Sé bhuille faoi thuairim do 2015

Theastódh cruinneog chriostail chun imeachtaí nuachta na bliana atá romhainn a thuar agus níl a leithéid agam, ach is féidir tairngreacht nó dhó a dhéanamh faoin treo a mbeidh cúrsaí idirnáisiúnta ag dul. Sé bhuille faoi thuairim faoi 2015.

Sé bhuille faoi thuairim do 2015

Alex Graphic

Bheadh sé go deas cúpla tairngreacht dhóchasach a dhéanamh faoin mbliain atá díreach tosaithe, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil, ní raibh mórán sa bhliain atá díreach caite a thabharfadh tuar dóchais do dhuine.

Seo linn mar sin: sé cinn de thuairimí faoi scéalta a bheidh sna ceannlínte idirnáisiúnta in 2015.

Edward_Snowden

Tuilleadh spiadóireachta idirlín agus ríomhchoiriúlachta

Tá sé ráite agam cheana agus déarfaidh mé arís é: ní de thaisme é gur cuid den fhocal ‘idirlíon’ an focal ‘líon’. Tá a fhios agat, an uirlis sin a mbaineann iascairí úsáid aisti chun breith ar éisc.

Ó thosaigh Edward Snowden ag sceitheadh a chuid scéalta, tá a fhios ag an saol mór (nó ba cheart go mbeadh) go bhfuil na húdaráis in ann teacht ar rud ar bith a chuirimid ar líne má theastaíonn sin uathu.

Léiríonn heaiceáil ríomhairí Sony Pictures ag deireadh na bliana seo caite arís eile gur féidir le coiriúlaigh an rud céanna a dhéanamh.

Luíonn sé le réasún gur féidir a bheith ag súil le tuilleadh scanaill den chineál seo sa bhliain atá romhainn.

Ba dhuine réasúnta cúramach i gcónaí mé maidir leis na rudaí a labhraím ina dtaobh i dteachtaireachtaí ríomhphoist agus ar na meáin shóisialta. Ach ar feadh na mblianta, bhí an nóisean soineanta seo agam (agus ag cá bhfios cá mhéad eile againn) go mbeadh aon rud a scríobhfainn i nGaeilge ‘slán’.

Nóisean soineanta, cinnte. Riamh anall, bheadh an NSA nó dream ar bith eile a mbeadh suim acu ríomhphost rúndiamhrach i nGaeilge a léamh in ann aistritheoir a fhostú. Ach osclaíodh mo shúile ag deireadh na bliana seo caite.

Nílim ag iarraidh aon rud a bhaint ó dhea-obair an mheithil a bhí ag plé leis an togra agus, go deimhin, tá teanga mo chuntais féin athraithe go Gaeilge agam, ach chuir lainseáil an leagain Ghaeilge de sheirbhís ríomhphoist Gmail ag deireadh na bliana seo caite ar mo shúile dom i gceart nach teanga rúnda í an Ghaeilge.

Sábháilteacht san aer

An bhliain seo caite, tharraing trí thubaiste aeir ceannlínte ar feadh seachtainí ar fhad: dhá eachtra a bhain le Malaysia Airlines agus ceann eile, an tseachtain seo caite, a bhain le fo-chomhlacht den aerlíne sin, AirAsia. Bhí tubaistí eile ann, leis.

A gcúis féin ag gach ceann acu, ach ardaíonn a líon ceisteanna faoi shábháilteacht aerthaistil. Éileamh na bpaisinéirí (agus a dtoil íoc as) agus brú ó na húdaráis a chinnteoidh feabhas ó thaobh na teicneolaíochta agus na monatóireachta de; ionsaithe sceimhlitheoireachta – féach thíos.

