Scrúdú cainte na Gaeilge –  ‘amnesty’ do chách nó marcanna réamh-mheasta?

Tá ceardchumann an ASTI ag iarraidh go mbronnfaí lánmharcanna ar gach dalta sa tír sa scrúdú cainte Gaeilge don Ardteist, ach ní gach duine atá ar aon intinn leo

Scrúdú cainte na Gaeilge –  ‘amnesty’ do chách nó marcanna réamh-mheasta?

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá ceardchumann na múinteoirí, an ASTI, ag iarraidh go mbronnfaí lánmharcanna ar gach dalta sa tír sa scrúdú cainte Gaeilge don Ardteist i mbliana, ach tá tuairimí éagsúla faoin scéal ag múinteoirí Gaeilge agus saineolaithe oideachais.

Nuair a fógraíodh go raibh scrúduithe traidisiúnta ardteistiméireachta na bliana seo á gcur ar ceal agus córas marcanna réamh-mheasta á thabhairt isteach ina n-áit, cuireadh ar ceal chomh maith an cinneadh lánmharcanna a thabhairt do dhaltaí sna scrúduithe cainte agus praiticiúla i mbliana.

Tá an ASTI anois ag iarraidh go rachfaí siar go dtí an socrú a rinneadh i mí an Mhárta go mbronnfaí lánmharcanna ar gach duine sna scrúduithe sin.

Chuir príomhoide Gaeltachta amháin a labhair le Tuairisc.ie fáilte roimh an chinneadh go mbronnfaí marcanna réamh-mheasta ar dhaltaí ardteiste Gaeilge na bliana seo as a gcumas labhartha agus scríofa.

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin in Inis Meáin, go raibh sé tábhachtach go gcuirfí “luach” ar an líofacht atá bainte amach ag daltaí sa Ghaeilge.

“Má tá tú ag déanamh measúnú ar chumas teanga, tá an cumas labhartha fíorthábhachtach, go háirithe i gcás na Gaeilge. Tá luach ard ar an mbéaltriail sa nGaeilge, 40% den mharc iomlán agus ba cheart go ndéanfaí measúnú ar an ngné sin den scrúdú.”

Dúirt Ní Fhátharta gur “míbhuntáiste” a bheadh ann gan an scrúdú cainte a chur san áireamh sna marcanna réamh-mheasta do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, go háirithe daltaí nach mbeadh chomh láidir sin ó thaobh na Gaeilge scríofa de, nó daltaí a mbeadh deacrachtaí foghlama acu ach a bheadh an-láidir ó thaobh labhairt na Gaeilge.

“Faigheann gasúir sna scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lánGhaeilge marcanna arda sna scrúduithe cainte. Tá sé tábhachtach go mbeadh an scrúdú cainte mar bhuntáiste ag na daoine a labhraíonn an teanga go laethúil, ní hamháin muintir na Gaeltachta ach daltaí a bhaineann sárchumas amach sa teanga.

“Is cóir go mbeadh an t-aitheantas sin tugtha agus go dtabharfaí aitheantas don iarracht a dhéanann gasúir an teanga a labhairt,” a dúirt Mairéad Ní Fhátharta.

A mhalairt de thuairim a bhí ag múinteoir Gaeilge atá ag múineadh lasmuigh den Ghaeltacht.

Deir Gearóid Breathnach, atá ag múineadh na Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí, gur cheart go gcloífí leis an chinneadh 40% a thabhairt do gach dalta don scrúdú cainte Gaeilge.

“Tá sé an-deacair measúnú a dhéanamh ar an marc a d’fhéadfadh daltaí a fháil sa scrúdú cainte Gaeilge mar go ndéantar dul chun cinn millteanach sa tréimhse díreach roimh an scrúdú, go háirithe sa tsraith pictiúr, ar fiú aon trian é de na marcanna ar fad atá ar fáil sa scrúdú cainte Gaeilge.

