GAILEARAÍ / Ollghailearaí Oireachtas na Gaeilge 2025 i mBéal Feirste
Sean Ó Mainnín
Tháinig na Gaeil ina sluaite go cathair Bhéal Feirste i gcomhair Oireachtas na Samhna. Súil siar le grianghraif. Pictiúír: Seán Ó Mainnín mura ndeirtear a mhalairt
Tháinig na Gaeil ina sluaite go cathair Bhéal Feirste i gcomhair Oireachtas na Samhna. Súil siar le grianghraif. Pictiúír: Seán Ó Mainnín mura ndeirtear a mhalairt
Ócáid ar leith a bhí i mBronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana i Halla na Cathrach i mBéal Feirste agus beirt aíonna speisialta ansin: Dáithí Mac Gabhann a thuill clú agus cáil de bharr Dlí Dháithí maidir le deonú orgán agus Uachtarán nuathofa na hÉireann, Catherine Connolly
Bhí gliondar agus bród ar mhuintir iarthar Chonamara nuair a bhuaigh a bhfoireann, Carna-Caiseal, Cluiche Ceannais Chontae na Gaillimhe in aghaidh Bhaile Liam i Staid an Phiarsaigh, i nGaillimh Dé Sathairn tar éis cluiche crua a chuaigh go ham breise. Pictiúír: Seán Ó Mainnín
I Maigh Cuilinn atá Corn Cuimhneacháin Frank Fox tar éis don fhoireann an lámh in uachtar a fháil ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach i ndianchluiche ceannais i Staid an Phiarsaigh, Dé Sathairn. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Bhí údar díomá ag foireann An Spidéil Dé Domhnaigh seo caite. Bhí craobh idirmheánach an chontae beagnach ag foireann na Gaeltachta i dTuaim murach an cúl cinniúnach a scóráil An Chealtrach. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar Bódléar, le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac ag mórbhronnadh dhuaiseanna foilsitheoireachta an OIreachtais sa Taibhdhearc an Mháirt seo caite. Is ar 'Éanna Corr' le hAntain Mac Lochlainn a bronnadh Gradam Réics Carló, foilsithe ag Leabhar Breac agus bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar 'Tír Bheag', aistrithe ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Barzaz. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Sheol iarchraoltóir RnaG Máirtín Tom Sheáinín CD nua d'amhráin Áine Durkin 'Amhráin Áine' i dTí Mhichael Jeaic, Eanach Mheáin, i gConamara, an Domhnach 14 Meán Fómhair seo caite. D'éist an slua deas a bhí bailithe isteach le cuid de na hamhráin agus le togha na gceoltóirí a bhí ann chomh maith. Pictiúir: Mike Shaughnessy
Eagraíodh ócáidí Gaeilge go leor d'Oíche Chultúir. I nGaillimh tugadh léacht de chuid Fhéile na bhFlaitheartach in ómós do na scríbhneoirí as Árainn Liam agus Tomás. D'eagraigh ealaíontóirí Cúl an Tí seisiúin sceitseála don phobal in Amharclann Chois Fharraige. Bhí céilí ag an tSeanchéibh sa Spidéal, agus ar an Domhnach bhí ceolchoirm mhór An Garraí Glas sna Creagáin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, infheistíocht €3.1 milliún do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad don tréimhse 2025-28 ag ócáid in Óstán an Glenroyal, Maigh Nuad. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Bhí lá iontach ag muintir Chorca Dhuibhne i bPáirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí Dé Domhnaigh nuair a fuair a bhfoireann caide an ceann is fearr ar an bhFosadh i gcluiche ceannais idirmheánach Chiarraí i bPáirc Aibhistín de Staic ar an Domhnach. Chloígh neart agus díocas fhir na Gaeltachta fir An Fhosaidh. Bhí Seán Ó Mainnín i láthair lena cheamara do Tuairisc