Sé an dea-rún atá ag Geoff Thomas agus a chomrádaithe, ach sa gcás seo tá dul amú orthu

Go fiú dá n-admhódh Lance Armstrong a chionta nuair a ceistíodh ar dtús é níor cheart go ligfí i ngar ná i ngaobhar dá spórt arís é

Lance_Armstrong_2005

Tá dul amú ar an iar-imreoir sacair Geoff Thomas má cheapann sé gur oiriúnach an rud é go dtabharfadh Lance Armstrong camchuairt an Tour de France air féin  24 huaire fichead chun cinn ar na hiomaitheoirí cearta i mí Iúil seo chugainn.

Chonacthas cumas ceannais Thomas  ar pháirc na himeartha do Crystal Palace os cionn scór bliain ó shin nuair a bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a bhain Cluiche Ceannais Chorn an FA amach (1990), tráth ar  bhuaigh Manchester United orthu in athimirt agus nuair a d’imir sé ar fhoireann Shasana i gCraobh na hEorpa.

Faraor dó féin, deich mbliana ina dhiaidh sin agus é éirithe as, frítheadh amach go raibh leukemia ag dul dó agus dúradh leis nach mairfeadh sé ach trí mhí. Ach mar a rinne sé ar fhoireann Palace a chríochnaigh sa tríú háit i bPríomhroinn 1991 (an t-éacht ba mhó acu roimhe ná ó shin), léirigh Geoff Thomas a chrógacht agus a mhisneach agus é i ngleic leis an ngalar. Ní amháin gur tháinig sé as, ach ó shin tá formhór a shaothair caite aige leis an eagraíocht Cure Leukemia.

In imeacht dhá bhliain tar éis dó an dea-scéala a fháil ó na dochtúirí go raibh sé glan ar an ngalar, bhí an chamchuairt atá leagtha amach anois aige d’Armstrong déanta ag Thomas féin den chéad uair agus os cionn dhá mhilliún punt bailithe aige don eagraíocht.

Anois tá súil aige £1 milliún a bhailiú as an One Day Ahead Ride – déanfaidh sé féin, Armstrong agus ochtar déag eile an turas iomlán agus tá iar-imreoirí sacair eile ag tabhairt tacaíochta dá n-iarracht  – Ian Wright John Salako agus Mark Bright le n-áireamh orthu sin.

Gan dabht sé an dea-rún atá ag Geoff Thomas agus ag a chomrádaithe agus de ghnáth is dána an mhaise domsa agus do mo leithéid nach ndéanann tada a bheith á lochtú, ach sa gcás seo tá dul amú orthu.

Dála Thomas, tháinig Lance Armstrong é féin slán as an gcath a chuir ailse air agus bheadh meas agam ar an bhfearúlacht a ’spáin sé  lena linn. Ach tar éis na mblianta atá caite aige ag ceilt agus ag inseacht na mbréag faoin mbaint a bhí ag drugaí coiscthe leis an rath a bhí ar a shaol rothaíochta, níor cheart go dtabharfaí deis dá laghad dó a theacht i dtír as an bpoiblíocht atá ag dul le feachtas ar nós an chinn a bhfuil Geoff Thomas ina bhun.

De réir nádúir is nós liom a chuid peacaí agus a chuid fabhtanna a mhaitheamh do dhuine scafánta go leor – tar éis an tsaoil tá oiread acu ag baint liom féin agus atá le haon duine. Ach creidim go daingean nach bhfuil aon áit i gcúrsaí spóirt ag caimiléirí a bhíonn ag plé le drugaí agus tá mé sásta go mbaineann sin le gnóthaí taobh amuigh den iomaíocht, mar is amhlaidh sa gcás seo.

Go fiú dá n-admhódh Lance Armstrong a chionta nuair a ceistíodh ar dtús é níor cheart go ligfí i ngar ná i ngaobhar dá spórt arís é agus is é an scéal céanna é ag Tyson Gay, Asafa Powell, Marion Jones agus a leithéidí.

Cén teachtaireacht a tugadh do lúthchleasaithe a d’fhan glan ar dhrugaí agus a sheas lena gcumas agus lena gcuid allais féin nuair a scaoileadh ar ais san iomaíocht iad? Cén breithiúnas a bheas le baint as ag lúthchleasaithe óga agus ag páistí a bhí sáite i gCluichí Oilimpeacha Londan agus a bheas amhlaidh i Rio?

Ní móide go mbuafadh formhór na gcaimiléirí sin mórán boinn agus iad ligthe ar ais, ach tá go leor acu ag déanamh saothrú maith as an ainm agus as an gcáil a bhí orthu.

Níl sin, ná fiú maithiúnas tuillte acu. Ní bhfaighidh siad uaimse ar aon nós é.

Fág freagra ar 'Sé an dea-rún atá ag Geoff Thomas agus a chomrádaithe, ach sa gcás seo tá dul amú orthu'