Scrúduithe na hArdteiste le cur ar ceal agus cinneadh le déanamh faoina bhfuil i ndán do 61,000 scoláire

Tuairiscítear go dtabharfar deis do dhaltaí nach bhfuil sásta lena dtorthaí réamh-mheasta scrúdú traidisiúnta a dhéanamh amach anseo, sa bhliain úr, seans

Scrúduithe na hArdteiste le cur ar ceal agus cinneadh le déanamh faoina bhfuil i ndán do 61,000 scoláire

Tá scrúduithe na hArdteiste le cur ar ceal agus torthaí réamh-mheasta le tabhairt isteach ina n-áit.

Tuairiscíodh aréir go molfaidh an tAire Oideachais Joe McHugh ag cruinniú rialtais maidin inniu go gcaithfí i dtraipisí an plean na scrúduithe a reáchtáil an samhradh seo.

Pléifear ag an gcruinniú rialtais socruithe eile a d’fhéadfaí a thabhairt isteach in áit na scrúduithe traidisíunta a raibh sé i gceist iad a thosú ar an 29 Iúil.

Tuairiscítear go dtabharfar deis do dhaltaí nach bhfuil sásta lena dtorthaí réamh-mheasta scrúdú traidisiúnta a dhéanamh amach anseo, sa bhliain úr, seans.

Tá géillte cheana féin ag an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh sé “an-deacair go deo” teacht ar shocrú eile a thabharfaidh cothrom na Féinne do chách.

Tá ag géarú ar an mbrú atá á chur ar an Rialtas le tamall gan scrúduithe traidisiúnta na hArdteistiméireachta a reáchtáil i mbliana agus tá cinneadh le déanamh anois faoi conas is fearr measúnú a dhéanamh ar an 61,000 scoláire atá i ranganna Ardteiste 2020.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin sa Dáil inniu go raibh sé thar am ag an Rialtas a rá go soiléir le daltaí na hArdteiste cad atá i ndán dóibh.

Tá Fianna Fáil ag iarraidh go gcuirfí ar ceal na scrúduithe atá in ainm is tosú ar an 29 Iúil.

Agus pleananna eile á mheas, tá gráid réamh-mheasta ar cheann de na moltaí atá á bplé.

Fógraíodh cheana féin go gcuirfí tús le scrúduithe na hArdteiste ar an 29 Iúil ach mar gheall ar na himpleachtaí a bhaineann leis an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm sna hionaid scrúduithe tá éiginnteacht go leor ag baint le cúrsaí.

Bhí amhras ann chomh maith an bhféadfaí go praiticiúil na scrúduithe a reáchtáil agus cloí le comhairle sláinte phoiblí na tíre.

Tá éileamh déanta ag Fianna Fáil go gcuirfí na scrúduithe ar ceal ar mhaithe leis an “imní mhór” atá ar dhaltaí cheana féin a mhaolú.

Tá an t-éileamh céanna ag Neart le Chéile/Pobal Seachas Brabús agus ag na Daonlathaithe Sóisialta agus tá soiléiriú faoi reáchtáil na scrúduithe i mbliana á lorg ag Sinn Féín agus ag Páirtí an Lucht Oibre.

Fág freagra ar 'Scrúduithe na hArdteiste le cur ar ceal agus cinneadh le déanamh faoina bhfuil i ndán do 61,000 scoláire'