Sé leabhar Gaeilge ainmnithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na Irish Book Awards

Seo an tríú bliain rannóg ar leith a bheith ag na gradaim litríochta agus í urraithe arís ag LoveLeabharGaeilge

Sé leabhar Gaeilge ainmnithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na Irish Book Awards

Tá an gearrliosta foilsithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post agus sé leabhar Gaeilge san iomaíocht ag Irish Book Awards na bliana seo.

Seo an tríú bliain rannóg ar leith a bheith ag na gradaim agus í urraithe ag LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.

Is iad na leabhair atá ainmnithe do dhuais na bliana seo ná Múscail a Ghiorria (Arlen House) le Eithne Ní Ghallchobhair; An Diabhal Déanta (Cló Iar-Chonnacht) le Joe Steve Ó Neachtain; Cur i gCéill le Celia de Fréine (LeabhairCOMHAR); Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde (Éabhlóid); Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac) agus Éadaoin le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac).

Grúpa moltóirí a roghnóidh an buaiteoir a fhógrófar ar an 25 Samhain.

Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird a bhuaigh an duais anuraidh.

Ba é Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson a bhuaigh an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana ag gradaim litríochta An Post in 2018, an chéad bhliain gur bronnadh í.

Fág freagra ar 'Sé leabhar Gaeilge ainmnithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na Irish Book Awards'