“Ní hionann de ghnáth an marc a fhaigheann daltaí i scrúduithe cainte a bhíonn déanta acu roimhe seo agus an marc a gheobhadh siad san fhíorscrúdú cainte, mar sin ceapaimse gur cheart an 40% a fhágáil ag daltaí mar atá.”

Dúirt Breathnach gur chóir go mbeadh “amnesty maidir le teip” i mbliana ann i ngach ábhar mar gheall ar an strus ar leith atá ar dhaltaí ardteiste na bliana seo agus go mbeadh a leithéid i gceist sa scrúdú Gaeilge dá mbronnfaí 40% ar gach dalta sa scrúdú cainte.

Dúirt an saineolaí oideachais Fíona Uí Uiginn, IarUachtarán ar Ghaeloideachas agus iar-phríomhoide ar Choláiste Íosagáin, i mBaile Átha Cliath, nach ann don chinneadh a shásódh cách ach gur cheart deireadh a chur leis “an síorathrú”.

“Ó thaobh na scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge, bheadh sé níos fearr cinnte dá mbeadh an scrúdú béil á chur san áireamh sa mharc réamh-mheasta ach tá sé an-deacair ar thromlach na ndaltaí sa tír an céad faoin gcéad a bronnadh orthu

sna scrúduithe cainte agus praiticiúla a tharraingt siar anois.

“In ainneoin go bhfuil éagóir á déanamh ar dhaltaí sna scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, a mbeadh buntáiste acu go hiondúil sna scrúduithe cainte, is eisceacht í an bhliain seo. Tá sé an-deacair ar an Aire an cinneadh ceart a dhéanamh agus gach duine a shásamh, ach an rud is measa ar fad ná an síorathrú,” a dúirt Fíona Uí Uiginn le Tuairisc.ie.

Tá éileamh á dhéanamh ag an ASTI go mbronnfaí lánmharcanna ar dhaltaí na hardteiste i scrúduithe cainte agus praiticiúla i mbliana, mar a fógraíodh i mí an Mhárta, agus go ndéanfaí amhlaidh i gcás obair chúrsa in ábhair eile.

Dúirt Moira Leyden, Ard-Rúnaí Cúnta Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné nár cheart marcanna a bronnadh ar dhaltaí cheana a tharraingt siar.

“Tá gach rud déanta an-mhall agus tá na daltaí an-bhuartha ar fad,” a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh “easpa soiléireachta faoi stádas na scrúduithe béil” ina ábhar imní ag múinteoirí agus go raibh “coimhlint” san eolas atá á chur amach ag an Roinn Oideachais.

Fág freagra ar 'Scrúdú cainte na Gaeilge –  ‘amnesty’ do chách nó marcanna réamh-mheasta?'

  • Nuala

    Ceist agam: an gcuirfí an marc sin (sa Ghaeilge agus sna teangacha eile) san áireamh don CAO?
    Má tá sé i gceist go gcuirfí conas a thabharfadh sin cothrom na Féinne do dhaltaí nach ndéanann ach teanga amháin le béaltriail don Ardteist (nó fiú nach ndéanann aon teanga mar sin) agus daltaí eile a dhéanann níos mó?

  • Seán

    Ní aontóinn leis an amnesty ar chor ar bith. Tá na leaids is fearr agamsa i mbliana. Má fhaigheann gach duine 40% sa bhéaltriail,ní gá dóibh ach 40% den 60% atá fágtha sa scrúdú a fháil chun H2 a fháil!! Sin grád C nó H4 sa scrúdú scríofa/éisteachta agus bheadh go leor leor daltaí in ann é sin a fháil..níl sé seo cothrom do na leaids is fearr..roinnt acu thar cionn ach ar an imeall idir H2 is H1..bheadh sé i bhfad Éireann níos cothroime dá mbeadh ar gach múinteoir a dtuairimí féin/ a marcanna féin a thabhairt / a bhronnadh i gcás gach cuid den scrúdú . Bímid i gcónaí ag smaoineamh ar na daltaí laga ach ní mór smaoineamh ar na daltaí maithe freisin ,a rinne sár- obair i rith na mblianta.