Buamaí agus fir ghunna

Tar éis eachtraí sceimhlitheoireachta a tharlú i gCeanada agus san Astráil, dhá thír a shamhlaítear le suaimhneas agus síocháin go hiondúil, anuraidh, is féidir a rá nach bhfuil aon áit ar domhan a thuilleadh gur féidir eachtraí sceimhlitheoireachta a chur as an áireamh ann.

Cuid den saol í an sceimhlitheoireacht i réigiúin áirithe – an Meánoirthear, an Phacastáin agus an Afganastáin, an Nigéir. Tá an Rúis, an Bhreatain, an Fhrainc, an Spáinn agus roinnt tíortha eile cleachtach go maith ar an sceimhlitheoireacht freisin. Tá fadhb dá gcuid féin ag na Stáit Aontaithe le gunnaí.

Faoi láthair, tá na mílte trodaí ó thíortha san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh ag troid in aghaidh arm an Stáit Ioslamaigh. An leanfaidh na fir agus na mná óga seo lena réabhlóid phearsanta fhuilteach ar fhilleadh dóibh, ar shráideanna Bheirlín, Birmingham nó na Bruiséile? Gach seans go mbeidh freagra na ceiste sin againn in 2015.

18/6/2013 G8 Conferences In Ireland

An Rúis

Níl deireadh cloiste againn ó Vladimir Putin. Níl cóir na gaoithe leis faoi láthair – agus d’fhéadfadh sin a bheith contúirteach.

Tá na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm ag na Stáit Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach ar an Rúis mar gheall ar an gcaoi a gcuireann an tír sin isteach ar an Úcráin ag dul i bhfeidhm ar mhuintir na Rúise.

Ach tá pian agus fulaingt agus ‘sinne i gcoinne an domhain’ mar dhlúthchuid de shícé na Rúise agus ní bheadh sé deacair ar Putin teacht i dtír air sin – rud a chuireann imní ar chuid de na comharsana, an Eastóin, an Laitve agus an Liotuáin, mar a bhfuil cónaí ar mhionlaigh mhóra Rúiseacha, go háirithe. Gan trácht ar an Úcráin, ar ndóigh.

Níl an imní chéanna ar chomharsana eile (nó seans go bhfuil oiread faitís orthu gur cheapadar gurbh fhearr géilleadh láithreach.) Chuaigh an tAontas Eoráiseach i bhfeidhm ar an gcéad lá den bhliain seo: aontas eacnamaíoch agus polaitiúil ina mbeidh an Rúis, an Bhealarúis, an Chirgeastáin, an Chasacstáin, an Airméin agus an Táidsíceastáin ag obair as lámha a chéile. Má mheabhraíonn imlíne an Aontais Eoráisigh nua seo imlíne an Iar-Aontais Shoivéidigh duit, ní tú an t-aon duine.

Barack_Obama

‘Somos todos Americanos’

Dúirt Barack Obama rud éigin suimiúil nuair a d’fhógair sé, ag deireadh na bliana seo caite, go mbeadh gnáth-theagmháil idir na Stáit Aontaithe agus Cúba arís. ‘Is Meiriceánaigh muid ar fad,’ a dúirt sé.

An rud a bhí suimiúil faoi sin ná gur i Spáinnis a dúirt sé é. Teanga Chúba, ar ndóigh, ach an dara teanga is forleithne sna Stáit Aontaithe freisin agus teanga dream vótóirí atá níos tábhachtaí ná riamh i bpolaitíocht na tíre sin. Teanga í a theastaíonn ó stáit áirithe a bhfuil go leor Latinos ina gcónaí iontu a chur faoi chois.

Tá na scoilteanna idir pobail éagsúla na Stát Aontaithe níos feiceálaí faoi láthair ná mar a bhíodar ag aon am ó bhí na 1960í ann. Nach aisteach sin, agus uachtarán gorm sa Teach Bán atá sásta cúpla focal Spáinnise a labhairt go poiblí?

Inimircigh

Le seachtain anuas, fágadh os cionn míle inimirceach as an Meánoirthear agus as an Afraic ar longa lastais gar do chósta na hIodáile, gan stiúr.

