seo tugadh bata agus bóthar d’ardcheannasaí an Chabhlaigh an tseachtain seo caite. 

Nuair a bhog na Rúisigh i dtreo chathair Kyiv ní raibh córas soláthair cuí eagraithe acu toisc gur cheap siad go mbeadh an cath thart laistigh de thrí lá. Dhírigh na hÚcránaigh a n-ionsaithe ar na línte soláthair agus bhí tionchar nach beag ag na hiarrachtaí seo ar chinneadh na Rúise tarraingt siar ón gcath. Ní raibh na deacrachtaí céanna acu sna láithreacha cogaidh timpeall Kharkiv agus Donbas toisc go raibh línte soláthair daingne acu, díreach ón Rúis féin. Tá na línte sin fós ann agus is léir nach bhfuil deacrachtaí acu sliogán airtléire agus armlón de gach saghas a chur ar aghaidh chuig an bhfronta.   

Cumas míleata Arm na hÚcráine

Ag tús an chogaidh bhí Arm na hÚcráine i bhfad níos laige ná Arm na Rúise go háirithe ó thaobh líon na n-aonad coisithe, tanc agus airtléire de. Ní raibh ach aerfhórsa an-bheag acu i gcomparáid le haerfhórsa na Rúise agus is deacair aon chomparáid a dhéanamh idir cabhlach na hÚcráine agus cabhlach na Mara Duibhe toisc nach bhfuil ach líon beag long ag na hÚcránaigh. 

Solúbthacht a gcuid teaicticí agus iad i mbun catha leis na Rúisigh ag tús an chogaidh an chúis gur éirigh leis na hÚcránaigh fórsa níos láidre ná iad a stopadh taobh amuigh de Kyiv, Kharkiv agus Chernihiv. Bhog siad go tapa o áit go háit chun diúracáin fritancanna a úsáid i gcoinne na línte soláthair. Rinne siad ionsaithe eile a tháinig aniar aduaidh ar na Rúisigh, go háirithe timpeall Kyiv. agus ní raibh na Rúisigh in ann bogadh chun tosaigh chomh tapa agus ba ghá chun an buntáiste a fháil sa choimhlint.

Bhí fórsa airtléire sách láidir ag na hÚcránaigh roimh an gcogadh agus ba é an fórsa seo a chuir an ruaig ar aonaid den scoth Arm na Rúise (na trúpaí aerbheirthe) in Hostomol, gar do Kyiv. ag tús an chogaidh. Ba iad na haonaid airtléire a stop na Rúisigh agus iad ag bogadh go han-tapa ó Kherson go Mykolaiv san iardheisceart chun aghaidh a thabhairt ar chalafort Odesa. 

Ach bhí ar fhórsa airtléire na hÚcráine dul in iomaíocht le fórsa i bhfad ní ba láidre i Donbas agus mar gheall air sin d’ídigh sé an chuid is mó dá sean-armlón. 

Tá an fórsa ag brath níos mó ar ghunnaí móra agus armlón ó thíortha an iarthair anois. In ainneoin go ndearna trúpaí coisithe de chuid na hÚcráine cosaint dhiongbháilte le linn an chuid is mó de na cathanna in Donbas, níl straitéis éifeachtach frith-airtléire forbartha ag na hÚcránaigh agus níl an trealamh cuí frith-airtléire acu chun níos mó cosanta a thabhairt dá gcuid fórsaí coisithe ar an talamh faoi láthair.

Bhí thart ar 900 tanc ag na hÚcránaigh ag tús an chogaidh ach bhí drochbhail ar roinnt acu. De réir Oryx chaill siad níos mó ná 240 tanc le linn an chogaidh go dtí seo. De réir na foinse céanna ghabh siad thart ar 287 tanc ó fhórsaí na Rúise agus fuair siad níos mó ná an méid a bhí caillte acu ó thíortha in oirthear na hEorpa. 

Ach mar gheall ar fhad an fhronta atá á chosaint acu níl ach líon beag tancanna acu, iad roinnte idir na haonaid éagsúla sna láithreacha cogaidh éagsúla. Níl sé léirithe ag na hÚcránaigh go bhfuil sé ar a gcumas fórsa tancanna a chomhchruinniú agus a chomhordú le fórsa coisithe chun tionchar a imirt ar an chogadh go dtí seo.

Bhí aerfhórsa an-bheag ag an Úcráin roimh an gcogadh, ní raibh ach breis is 120 scairdtrodaire acu. Meastar gur cailleadh idir trian agus leath de na scairdtrodairí le linn an chogaidh agus ní raibh na hÚcránaigh in ann ach líon beag sean-scairdtrodairí a fháil ina n-áit. 

