Scríobh d’Aeinéid nó do Leabhar Gabhála pearsanta féin!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Cleachtadh scríbhneoireachta a chuirfidh ar chumas an scríbhneora ficsean a scríobh atá fréamhaithe go daingean ina shaol féin

Scríobh d’Aeinéid nó do Leabhar Gabhála pearsanta féin!

An lá cheana agus mé i mo shuí ar bhinse i bpáirc mhór i gcathair Madrid, thóg mé amach mo leabhar nótaí agus mo pheann. Gan choinne, scríobh mé ceann de na píosaí is tábhachtaí dár scríobh mé riamh. Ní dóigh liom go gcuirfeadh aon fhoilsitheoir spéis ann; ní raibh aon fheabhas liteartha ag baint leis.

Ach bhí an mhír chéanna ríthábhachtach dom féin, mar dhuine agus mar scríbhneoir.

Dírbheathaisnéis mhiotaseolaíoch a thabharfainn ar an bpíosa a scríobh mé. 

Is éard a spreag é ná cupán caife a d’ordaigh mé an mhaidin sin i bpríomhchathair na Spáinne, i bPortaingéilis, an teanga a labhraítear sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm le breis is deich mbliana anuas. Tá an Spáinnis agus an Phortaingéilis cosúil a ndóthain le go dtuigfí mé gan stró, ach níorbh é sin ba chúis leis an mearbhall a tháinig orm tar éis dom an caife a ordú ach gur chosúil gur mheas an fear a rinne an caife dom gur as an mBrasaíl mé. Bhuail ceist bhunúsach idir an dá shúil mé: cé mé féin dáiríre?

Ag cíoradh na ceiste sin a bhí mé agus mé ag siúl tríd an bpáirc. Nuair a shuigh mé síos ar an mbinse úd, peann le páipéar agam, tháinig an freagra amach ina ráig.

‘Tháinig mé ar an saol i bhfoisceacht scread asail de choill mhór Baduhenna, áit ar bhuail mo shinsir ar thaobh mo mháthar buille cinniúnach ar na Rómhánaigh sa bhliain 28,’ a thosaigh an píosa. Sna leathanaigh a lean, chuaigh mé siar ar stair mo mhuintire, ar an dá thaobh, chomh fada siar agus a bhí mé in ann a shamhlú. 

Samhlú, go deimhin. Ficsean a bhí á scríobh agam, dírbheathaisnéis mhiotaseolaíoch, m’Aeinéid nó mo Leabhar Gabhála na hÉireann pearsanta féin.

Scríobhadh na heipicí sin, ar píosaí ficsin iad bunaithe ar fhíricí stairiúla, d’fhonn féiniúlacht a thabhairt do phobal na Rómhánach agus do phobal na nGael, faoi seach. Feictear dom gur fiú go mór do scríbhneoir ar bith tabhairt faoina dírbheathaisnéis mhiotaseolaíoch féin, le go dtuigfidh sé i gceart cé hé féin, cad as dó, agus, dá bharr sin, cén dearcadh atá aige ar an saol. 

Cé gurb é jab an scríbhneora an saol a shamhlú trí shúile dhaoine eile is í an fhírinne shearbh (agus ceann de na paradacsaí is mó a bhaineann le ceird na scríbhneoireachta) ná nach féidir le duine ar bith breathnú ar an saol ach trína dhá shúil féin. Ní bhíonn súile ar foluain sa spás; bíonn ceann, corp agus cosa ag teastáil uathu le go bhfeicfidh siad an domhan agus go ndéanfaidh siad é a mheas. Bíonn ar na cosa sin seasamh in áit éigin.

An scríbhneoir a thuigeas cá bhfuil a ionad amhairc pearsanta féin, ní scríobhfaidh sé ficsean, filíocht nó go deimhin tuairimíocht a bhíos ar foluain sa spás.

Más scríbhneoir thú nó más suim leat an scríbhneoireacht, bain triail as an gcleachtadh scríbhneoireachta seo: scríobh do dhírbheathaisnéis mhiotaseolaíoch féin. Lean ginealach do mhuintire ar an dá thaobh agus téigh chomh fada siar leis an scéal agus a ligeann do shamhlaíocht duit a dhul. Bí ionraic. Píosa ficsin a bheidh in eipic d’fhéiniúlachta, ach bíodh sí bunaithe ar fhíricí stairiúla.

Fág freagra ar 'Scríobh d’Aeinéid nó do Leabhar Gabhála pearsanta féin!'