Gach bliain, déanann na céadta míle inimirceach iarracht an Eoraip a bhaint amach ar bhealaí a chuireann a mbeatha i mbaol go minic. Níl na hacmhainní ag na ballstáit ar theorainneacha theas agus thoir na hEorpa dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonna seo ná níl sé cothrom go mbeadh na ballstáit eile ag súil go ndéanfaidís amhlaidh.

Fadhb í an ghéarchéim seo a bhaineann leis an Aontas Eorpach ar fad. Cogaí agus bochtanas i dtíortha dúchais na dteifeach seo is cúis léi ar ndóigh agus ba cheart díriú ar na bunchúiseanna sin, ach idir an dá linn ní mór don Eoraip tarraingt le chéile agus freastal ar na hinimircigh seo ar bhealach cóir agus daonna sula dtarlódh mórthubaiste.

Fág freagra ar 'Sé bhuille faoi thuairim do 2015'

  • Vitaly

    Cúpla focal mar gheall ar mo thír féin:

    Tá sé beagnach dodhéanta rud ar bith a thuar agus muid ar caint ó thaobh na Rúise de. Tá Uachtarán na tíre an-ghnóthach lena chuid aistear san am atá thart. Is breá leis dul go 1940-dí ó am go ham chun bua ar Hitler a cheiliúradh arís is arís. I gcoitinne, spreagann réimse Aontais na Sóivéadaigh go mór é. Taobh thiar de sin, téann sé go minic 19ú, 18ú, 17ú céad (agus i bhfad níos faide siar), ag cuardach rud éigin spioradalta agus spreagúil don naisiún agus dó féin. Duirt sé le gairid gur ón mbliain 988 i leith a bhfuil na Rúisigh i dteideal na Crime (Crimea). Ni raibh drogall ar bith ar Phutin dul chomh fada agus 1000 bliain siar – maith an jab, a Uachtaráin, a chara! Níl ach an fhadhb bheag ag baint le cur chuige sin – ní mhaireann an t-Uachtarán na Rúise san “aimsir láithreach”, mar sin ní thuigeann sé a thír agus an domhan sa lá ata inniu ann. Ni féidir leis nasc a thuiscint idir a chuid gníomharcha agus a n-impleachtaí. Is cosúil nach bhfuil puinn eolais aige cad a tharlóidh leis an tír mar thoradh dá chuid beart. Ní chloistear an focal “todhchaí” ina chuid oráidí le cúpla bliain anuas.

    Mar gheall ar an “Aontas Eoráiseach”: níl sé chomh dáiríre, a Alex, mar a scríobh tú. Níl Uachtaráin na dtíortha “iar-Sóivéadaicha” réidh ag obair le Putin “as lámha a chéile”, go háirithe tar éis na himeachtaí Ucráineacha. Bhí a lán idirbheartaíochta ag Uachtaráin na Bealarúise agus Casacstáine (gan Phutin) i Mí na Nollag. Ní dúirt Uachtaráin na hAirméine agus na Kyrgyzstaine focal ar bith i dtaobh “aontas eacnamaíoch agus polaitiúil” ina gcuid oráidí athbhliana. Ceapaim nach bhfuil in “Aontas Eoráiseach” ach bolgán na bhfocal eile séidte ag Putin. Is iad a leithéid de bholgáin an rud a éiríonn is fearr leis, chomh maith le himeacht ar an bhfán san am atá thart.

    Dála an scéil: dúirt Putin cúpla seachtain ó shin go gcaithfidh praghsanna ola chomh maith le ráta an rouble (airgeadra na Rúise atá tite beagnach 100% le linn Mí na Nollag) “léim ar ais”. Sin an méid a dúirt sé le mí anoas faoi thodhchaí na tíre agus faoi réiteach na bhfadhbanna eacnamaíocha.