Is gaisce de shaghas éigin é go bhfuil an t-aerfhórsa ag feidhmiú fós, ach mura bhfaigheann siad scairdtrodairí nua ní beidh mórán tionchair ag an aerfhórsa ar dhul chun cinn an chogaidh. 

Léamh ar dhul chun cinn an chogaidh as seo amach

Mairfidh an chuid is mó de sholáthairtí míleata na Rúise go ceann i bhfad. Toisc nach bhfuil mórán teicneolaíochta nua i ngnáth-armlón, sliogáin airtléire mar shampla, beidh siad in ann gnáth-armlón a mhonarú agus a chur in áit an armlóin a ídeofar sa chogadh. 

Beidh tionchar ag na smachtbhannaí ar an trealamh atá feistithe leis an teicneolaíocht is nua-aimseartha, amhail diúracáin threoraithe, agus beidh ar na Rúisigh foinsí athsholáthair eile a aimsiú.

Cé go bhfuil deacrachtaí ag aonaid na Rúise saighdiúirí a chur in áit na saighdiúirí a cailleadh le linn an chogaidh (fiú anois tá gallóglaigh ag troid in Donbas) agus cé go bhfuil moill ar chathláin nua a earcú, seans go mbeidh na Rúisigh in ann na fadhbanna seo a réiteach le linn an gheimhridh seo chugainn. Beidh an rogha acu slógadh ginearálta a fhógairt chomh maith. 

Beidh na hÚcránaigh in ann cathláin nua a earcú, airm éadroma a thabhairt dóibh agus traenáil bhunúsach a chur orthu. Ach dá stopfadh tíortha an iarthair ag soláthar na n-arm trom b’ionann sin agus na hÚcránaigh a thréigean agus ní bheidís in ann leanúint le cosaint na tíre. Níl comharthaí ar bith ann go bhfuil sé seo ar tí tarlú.

Tá an chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil an dá fhórsa ag brath níos mó ar a gcuid acmhainní airtléire. Seachas ag tús an chogaidh, nuair a d’éirigh leis na hÚcránaigh bogadh go tapa chun ionsaithe a dhéanamh ar na Rúisigh timpeall Kyiv, níl fianaise ar bith ann faoi láthair go bhfuil sé ar chumas cheachtar den dá fhórsa bogadh sách tapa nuair atá buntáiste le fáil le linn cathanna.  

Tá cúrsaí ar an talamh ag dul i dtreo na sáinne. Cé go bhfuil talamh gafa ag an Rúisigh agus talamh eile athghafa ag na hÚcránaigh anseo is ansiúd, go ginearálta níl mórán athraithe ar an líne choimhlinte idir an dá fhórsa. Mura dtarlaíonn rud gan choinne, mar shampla ionsaí Rúiseach aduaidh nó cliseadh na Rúiseach timpeall Kherson san iardheisceart, leanfaidh cúrsaí mar atá siad faoi láthair go dtí teacht an gheimhridh. Ma tharlaíonn sé seo leanfaidh siad mar atá siad go dtí earrach na bliana seo chugainn. 

Seans go dtiocfaidh cúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta chun cinn le linn an gheimhridh ach leanfaidh an cogadh ar aghaidh mar chogadh airtléire agus cogadh tnáite go ceann i bhfad. 

– Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Sé mhí ó shin is beag duine a shíl go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint…'

  • JP

    Tuairisc ana-chríochnúil, ana-eolgaiseach, ana-dhomhain, ana-líofa. An rud is mó atá ag déanamh scime dom féin agus do scata eile ná: cad a thabharfadh ar an bpíothal teanntásach gan scrupall úd an cnaipe núicléach a bhrú?

  • Colin Ryan

    Cuntas cuimsitheach. Ní mór a aithint, áfach, gur lag í meanma na bhfórsaí Rúiseacha i gcónaí, nach bhfuil cuid mhaith dá n-oifigigh le moladh agus go bhfuil tuargaint uafásach á déanamh ag airtléire na hÚcráine (sin an rud is mó a chuireann eagla ar na Rúisigh, de réir na gcomhráite a idircheapadh). Ní hionann sin is a rá, ar ndóigh, go n-éireoidh leis na hÚcránaigh na réimsí a chaill siad a athghabháil ar fad. Is dócha go bhfuil an tUachtarán Zelensky beagán ró-dhóchasach.